Tá muinín ag muintir na hÉireann as mórbhrandaí nuachta i gcónaí ach tá siad ag cailleadh muiníne as nuacht go ginearálta, de réir na Tuarascála bliantúla ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2026, a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán inniu (16.06.2026).
Léirítear sa Tuarascáil go deir 42% de mhuintir na hÉireann go mbíonn muinín acu as an nuacht formhór an ama, ar laghdú é ón 51% anuraidh. Tá an méid is lú muiníne ag an aoisghrúpa 18–24 bliana (33%) as an nuacht, agus an méid is mó (52%) ag an aoisghrúpa 65+. Tá níos mó muiníne ag muintir na hÉireann as an nuacht ná mar atá ag muintir na Ríochta Aontaithe ag 31%, SAM ag 26% agus na hEorpa ar an meán ag 36%.
Cé gur tháinig laghdú ar an muinín atá ag muintir na hÉireann as an nuacht, tá muinín acu as mórbhrandaí nuachta i gcónaí. Is iad Nuacht RTÉ agus an raidió áitiúil na foinsí nuachta a bhfuil an méid is mó muiníne ag muintir na hÉireann astu – deir 71% d’fhreagróirí an tsuirbhé gurb iad seo na foinsí nuachta is iontaofa. Ina dhiaidh sin tá nuachtáin áitiúla (69%), The Irish Times (69%) agus The Irish Independent (68%).
Príomhthreocht eile i dTuarascáil na hÉireann i mbliana is ea níos mó daoine ag seachaint na nuachta. Nuair a cuireadh ceist sa suirbhé cé acu a dhéantar nó nach ndéantar iarracht an nuacht a sheachaint, dúirt 47% de mhuintir na hÉireann go ndéanann. Tá an figiúr sin níos airde ná mar a bhí riamh in Éirinn, i gcomparáid le 41% anuraidh.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Gach bliain, tugtar deis dúinn leis an Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann sos a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar thírdhreach na meán, agus tuiscint níos fearr a fháil ó phobal na hÉireann ar an dóigh a mbíonn siad ag léamh na nuachta, ag bhreathnú uirthi, ag éisteacht léi, á sruthú agus ag plé léi.
“Tugtar léargas iontach i dTuarascáil na bliana seo ar na tionchair atá i bhfeidhm i gcóras casta scoilte na nuachta. Cé go gcuireann an lucht féachana agus éisteachta in Éirinn suim sa nuacht i gcónaí, tá laghdú mór tagtha ar an muinín atá acu as an nuacht trí chéile, ach tá muinín acu fós as na mórbhrandaí nuachta. Spreagtar muid freisin leis na tuairimí dearfacha a nochtann muintir na hÉireann faoi na meáin seirbhíse poiblí, agus 42% a deir go bhfuil tionchar dearfach acu ar an saol sa tír seo. Tá sé seo dhá phointe céatadáin déag níos airde ná mar atá sa Ríocht Aontaithe (30%), agus sé phointe céatadáin níos airde ná mar atá san Eoraip ar an meán (36%).
“Is mian le Coimisiún na Meán tírdhreach meán a fhorbairt agus a chaomhnú, tírdhreach ar féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as. Táimid fíorbhuíoch den spéis leanúnach a chuireann lucht féachana na hÉireann sa nuacht, agus de réir na dtorthaí is gá aird leanúnach a thabhairt ar inbhuanaitheacht earnáil na meán, na litearthachta sna meáin, agus ról athraitheach na n-ardán agus na dteicneolaíochtaí maidir le timpeallacht na meán nuachta a mhúnlú. Ó ár róil féin de, leanfaidh An Coimisiún ar aghaidh ag tacú le tírdhreach na meán in Éirinn, trí infheistíocht a dhéanamh sa tuairisceoireacht ardchaighdeáin lenár Scéimeanna Iriseoireachta agus tríd an bpobal a spreagadh níos mó ná na ceannlínte amháin a léamh agus clicmhealladh a aithint ar líne lenár gcuid tacaíochta do thograí litearthachta sna meáin.”
Déanann Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht ag Ollscoil Oxford taighde don Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach, agus cuireann Institiúid DCU um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí (FuJo) anailís ar shonraí na hÉireann ar fáil.
Áirítear le príomhthorthaí na Tuarascála i mbliana:
Spéis sa nuacht – Tá an spéis sa nuacht in Éirinn fós láidir má chuirtear i gcomparáid le Tuarascáil na bliana seo caite í. Deir 54% de mhuintir na hÉireann go bhfuil ‘spéis as cuimse nó an-spéis’ acu sa nuacht, ar laghdú é ón 70% a dúirt amhlaidh le linn thréimhse COVID in 2021. I gcomparáid leis sin, deir 48% de mhuintir SAM go bhfuil ‘spéis as cuimse nó an-spéis’ acu sa nuacht, 44% de mhuintir na hEorpa ar an meán, agus 37% sa Ríocht Aontaithe.
