Gach Nuacht

Leagann Coimisiún na Meán pleananna amach chun sábháilteacht ar líne a fheabhsú agus chun earnáil na meán in Éirinn a rialáil agus tacú léi

Foilsithe ar

20,06,2023

Inniu, leag Coimisiún na Meán, rialtóir meán agus gníomhaireacht nua na hÉireann um fhorbairt na meán, amach a chlár oibre as seo go ceann naoi mí.

I measc na mbuaicphointí tá:

  • Den chéad uair, beidh oibleagáid a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí ar sholáthraithe seirbhíse ar líne céimeanna a ghlacadh chun an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte dúinn go léir
  • Leathnófar an rialachán chun seirbhísí ar éileamh chomh maith le teilifís thraidisiúnta a chlúdach, rud a léiríonn athruithe suntasacha ar nósanna féachana le blianta beaga anuas
  • Leathnófar an tacaíocht d’earnáil na meán i gcoitinne, le scéimeanna maoinithe d’iriseoireacht áitiúil, athbhreithniú ar sheirbhísí Gaeilge, agus straitéis chun Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú a chur chun cinn sna meáin
  • Fásfaidh an eagraíocht ó thart ar 50 ball foirne faoi láthair go dtí thart ar 160 sa chéad chéim den fhás

Dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremy Godfrey:

“Fadhb idirnáisiúnta is ea ábhar díobhálach agus neamhdhleathach ar líne. Is é an ról atá againn soláthraithe seirbhíse atá lonnaithe in Éirinn a rialáil, chun an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte do dhaoine anseo agus ar fud an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún  cód sábháilteachta ceangailteach ar líne chun aghaidh a thabhairt ar ábhar díobhálach ar ardáin comhroinnte físeán, agus cuirfimid an tAcht nua um Sheirbhísí Digiteacha an AE i bhfeidhm maidir le raon níos leithne díobhálacha. Beimid ag díriú go háirithe ar leanaí a choinneáil sábháilte. Oibreoimid go dlúth freisin lenár gcomheagraíochtaí i mballstáit eile an Aontais agus leis an gCoimisiún Eorpach ionas go dtabharfar cosaint d’úsáideoirí na hÉireann, cibé áit a bhfuil na soláthraithe bunaithe.”​

Thug an tUasal Godfrey faoi deara go mbeidh éifeacht láidir ag an gcód sábháilteachta ar líne agus ag an Acht um Sheirbhísí Digiteacha. Mura nglacann soláthraithe seirbhíse céimeanna iomchuí chun díobhálacha ar líne a laghdú, gearrtar fíneálacha suas le 10% nó 6% den láimhdeachas domhanda orthu faoi seach.

Ag labhairt dó faoin gcraoladh, dúirt an tUasal Godfrey:

“Tá nósanna féachana ag athrú go tapa. Tá an teilifís thraidisiúnta fós ina eispéireas náisiúnta comhchoiteann tábhachtach. Ach tá lucht féachana ag caitheamh níos mó dá gcuid ama ag breathnú ar ábhar trí sheirbhísí ar éileamh. Déanfaimid na rialacha maidir le craoltóireacht thraidisiúnta a thabhairt cothrom le dáta agus a chur in oiriúint ionas go mbeidh feidhm acu freisin maidir le físeáin ar éileamh, agus féachfaimid ar cheart rialacha a bheith ann a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ábhar seirbhíse poiblí a fháil ar chomhéadain úsáideoirí ar éileamh.”

Dúirt an tUasal Godfrey freisin go dtabharfadh Coimisiún na Meán faoi athbhreithniú ​ar sholáthar seirbhísí Gaeilge ar fud thírdhreach na meán, chomh maith le scéimeanna maoinithe nua a fhorbairt d’iriseoireacht áitiúil agus straitéis a fhorbairt chun Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú a chur chun cinn sna meáin.​

Mar fhocal scoir, dúirt an tUasal Godfrey:

“Tá Coimisiún na Meán fós sa chéim nuathionscanta. Táimid ag súil le bheith ag feidhmiú go hiomlán faoi thús 2024.​Is rud riachtanach é in aon sochaí dhaonlathach, ó thaobh bhunchearta an duine de, meáin chraoltóireachta agus ar líne a bheith ann a fheidhmíonn mar is cuí. Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhchoimisinéirí, páirtithe leasmhara sa tionscal agus grúpaí abhcóideachta chun coimisiún meán a fhorbairt a fhreastalaíonn i ndáiríre ar riachtanais mhuintir na hÉireann, agus na hEorpa.”​

Is féidir clár oibre tosaigh Choimisiún na Meán a fháil anseo.​ 

CRÍOCH  

Teagmháil: Joanne Ahern / Patricia Ryan, DHR Communications. Teil: 087-9881837 / 087-2412928.

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Tá an Cathaoirleach Feidhmiúcháin, Jeremy Godfrey; an Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, Niamh Hodnett; an Coimisinéir Forbartha Meán, Rónán Ó Domhnaill, agus an Coimisinéir Craolacháin, Celene Craig, ar fáil le haghaidh agallaimh, ach iad a iarraidh.
  • Is féidir beatháisnéisí na gcoimisinéirí a fheiceáil anseo.

Maidir le Coimisiún na Meán:

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin, agus faoi láthair tá Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, Coimisinéir Forbartha na Meán, agus Coimisinéir Craolacháin ann. Tá earcaíocht ar siúl faoi láthair le haghaidh Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha.