Babhta 2 den Scéim Tuairiscithe Nuachta oscailte

Tá Babhta 2 den Scéim Tuairiscithe Nuachta oscailte inniu (22.04.2026). Is scéim tacaíochta iriseoireachta atá dírithe ar ábhar í an Scéim Tuairiscithe Nuachta a bunaíodh chun tacú le tuairisciú ar chúrsaí nuachta nach bhfuil soláthar substaintiúil déanta dóibh faoi láthair, nó atá i mbaol tearcfhorála, agus é a fheabhsú. Seo an dara leagan den Scéim, ar ciste iniomaíochta é.   

Féadfaidh soláthraithe seirbhísí meán nuachta agus cúrsaí reatha iarratais a chur isteach, ar gá dóibh a bheith ina n-eintitis rialáilte tráth an iarratais, nó féadfaidh iriseoir neamhspleách i gcomhpháirtíocht le soláthraí seirbhísí meán den sórt sin iarratais a chur isteach.

Ba chóir iarratais a chur isteach ar líne trí cnam.submit.com, roimh 5pm, Dé Céadaoin an 27ú Bealtaine 2026. Téigh chuig ár leathanach Scéimeanna Iriseoireachta chun scéim mhíniúcháin agus na treoirlínte d’iarratasóirí a fháil. 

Más mian leat freastal ar sheimineár gréasáin d’Iarratasóirí, ina leagtar amach riachtanais na scéime agus an próiseas iarratais, cláraigh do spéis anseo roimh dheireadh an lae ghnó Dé Luain, 27 Aibreán. 

Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected].