Tosaíocht thábhachtach do Choimisiún na Meán is ea forbairt treoirlínte agus cód. Is le treoirlínte agus cóid a dhéantar rialáil ar chaighdeáin agus cleachtais seirbhísí craolacháin, soláthraithe seirbhísí meán closamhairc ar éileamh agus soláthraithe seirbhísí sainainmnithe ar líne trína n-éascaítear ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí.
Forbrófar cóid agus treoirlínte chun tacú le cuspóirí reachtúla amhail cothromaíocht i dtuairisceoireacht nuachta craolta agus cosaint úsáideoirí – leanaí go speisialta – ar ábhar dochrach ar líne.
Forbróidh Coimisiún na Meán cóid agus treoirlínte trí thaighde agus mar thoradh ar chomhairliúchán le saineolaithe ábhartha, ionadaithe tionscail, an tsochaí shibhialta agus an pobal i gcoitinne. Bainfimid úsáid as fóraim, coistí comhairleacha, taighde agus comhairliúchán poiblí nuair is cuí.
Beidh cóid agus treoirlínte fianaisebhunaithe agus cothrom.
Fanfaidh cóid agus rialacháin chraolacháin a d’fhorbair ÚCÉ i bhfeidhm nó go ndéanfaidh Coimisiún na Meán iad a leasú nó a aisghairm.
Dírítear cóid um shábháilteacht ar líne ar chineálacha áirithe ábhair dhochraigh a leagtar amach sa reachtaíocht. Mar shampla: íomhánna príobháideacha a roinntear gan chead, ábhar a ghríosann ciníochas agus cineálacha fuatha eile, ábhar atá dochrach do leanaí, cibearbhulaíocht, agus ábhar a spreagann neamhoird itheacháin, féinmharú agus féindochar.