Iontaoibh as an nuacht – Tríd is tríd, tá níos mó iontaoibhe ag lucht féachana agus éisteachta na hÉireann i gcomparáid le tíortha eile. Nuair a fiafraíodh díobh an mbíonn muinín acu as an nuacht formhór an ama, dúirt 42% de na freagróirí in Éirinn go mbíonn, i gcomparáid le 31% sa Ríocht Aontaithe, 26% i SAM agus 36% de mhuintir na hEorpa ar an meán. Ar ábhar eile, agus foinsí nuachta á meas, deir 51% go bhfuil muinín acu as na foinsí nuachta a úsáideann siad féin. Tá muinín ag 42% an phobail as ‘formhór na nuachta’, tá muinín ag 31% as an nuacht ó innill chuardaigh, tá muinín ag 16% as an nuacht ó na meáin shóisialta agus tá muinín ag 14% as an nuacht ó bhotaí comhrá IS.
Muinín as brandaí – Éiríonn go hiontach le soláthraithe traidisiúnta nuachta nuair a chuirtear ceist ar lucht féachana agus éisteachta na hÉireann faoin muinín atá acu as brandaí. Is iad Nuacht RTÉ (71%), an raidió áitiúil nó réigiúnach (71%), agus nuachtáin áitiúla nó réigiúnacha (69%) na foinsí is mó muinín i measc an phobail. Dúirt 69% de fhreagróirí in Éirinn gur féidir brath ar The Irish Times, agus 68% i gcás The Irish Independent.
Seachaint Nuachta – Tá muintir na hÉireann ag seachaint na nuachta níos mó ná riamh faoi láthair. De réir Thuarascáil na bliana seo, deir 47% de mhuintir na hÉireann go ndéanann siad iarracht an nuacht a sheachaint, ar méadú sé phointe céatadáin é ó anuraidh. Deir 22% nach seachnaíonn siad an nuacht riamh, ar laghdú é ón 28% anuraidh.
Na Meáin Seirbhíse Poiblí – Ceist nua i dTuarascáil na bliana seo. Nuair a cuireadh an cheist an mbíonn tionchar dearfach nó diúltach ag an nuacht a sholáthraíonn craoltóirí seirbhíse poiblí ar an saol sa tír – dúirt 42% d’fhreagróirí in Éirinn go mbíonn tionchar dearfach aici, agus 20% a dúirt go mbíonn tionchar diúltach aici. Bhí na haoisghrúpaí is óige níos mó ar son na meán seirbhíse poiblí ná na haoisghrúpaí eile, agus 49% d’fhreagróirí idir 18–24 bliana d’aois agus 50% d’fhreagróirí idir 25–34 bliana d’aois a dúirt go mbíonn tionchar dearfach ag an gcineál nuachta sin ar an tír.
Foinsí Nuachta – Nuair a cuireadh an cheist cén t-ardán atá mar phríomhfhoinse nuachta acu, luaigh 31% d’fhreagróirí in Éirinn an teilifís, agus luaigh an céatadán céanna an t-idirlíon (seachas na meáin shóisialta). Níor luadh foinsí nuachta níos nua ar nós podchraoltaí (2%) agus botaí comhrá IS (1%) chomh minic céanna mar phríomhfhoinse nuachta.
Íoc as an Nuacht – De réir an Tuarascála íocann 22% de mhuintir na hÉireann as an nuacht anois, suas ó 9% deich mbliana ó shin in 2016. Nuair a cuireadh ceist ar fhreagróirí in Éirinn cén fáth ar íoc siad as an nuacht ar líne, dúirt 39% go n-íocann siad aisti chun ábhar úsáideach a fháil nach féidir leo teacht air ar aon bhealach eile, agus dúirt 38% chun tacú leis an iriseoireacht toisc go gceapann siad go bhfuil sé tábhachtach don tsochaí.
Aimsiú Nuachta – Nuair a cuireadh an cheist cén t-ardán meán sóisialta a úsáideann siad chun nuacht a aimsiú, a léamh, a fheiceáil, a roinnt nó a phlé le seachtain anuas, sa chás go ndéanann siad sin, luaigh 33% d’fhreagróirí in Éirinn Facebook, 27% WhatsApp, 26% YouTube, 23% Instagram, 15% TikTok agus 11% X.
Bréagfhaisnéis agus Mífhaisnéis – Nuair a lorgaíodh a gcuid tuairimí faoin nuacht ar líne, dúirt 71% d’fhreagróirí in Éirinn go bhfuil imní orthu maidir le céard atá fíor agus céard atá bréagach ar líne, ar méadú é ón 68% anuraidh.
Ag labhairt faoin Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2026, Dúirt an tOllamh Jane Suiter, Stiúrthóir Institiúid DCU um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí: “Cé gur ábhar imní é an laghdú ar an muinín as nuacht, léirítear i suirbhé na bliana seo go bhfuil muinín ag daoine go fóill as mórbhrandaí, ár gcraoltóir náisiúnta stáit san áireamh. Chomh maith leis sin, leagann an muinín láidir as soláthraithe áitiúla béim ar thábhacht na nuachta réigiúnaí sa tír.
“Ag FuJo DCU, oibrímid le comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí chun dul i ngleic le díobhálacha digiteacha, cur le rannpháirtíocht phoiblí agus todhchaí nuachta ardcháighdeáin a dhaingniú – téamaí atá ag éirí níos tábhachtaí sa lá atá inniu ann. Is údar buartha é go bhfuil seachaint nuachta ag ardú, agus tá an figiúr níos airde ná mar a bhí riamh, le beagnach leath de na daoine a ghlac páirt sa tsuirbhé ag rá go mbíonn sé de nós acu an nuacht a sheachaint.”