Gach Nuacht

Tá tuairimí á lorg ag Coimisiún na Meán maidir le forbairt na chéad Chóid cheangailtigh um Shábháilteacht ar Líne in Éirinn

Foilsithe ar

11,07,2023

SPRIOCDHÁTA SÍNTE: Tar éis iarratais a fháil ó eagraíochtaí tionscail agus na sochaí sibhialta, tá sé comhaontaithe ag an gCoimisiún síneadh a chur leis an spriocdháta. Is é Dé Luain 4 Meán Fómhair 2023 an spriocdháta nua le haghaidh aighneachta.

Tá Coimisiún na Meán, an rialtóir nua meán agus gníomhaireacht forbartha meán in Éirinn, ag lorg tuairimí ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara eile chun bonn eolais a chur faoin gcéad Chód ceangailteach um Shábháilteacht ar Líne in Éirinn. Tá sé beartaithe go mbeidh béim ar sholáthraithe seirbhísí ardáin comhroinnte físeán sa chéad Chód Sábháilteachta ar Líne agus go gcinnteofar go gcuirfidh siad bearta i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar dhíobhálacha ar líne i mbealach níos éifeachtaí.

Tá príomhfhreagracht ar an gCoimisiúin, a bunaíodh i mí an Mhárta 2023, chun caighdeáin, rialacha, agus cóid a bhunú do na cineálacha éagsúla seirbhísí meán agus seirbhísí ábhartha ar líne atá i mbun gnó in Éirinn. San áireamh anseo tá an fhreagracht maidir le Cód Sábháilteachta ar Líne a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Inniu (11.07.23) sheol an Coimisiún Glao ar Ionchuir, dar teideal Sábháilteacht ar Líne – An Chéad Chód Ceangailteach um Shábháilteacht ar Líne in Éirinn do Sheirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán a Fhorbairt. Táthar ag súil go mbaileofar réimse leathan tuairimí leis an nGlao ar Ionchuir chun cabhrú le forbairt cóid a bheidh oiriúnach don fheidhm, agus cuirfidh siad bonn eolais faoin dréacht-chód don chomhairliúchán foirmiúil níos deireanaí i mbliana.

Arsa an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne, Niamh Hodnett: “Ar cheann na de príomhdhualgais atá ar an gCoimisiún tá forbairt có(i)d sábháilteachta ar líne do sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán (VSPS). San áireamh anseo tá seirbhísí meán ar líne agus aipeanna ar a roinntear físeáin ó úsáideoirí agus ar a mbreathnaítear orthu, páistí agus daoine óga san áireamh.  Tá sé i gceist againn go mbeadh béim ar sholáthróirí VSPS sa chéad Chód Sábháilteachta ar Líne, ag cinntiú go dtugann siad aghaidh ar dhíobhálacha ar líne i mbealach níos éifeachtaí.

“Táimid anois ag lorg ionchur ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara eile faoin mbealach ar cheart dúinn an chéad Chód Sábháilteachta ar Líne in Éirinn a fhorbairt. Déantar iniúchadh ar fhéidearthachtaí an Chóid inár gcáipéis maidir leis an nGlao ar Ionchuir agus leagtar amach réimse ceisteanna ar mhaith linn go ndéanfadh daoine machnamh orthu. Beidh ról tábhachtach ag na freagraí seo agus muid ag iarraidh fadhbanna agus eolas a shainaithint ar cheart a thógáil san áireamh agus an Cód á fhorbairt. Ina dhiaidh seo, foilseoimid dréacht-Chód, agus beidh deis ag daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl faoinár moltaí faoi leith le linn an chomhairliúcháin phoiblí ar an dréacht-Chód. Ansin, cuirfear an Cód i gcrích agus i bhfeidhm ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán. Tá sé fíorthábhachtach don Choimisiún cód nua a thabhairt isteach a láidríonn rialáil ardáin comhroinnte físeán agus a laghdaíonn go suntasach na díobhálacha féideartha a bhaineann le físeáin ar líne do pháistí agus daoine óga.”

Agus ullmhúchán ar siúl d’fhorbairt an Chóid Sábháilteachta ar Líne, tá comhairliúchán ar siúl ag an gCoimisiún chomh maith maidir le Straitéis nua Comhlíontachta Ríomhthráchtála (á fhoilsiú inniu freisin). Chomh maith leis sin, tá sé i gceist aige Coiste Comhairleach Óige a bhunú agus tá taighde ar bun ar dhíobhálacha ar líne.

Sna míonna amach romhainn, ainmneoidh an Coimisiún na hardáin chomhroinnte físeán a bheidh faoi scóip chreat rialála an Choimisiúin maidir le sábháilteacht ar líne.

Dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremy Godfrey: “Is céim thábhachtach é an Glao ar Ionchuir i dtreo fhorbairt na chéad Chóid cheangailtigh um Shábháilteacht ar Líne in Éirinn. Is mian linn réimse leathan tuairimí a bhailiú chun cabhrú linn cód atá soiléir, inoibrithe agus láidir de réir dlí a fhorbairt, chomh maith le daoine a chosaint ó dhíobháil ar líne agus cloí le cearta daonna, an ceart Saoirse chun Tuairimí a Nochtadh san áireamh. Iarraimid ar dhuine ar bith a bhfuil spéis aige sa réimse seo a bheith páirteach agus bonn eolais á chur faoi fhorbairt an Chóid thábhachtaigh seo trí aighneacht a dhéanamh mar chuid den Ghlao ar Ionchuir.”

Tá cáipéis maidir leis an nGlao ar Ionchuir agus sonraí maidir le haighneacht a dhéanamh ar fáil anseo. An spriocdháta d’aighneachtaí ná 16 Lúnasa 2023 ag 5pm.

CRÍOCH

Sonraí teagmhála do na meáin: Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications, Fón: 087-9881837 / 087- 753 0255.

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Tá an Cathaoirleach Feidhmiúcháin, Jeremy Godfrey, ar fáil le haghaidh agallaimh, ach é a iarraidh.
  • Is féidir beathaisnéisí na gcoimisinéirí a fháil anseo
  • Is féidir íomhánna na gcoimisinéirí a fheiceáil anseo.

Maidir le Coimisiún na Meán:

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Coimisiún a chéad phlean oibre, atá ar fáil anseo.

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin, agus faoi láthair tá Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, Coimisinéir Forbartha na Meán, agus Coimisinéir Craolacháin ann.