Maidir Linn

Bunaíodh Coimisiún na Meán de thoradh fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 (“Acht OSMR, 2022”). Achtaíodh Acht OSMR, 2022 an 10 Nollaig, 2022. Leasaítear le hAcht OSMR, 2022 an tAcht Craolacháin 2009 chun Coimisiún na Meán a bhunú agus Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) a dhíscaoileadh. 

Tabharfaidh Coimisiún na Meán faoi fheidhmeanna BAI mar an rialtóir craolacháin in Éirinn. Lena chois sin, cuirfidh sé creat rialála ar bun le haghaidh sábháilteacht ar líne, déanfaidh sé nuashonrú ar rialáil na seirbhísí craoltóireachta teilifíse agus na seirbhísí físeán ar éileamh, agus déanfaidh sé an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a thrasuí i ndlí na hÉireann.

Tá an Coimisiún faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin agus triúr Coimisinéirí. Tá tuilleadh sonraí ar fáil thíos.

Jeremy Godfrey

Cathaoirleach Feidhmiúcháin

Tá os cionn 30 bliain de thaithí rialála, rialtais agus gnó ag Jeremy Godfrey sna hearnálacha cumarsáide, teicneolaíochta agus ar líne, in Éirinn agus i Hong Cong.

Bhíodh Jeremy ina Chathaoirleach Reatha ar an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Roimhe sin chaith sé ocht mbliana ina Choimisinéir agus ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide. Le linn an ama sin, bhí sé ina Chathaoirleach agus ina Leas-Chathaoirleach ar BEREC, an comhlacht comhordaithe do rialtóirí teileachumarsáide an AE. I Hong Cong, bhí sé ina Phríomhoifigeach Faisnéise don Rialtas, ina chomhairleoir bainistíochta agus ina fheidhmeannach sinsearach san earnáil teileachumarsáide.

Bhí baint ag Jeremy le forbairtí rialála mar Acht an AE um Sheirbhísí Digiteacha, Acht na Margaí Digiteacha, agus an Rialachán Oscailte Idirlín. Mar Phríomhoifigeach Faisnéise Rialtas Hong Cong, bhí freagracht air as an gclár ríomh-rialtais agus as an straitéis néalríomhaireachta, chomh maith le rialachas idirlín, cuimsiú digiteach agus sábháilteacht ar líne a chur chun cinn. Mar chomhairleoir, thug sé comhairle do chliaint faoi straitéisí gnó ar líne agus faoi cheisteanna rialála sna hearnálacha cumarsáide, fuinnimh, iompair agus seirbhísí airgeadais. Le linn dó a bheith sa tionscal teileachumarsáide bhí baint aige le seoladh na chéad sheirbhíse tráchtála físe ar éileamh ar líne agus le go leor ceisteanna rialála.

Chuir Jeremy tús lena ghairm bheatha mar státseirbhíseach i rialtas na RA. Tá MA aige ó Ollscoil Cambridge, áit a ndearna sé staidéar ar an matamaitic.

Niamh Hodnett

Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne

Tá taithí fhairsing ag Niamh Hodnett ar chomhlíonadh oibleagáidí rialála a dhearadh, a fhorfheidhmiú agus a bhainistiú i réimsí ar líne agus cumarsáide. Cuimsíonn a saineolas rialála cosaint sonraí, cibearshlándáil, iomaíocht, cosaint tomhaltóirí agus rialáil na cumarsáide. Áirítear lena taithí sábháilteachta ar líne Meabhrán Tuisceana a chur i bhfeidhm leis an nGarda Síochána chomh maith le Comhaontú Interpol maidir le rochtain ar liosta is measa Interpol d’ábhar mí-úsáid gnéis leanaí a chosc agus maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm. Tá taithí shuntasach aici freisin ar bhearta ar líne a chur i bhfeidhm chun daoine atá i mbaol andúile cearrbhachais ar líne a chosaint. Thionscain Niamh ionchúisimh choiriúla mar gheall ar sháruithe rialála chomh maith le himeachtaí comhlíonta forfheidhmithe sibhialta.

Tá taithí dhomhain dlíthíochta aici ar achomhairc agus ar athbhreithnithe breithiúnacha.

Ba í an ról ba dhéanaí a bhí ag Niamh ná Príomhoifigeach Dlí agus Rialála in Premier Lotteries, oibreoir an Chrannchuir Náisiúnta. Roimhe sin bhí sí ina Ceann Gnóthaí Rialála sa chuideachta fón póca, Three Ireland, ina comhairleoir sinsearach dlí leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, ina dlíodóir rialála le An Post agus ina ball d’fhoirne dlí iomaíochta agus rialála an AE in Mayer Brown sa Bhruiséil agus Matheson i mBaile Átha Cliath.

