Oibleagáidí tionscail
Is é is aidhm don Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht méadú a dhéanamh ar raon úsáideoirí na dtáirgí agus na seirbhísí a chlúdaítear leis an Ionstraim trína ndéanamh níos inrochtana.
Príomhphrionsabail inrochtaineachta
Rud a rochtain, a thuiscint agus a úsáid
Maidir le rud a rochtain, a thuiscint agus a úsáid, is iondúil go mbaineann sin le conas a idirghníomhaíonn daoine le táirge nó seirbhís: ar dtús, faigheann siad rochtain air (druidim le agus brath); ar an dara dul síos, tuigeann siad é (tuiscint agus cinneadh); agus ar an tríú dul síos, úsáideann siad é (gníomhú nó frithghníomhú).
Dearadh uilíoch
Cur chuige is ea Dearadh Uilíoch chun inrochtaineacht agus úsáideacht a chur chun cinn i dtáirgí agus seirbhísí. Ciallaíonn dearadh uilíoch a bheith ag dearadh ionas gur féidir do tháirge nó do sheirbhís a rochtain, a thuiscint agus a úsáid:
- a mhéid is mó is féidir
- ar an mbealach is neamhspleáiche agus is nádúrtha is féidir
- sa réimse is leithne cásanna is féidir
- gan gá a bheith ann le hoiriúnú, modhnú, fearais chúnta ná réitigh speisialaithe
Inbhraite, Infheidhme, Sothuigthe agus Láidir (POUR)
Is é an tuiscint atá ar inrochtaineacht i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) ná a mhéid atá táirge nó seirbhís TFC inbhraite, infheidhme, sothuigthe agus láidir. Tugtar na prionsabail POUR orthu sin.
- Inbhraite – cuirtear ábhar i láthair ar bhealaí atá inbhraite ag cách
- Infheidhme – ní mór comhpháirteanna agus nascleanúint comhéadain úsáideora a bheith infheidhme
- Sothuigthe – ní mór an fhaisnéis agus feidhmiú an chomhéadain úsáideora a bheith sothuigthe
- Láidir – tá an t‑ábhar iontaofa agus comhoiriúnach le teicneolaíochtaí agus caighdeáin chúnta
Ceanglais inrochtaineachta agus ag ullmhú don chomhlíontacht
Leis na ceanglais inrochtaineachta, tugtar breac chuntas ar an méid nach mór d’oibreoirí eacnamaíocha a dhéanamh chun an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht a chomhlíonadh, ach ní shonraítear iontu conas nach mór déanamh amhlaidh le seirbhís. Fágann sin gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bheith nuálach sa dóigh a ndearann siad táirgí agus seirbhísí, gan a leagan amach conas is féidir comhréireacht a bhaint amach.
Cé go dtiocfaidh forbairt leanúnach ar threoir mhionsonraithe, is féidir le soláthraithe tosú ag ullmhú ach:
- Measúnú a dhéanamh ar ghnéithe inrochtaineachta reatha a seirbhísí
- Anailís ar bhearnaí a dhéanamh in aghaidh critéir comhlíonta feidhme
- Na caighdeáin atá ann cheana a cheadú amhail:
- EN 301 549 (Caighdeán Inrochtaineachta TFC)
- EN 17161 (dearadh do gach cur chuige)
- WCAG 2.1 i gcás inarb infheidhme le haghaidh comhéadain ghréasánbhunaithe
- Ról a thabhairt d’úsáideoirí faoi mhíchumas sa phróiseas tástála agus deartha
- A áirithiú go gcuirfear oiliúint ar fhoirne inmheánacha maidir le prionsabail agus ceanglais inrochtaineachta
Soláthrófar tuilleadh soiléire nuair a chuirfidh an Coimisiún Eorpach a phróiseas caighdeán comhchuibhithe i gcrích.
Ar chuid de na príomhcheanglais inrochtaineachta nach mór a mheas áirítear:
- Modhanna malartacha idirghníomhaíochtaí a sholáthar: faisnéis a chur ar fáil trí níos mó ná cainéal céadfach amháin
- Téacsanna malartacha le haghaidh ábhar nach téacs é: aon ábhar nach téacs é a fhorlíonadh tríd an ábhar sin a chur i láthair ar bhealach malartach
- Fotheidealú, tráchtaireacht fuaime agus ateangaireacht chomharthaíochta
- Faisnéis shoiléir agus shothuigthe: Ní mór faisnéis a sholáthraítear tríd an gcomhéadan a bheith soiléir, gonta agus scríofa i dteanga shoiléir. Is féidir freisin go mbeidh gá le leideanna amhairc agus éisteachta.
- Gnéithe fístaispeána inchoigeartaithe
- Comhoiriúnacht le teicneolaíochtaí cúnta: ní mór seirbhísí a dhearadh le hoibriú le teicneolaíochtaí cúnta a úsáidtear go coitianta
- Seirbhísí tacaíochta inrochtana: i gcás ina bhfuil fáil orthu, seirbhísí tacaíochta (deasca cabhrach, ionaid glaonna, tacaíocht theicniúil, seirbhísí athsheachadta agus seirbhísí oiliúna) lena soláthraítear faisnéis maidir le hinrochtaineacht na seirbhíse agus lena comhoiriúnacht le teicneolaíochtaí cúnta, i modhanna cumarsáide inrochtana
Leis an reachtaíocht, tugtar breac chuntas ar cheanglais inrochtaineachta bhreise lena sonraítear nach mór an méid seo a leanas a dhéanamh le seirbhísí trína soláthraítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc:
- eolairí leictreonacha clár (EPGanna) atá inbhraite, infheidhme, sothuigthe agus láidir a sholáthar agus faisnéis a sholáthar faoi infhaighteacht inrochtaineachta
- a áirithiú go mbeidh comhpháirteanna inrochtaineachta (seirbhísí rochtana) na seirbhíse meán closamhairc, amhail fotheidil do dhaoine bodhra agus daoine a bhfuil allaíre orthu, tráchtaireacht fuaime, fotheidil labhartha agus ateangaireacht chomharthaíochta, tarchurtha go hiomlán ar cháilíocht leordhóthanach le haghaidh taispeáint chruinn, agus sioncronaithe le fuaim agus físeán, agus foráil á déanamh chun go rialóidh úsáideoirí a dtaispeáint agus a n úsáid
Tá na ceanglais sin ailínithe leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht agus tugtar mionsonraí breise orthu i gCuid 3 agus Sceideal 1 de I.R. Uimh. 636/2023. Ach iad a chur chun feidhme, cuideofar lena áirithiú gur féidir le húsáideoirí ag a bhfuil riachtanais éagsúla ardáin AVMS a rochtain go héifeachtach agus plé leo.
I gcás nach dtugtar aghaidh go hiomlán ar fheidhm nó gné ar leith le ceanglais inrochtaineachta shonracha ar a dtugtar breac chuntas i Sceideal 1 de I.R. Uimh. 636/2023, ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha na Critéir Feidhmíochta Feidhmiúla ar a dtugtar cuntas i Sceideal 1 de I.R. Uimh. 636/2023 a chur i bhfeidhm, ar critéir iad lena n áirithítear inrochtaineacht níos leithne trí mhodhanna oibríochta malartacha.
Céimeanna i dtreo comhlíontachta
Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha tosú ag ullmhú do chomhlíontacht trí thabhairt faoi mheasúnú ullmhachta struchtúrtha. Moltar na gníomhartha seo a leanas:
- Athbhreithniú inmheánach: Iniúchadh críochnúil a dhéanamh ar na seirbhísí agus na comhéadain atá ann cheana chun na gnéithe agus na bearnaí inrochtaineachta atá ann cheana a shainaithint.
- Anailís ar bhearnaí: Na cumais atá ann cheana a chur i gcomparáid le ceanglais fheidhmiúla na reachtaíochta agus na gcaighdeán is infheidhme amhail EN 301 549.
- Rannpháirteachas úsáideoirí: Ról a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas i dtáirgí a thástáil agus a fhorbairt chun inúsáidteacht an tsaoil mar atá a áirithiú.
- Fothú acmhainneachta: Oiliúint agus acmhainní a sholáthar d’fhoirne inmheánacha chun feasacht agus scileanna a chothú maidir le hinrochtaineacht i gcás inarb iomchuí.
