Léirithe Spéise le haghaidh Measúnóirí Saineolaithe
Tá Coimisiún na Meán ag iarraidh, ar bhonn leanúnach, iarrthóirí a bhfuil an taithí chuí acu a fhostú chun gníomhú mar Mheasúnóirí Saineolaithe chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais don Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil (LDRS) agus don Scéim Tuairiscithe Cúirteanna (CRS), agus do na Scéimeanna Tuairiscithe um Chlaochlú Digiteach agus Nuacht atá ar na bacáin.
Cuirfidh na Measúnóirí Saineolaithe seo lenár bpainéal reatha Measúnóirí Saineolaithe.
Ní mór do phainéalaithe taithí agus saineolas a bheith acu ar aon cheann nó ar chuid de na réimsí seo a leanas:
- Iriseoireacht chlóite, theilifíse, raidió agus ar líne
- Tuairisciú nuachta agus cúrsaí reatha
- Tuairisciú cúirteanna
- Eolas leathan ar chúirteanna na hÉireann agus ar chórais daonlathais áitiúla
Ina theannta sin, más spéis leo gníomhú mar mheasúnóir don Scéim um Chlaochlú Digiteach, ba cheart, go hidéalach, taithí nó saineolas a bheith ag painéalaithe ar chuid de na réimsí seo a leanas nó ar aon cheann díobh:
- Iriseoireacht dhigiteach
- Tuiscint ar na dúshláin agus na deiseanna a bhíonn roimh sholáthraithe meán seirbhíse poiblí chun dul i bhfeidhm ar lucht féachana agus lucht féachana a mhéadú.
- Eolas ar theicneolaíochtaí a úsáideann eagraíochtaí meán amhail IS, anailísíocht sonraí agus Córais Bainistíochta Ábhar
Beidh ar mheasúnóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- grinnscrúdú neamhspleách agus oibiachtúil a dhéanamh ar mheasúnú na n-iarratas
- a bheith réidh chun tacú le cuspóirí na Scéimeanna a bhaint amach
- a bheith in ann comhairle bhreithnithe a thairiscint bunaithe ar bhreithiúnas fónta agus ar thaithí fhónta
- a bheith réidh chun an gealltanas ama iomchuí a dhéanamh
- gníomhú ar bhonn eolasach, de mheon macánta, le dícheall cuí agus cúram cuí, agus déileáil le gach gné den phróiseas go rúnda agus go gairmiúil.
Táimid tiomanta do phróiseas a éascú trínar féidir iarratais a chur isteach agus a mheasúnú i mBéarla nó i nGaeilge. Dá bhrí sin, tá fáilte ar leith roimh iarrthóirí a bhfuil sé ar a gcumas measúnuithe a dhéanamh agus an t-aiseolas agus an chomhairle is gá a chur ar fáil i nGaeilge.
Do Léiriú Spéise a chur isteach
Ba cheart d’aighneacht a dhéanamh trí ríomhphost chuig [email protected] agus líne ábhair: “Measúnóir Iriseoireachta”
Ba cheart litir chumhdaigh a bheith ann ina leagtar amach an saineolas sonrach a thabharfá, an taithí ábhartha agus CV.