Cháiligh Niamh mar aturnae in 1998 agus is saineolaí í ar an dlí rialála a bhfuil eolas agus taithí fhairsing aici ar dhlí na hÉireann agus na hEorpa. Rinne sí staidéar ar an Dlí agus ar an nGearmáinis i COC agus tá máistreacht sa dlí aici ó Universität Passau sa Ghearmáin. Tá sí ina comhúdar ar European Law a d’fhoilsigh Oxford University Press agus Regulatory Law in Ireland a d’fhoilsigh Tottel. Is idirghabhálaí cáilithe í freisin.

Rónán Ó Domhnaill

Coimisinéir Forbartha na Meán

Bhí Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga ar feadh naoi mbliana. Mar choimisinéir teanga mhol sé go neartófaí reachtaíocht teanga in Éirinn agus chuir sé comhairle ar an rialtas, ar pháirtithe polaitíochta, ar choistí Oireachtais agus ar pháirtithe leasmhara éagsúla eile faoin ngá le reachtaíocht láidir. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasaíodh i mí na Nollag 2021 a chinntíonn go dtiocfaidh méadú suntasach ar chearta teanga an phobail agus a chuireann dualgais chuimsitheacha ar chomhlachtaí poiblí maidir le soláthar seirbhísí stáit i nGaeilge.

Tá Rónán Ó Domhnaill ina chathaoirleach ar Fhóram Ombudsman na hÉireann, ina ionadaí Éireannach ar bhord feidhmiúcháin an Chumainn Ombudsman agus ina iarchathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga.

Chaith Rónán sé bliana déag mar iriseoir le TG4 agus RTÉ araon. In 2006, ceapadh é ina Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4 agus chuir sé go leor cláir pholaitíochta i láthair ar nós The Week in Politics.

Tá BA ó Ollscoil na Gaillimhe, MA sa Cheannaireacht & Straitéis ón Institiúid Riaracháin Phoiblí, agus Dioplóma Gairmiúil sa Rialachas Corparáideach aige.

John Evans

Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha

Tá níos mó ná 20 bliain de thaithí ag John Evans ag obair i réimse na hiomaíochta, na rialála agus na cosanta tomhaltóirí.

Thosaigh John ag obair le Coimisiún na Meán i mí Iúil 2023 mar Choimisinéir na Seirbhísí Digiteacha. Shocraigh an Rialtas go n-ainmneofar an Coimisiún mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na hÉireann, ag cur i bhfeidhm agus ag forfheidhmiú Rialachán an AE ar a dtugtar an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha in Éirinn. Mar Choimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha, tá cúram ar John, i measc rudaí eile, as:

  • Ceannaireacht a dhéanamh, i ndlúthchomhar leis an gCoimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, ar fhorfheidhmiú agus ar chur chun feidhme feidhmeanna an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha laistigh de Choimisiún na Meán
  • Na nósanna imeachta is gá chun an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha a chur i bhfeidhm a fhorbairt, cosúil leis na nósanna imeachta deimhniúcháin chun stádas bratach iontaofa a bhronnadh agus grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar thaighdeoirí maidir le rochtain ar shonraí.
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na hÉireann mar bhall den Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
  • Caidrimh éifeachtacha a fhorbairt le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i mBallstáit eile
  • Dlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach a áirithiú maidir le rialáil an Achta um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme maidir le hardáin ar líne agus innill chuardaigh ollmhóra

Sular thosaigh sé leis An gCoimisiún, bhí John ina Stiúrthóir Straitéise agus Eacnamaíochta ag ComReg, an rialtóir cumarsáide in Éirinn, agus chuaigh sé isteach sa chuideachta in 2015. I measc na freagrachtaí John ag ComReg, bhí pleanáil straitéiseach, taighde & eacnamaíocht, obair idirnáisiúnta agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach.

Lena chois sin, tá taithí fhairsing ag John ar fhorfheidhmiú. Sular thosaigh sé le ComReg, d’oibrigh John i róil éagsúla ag Coimisiún na hÉireann um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (agus ag Údarás Iomaíochta na hÉireann roimhe seo), agus dá éis sin mar Stiúrthóir ar Fhorfheidhmiú Dlí na hIomaíochta Sibhialta áit ar oibrigh sé ar roinnt imscrúduithe casta ardphróifíle.

Tá PhD san Eacnamaíocht ag John ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Éire.