Sheol Coimisiún na Meán comhairliúchán inniu (09.10.2026) ar a Dhréachtchód agus Dréachtrialacha maidir le Cumarsáid Tráchtála. Baineann an Cód agus na Rialacha le fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus cineálacha eile promóisin thráchtálaigh ar an raidió agus ar an teilifís in Éirinn. Déanann an Dréachtchód agus na Dréachtrialacha Cumarsáide maidir le Cumarsáid Tráchtála comhdhlúthú i ndoiciméad amháin ar na cóid seirbhíse meán agus rialacha seirbhíse meán reatha a bhaineann le cumarsáid tráchtála. Anuas air sin, molann sé cosaintí breise do leanaí agus tá uasdátuithe struchtúrtha agus téamacha san áireamh freisin ar an gCód agus Rialacha ar mhaithe le soiléireacht agus inúsáideacht a fheabhsú do chraoltóirí, d’fhógróirí agus don phobal i gcoitinne.
Déanann an Dréachtchód agus na Dréachtrialacha Cumarsáide maidir le Cumarsáid Tráchtála comhdhlúthú ar na cóid agus rialacha reatha maidir le cumarsáid tráchtála, ar nós:
- An Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála (Craoltóirí Raidió agus Teilifíse) – ina leagtar amach rialacha do chraoltóirí maidir le cumarsáid tráchtála, ina measc fógraí, urraíocht agus suíomh táirgí.
- An Cód maidir le Cumarsáid Tráchtála do Leanaí (Craoltóirí Raidió agus Teilifíse) – ina leagtar amach rialacha breise maidir le cumarsáid tráchtála atá dírithe ar leanaí agus a bhfuil sé mar aidhm aige lucht féachana agus éisteachta faoi bhun 18 mbliana d’aois a chosaint.
- An Cód & na Rialacha Seirbhíse Meán (Fógraíocht, Teilishiopadóireacht, Sláine Comhartha & Faisnéis) – ina leagtar amach teorainneacha ar an leibhéal fógraíochta, teilishiopadóireachta, sláine comhartha agus faisnéis ar féidir a bheith ag craoltóirí teilifíse mar chuid dá seirbhísí.
- An Cód & na Rialacha Seirbhíse Meán (Fógraíocht – Craoltóirí Raidió) – ina leagtar amach teorainneacha ar an leibhéal fógraíochta ar féidir a bheith ag craoltóirí raidió mar chuid dá seirbhísí.
Mairfidh an comhairliúchán ón 9 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 13 Samhain 2026.