Coimisiún na Meán / Duais Aiste Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide 2026

Gach bliain, roghnaíonn Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide aiste maidir le rialáil na meán san AE a d’ullmhaigh an mac léinn is fearr atá ag tabhairt faoin modúl Rialáil na Meán san AE, mar chuid den chlár iarchéime, Máistir Dlíthe, i gColáiste na Tríonóide. Dearadh an tionscnamh chun díospóireacht phoiblí faoi bheartas agus cleachtas na meán a chur chun cinn.

Is é teideal na haiste a raibh an bua aici in 2026 ná ‘Media Freedom as Market Freedom? The questionable legal basis of the European Media Freedom Act’. Aleksandra Jablkowska a scríobh an aiste agus an Dr Ewa Komorek, ollamh taca cúnta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a chuir in eagar.

Tá an-áthas ar Choimisiún na Meán an aiste bhuacach a fhoilsiú (Béarla).