- Doiciméadacht: Doiciméadacht theicniúil, lena n áirítear tuarascálacha tástála inrochtaineachta agus amlínte cur chun feidhme, a fhorbairt agus a choinneáil.
- Meastóireacht leanúnach: próisis a bhunú chun bearta inrochtaineachta a athbhreithniú agus a fheabhsú go rialta.
Díolúintí
San Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, áirítear dhá phríomhchatagóir de dhíolúintí ar féidir go mbeidh feidhm acu maidir le soláthraithe áirithe:
- Tá micreaghnóthais, a shainítear mar ghnólachtaí ag a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí agus láimhdeachas bliantúil nach mó ná €2 mhilliún, díolmhaithe ó oibleagáidí seirbhíse. Mar sin féin, moltar do mhicreaghnóthais dea chleachtas inrochtaineachta a ghlacadh i gcás inarb indéanta.
- Ualach díréireach nó athrú bunúsach:
- Féadfaidh d’oibreoirí eacnamaíocha cur isteach ar dhíolúine ó oibleagáidí sonracha dá mb’amhlaidh go gcuirfí ualach díréireach airgeadais nó teicniúil, nó go n-athrófaí cineál na seirbhíse go bunúsach, dá gcuirfí bearta inrochtaineachta chun feidhme.
- Ní mór aon éileamh ar dhíolúine a bheith bailí agus doiciméadaithe go hoibiachtúil
- Féadfaidh rialálaithe fianaise a iarraidh nó diúltú d’éilimh nach dtacaítear go leordhóthanach leo
Athrú bunúsach: Tá athrú bunúsach ina athrú suntasach as a dtagann athrú bunúsach ar bhunchineál táirge nó seirbhíse.
Ualach díréireach: I gcomhthéacs na hIonstraime Eorpaí um Inrochtaineacht, trí ualach díréireach, déantar comparáid idir an t ualach a bhaineann le ceanglas inrochtaineachta a chur i bhfeidhm agus an tairbhe a bhaineann le ceanglas inrochtaineachta a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ní mór d’aon duine a chuireann ualach díréireach i bhfeidhm an costas ar an úsáideoir a mheá murab ann don ghné inrochtaineachta. Ní mór cothromaíocht a aimsiú ansin idir an costas ar an úsáideoir agus an costas (agus na tairbhí) a bhaineann leis an oibreoir eacnamaíoch chun ceanglas inrochtaineachta a chur chun feidhme. Más rud é, tar éis na breithnithe sin uile a chur san áireamh, gur mó go díréireach an t ualach a bhaineann le ceanglas inrochtaineachta a chur i bhfeidhm ná na tairbhí féideartha, tá an t-oibreoir eacnamaíoch díolmhaithe ón gceanglas sin.
Seo a leanas cuid de na príomhghnéithe d’ualach díréireach nach mór d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith feasach orthu:
- Ní mór measúnú a dhéanamh ar ualach díréireach agus gach ceanglas inrochtaineachta á chur i bhfeidhm. Fágann sin, nach mór d’oibreoirí eacnamaíocha gach ceanglas a mheá go neamhspleách, ceann ar cheann, agus an costas agus an tairbhe a bhaineann le gach ceanglas aonair, a n éileoidh tú ualach díréireach lena aghaidh, a chinneadh, sula n éileoidh tú é.
- Le hualach díréireach, tagraítear do bhearta lena bhforchuirfí ualach eagraíochtúil nó airgeadais iomarcach ar an oibreoir eacnamaíoch, agus an tairbhe dhóchúil a bhaineann leis do dhaoine faoi mhíchumas á cur san áireamh.
- Ní féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bheith ag brath ar ualach díréireach má tá maoiniú á fháil acu chun inrochtaineacht a fheabhsú.
Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a chreideann gur féidir go mbeidh feidhm ag foráil díolúine maidir lena seirbhís a bheith ag plé go réamhghníomhach le Coimisiún na Meán agus aon mheasúnú a cheanglaítear faoin reachtaíocht a sholáthar. Déan teagmháil linn ag: [email protected]