Craolachán & Ar Éileamh

Táimid freagrach as na feidhmeanna rialála a bhí faoi chúram ÚCÉ cheana.

Áirítear leis seo: 

  • Ceadúnú seirbhísí raidió agus teilifíse de bhreis orthu siúd arna soláthar ag RTÉ, TG4, Bealach Thithe an Oireachtais agus Bealach Scannán na hÉireann. Is féidir an Plean Ceadúnaithe Raidió Tráchtála reatha a aimsiú anseo.
  • Rialáil ar sheirbhísí raidió agus teilifíse a bunaíodh in Éirinn. 
  • Freagracht fhoriomlán maidir le rialáil seirbhísí craolacháin poiblí in Éirinn. 
  • Cóid agus rialacháin a bheartú maidir le hábhar clár ar sheirbhísí craolacháin in Éirinn.
  • Gearáin ón lucht féachana agus éisteachta a phróiseáil maidir le hábhar a chraoltar ar sheirbhísí craolacháin poiblí agus seirbhísí craolacháin ceadúnaithe. 
  • Raon gníomhaíochtaí iolrachta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear comhairle don Aire maidir le cumaisc mheán. 

Seirbhísí closamhairc ar-éileamh:

Tá Coimisiún na Meán freagrach as rialáil a dhéanamh ar sheirbhísí meán closamhairc ar-éileamh atá bunaithe in Éirinn. Tá an chéad chlár reachtúil de sholáthraithe seirbhíse meán foilsithe againn, sin soláthraithe seirbhíse meán ar leo agus atá ag feidhmiú seirbhísí closamhairc ar éileamh agus tá sé seo ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Tá treoirlínte maidir le conas Coimisiún na Meán a chur ar an eolas go bhfuil seirbhís closamhairc ar éileamh á feidhmiú agat le fáil anseo agus is féidir teacht ar na Rialacha anseo. Is féidir foirm fógra a fháil anseo.

Beidh scrúdú á dhéanamh againn freisin ar a indéanta atá Tobhach Oibreacha Eorpacha chun tacú le táirgeadh ábhair Eorpaigh.

Gearáin:

Tá an pobal i dteideal gearán a dhéanamh má chreideann siad nár chomhlíon craoladh raidió nó teilifíse nó ábhar cláir ar sheirbhís meán closamhairc ar éileamh na caighdeáin a leagtar amach i reacht (Cuid 3B de na hAchtanna Craolacháin agus um Rialáil na Meán Eile 2009 agus 2022) nó i gcóid agus rialacha seirbhíse meán.

Caighdeáin a bhaineann le craoltaí/ábhar cláir

Tagann na caighdeáin reachtúla a bhaineann le craoltaí agus ábhar cláir ar sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh, ón 15ú Márta 2023, faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Dochar, cion, gríosú agus údarás an Stáit (alt 46J)
  • Príobháideacht (alt 46K)
  • Nuacht agus Cúrsaí Reatha (alt 46L)
  • Fógraíocht (ailt 46M(2) nó (3), 106(3) agus 127(6))
  • Cóipeanna d’ábhar clár a choinneáil (alt 46P(1) nó (2))

Ina theannta sin, féadfaidh Coimisiún na Meán cóid agus rialacha seirbhíse meán a ullmhú lena rialaítear caighdeáin agus cleachtais craoltóirí agus soláthraithe seirbhíse meán closamhairc ar éileamh. Go dtí go mbeidh aon chóid agus rialacha seirbhíse meán den sórt sin déanta ag an gCoimisiún, beidh Cóid agus Rialacha an BAI atá ann cheana i bhfeidhm i gcónaí, ach beidh feidhm acu maidir le craoltóirí amháin. Is iad sin:

Gearán a dhéanamh

Ní mór gearáin chraolacháin a bheith i scríbhinn agus go ginearálta, ba chóir iad a dhéanamh leis an gcraoltóir ar an gcéad dul síos. Is féidir eolas teagmhála do chraoltóirí a fháil anseo.

Tá Coimisiún na Meán ag bunú clár de sholáthróirí seirbhísí meán closamhairc ar éileamh atá faoi réir rialacháin sa dlínse seo. Tá 3 mhí ag soláthraithe ar éileamh ón 15 Márta 2023 chun fógra a thabhairt don Choimisiún le bheith ar an gclár. Más mian leat gearán a dhéanamh faoi ábhar ar éileamh agus an clár á ullmhú, seol ríomhphost le do thoil chuig usersupport@cnam.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas san áireamh:

• Teideal an chláir/ábhair

• Ainm na seirbhíse closamhairc ar éileamh

• An dáta a bhfuarthas rochtain ar an gclár/ábhar

• Caighdeán/caighdeáin reachtúla a chreideann tú a sáraíodh

• Gnéithe den chlár/ábhar a chreideann tú nár chomhlíon na caighdeáin sin

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún do r-phost, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis an soláthróir seirbhíse meán closamhairc ábhartha chun iarracht a dhéanamh a fháil amach an bhfuil an tseirbhís ar éileamh atá i gceist faoi réir an phróisis reachtúil gearán. Ní féidir leis an gCoimisiún do ghearán a phróiseáil go dtí go mbeidh sé sin bunaithe. Coinneoimid tú ar an eolas maidir leis seo.

Más mian leat, ar chúiseanna íogaireachta nó príobháideachta, do ghearán a dhéanamh go díreach le Coimisiún na Meán, déan teagmháil linn ag usersupport@cnam.ie nó (01) 936 7755.

Tréimhse ama chun gearán a dhéanamh

Ní mór gearáin chraolta a dhéanamh:

  • Tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dáta an chraolta (má bhaineann sé le craoladh amháin)
  • Tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dáta an chraolta is túisce (má bhaineann sé le dhá chraoladh neamhghaolmhara nó níos mó)
  • Tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dáta an chraolta is déanaí (má bhaineann sé le dhá chraoladh ghaolmhara nó níos mó)

Ní mór gearáin faoi ábhar cláir closamhairc ar éileamh a dhéanamh:

  • Tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta ar stop ábhar an chláir de bheith ar fáil ar sheirbhís na meán closamhairc ar éileamh.

Nós Imeachta Láimhseála Gearán

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ar do ghearán ón gcraoltóir nó ón soláthraí seirbhíse meán closamhairc ar éileamh nó mura bhfaigheann tú freagra laistigh de 20 lá oibre, is féidir leat do ghearán a chur ar aghaidh chuig Coimisiún na Meán ag usersupport@cnam.ie. Ba cheart gearáin a tharchur tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an dáta a bhfuarthas freagra an chraoltóra ábhartha nó nuair a bhí freagra dlite. Agus do ghearán á tagairt agat, cuir cóip den ghearán bunaidh agus gach comhfhreagras idir tú féin agus an craoltóir san áireamh le do thoil.

Tá gearáin a dhéantar ar an 15ú Márta 2023 nó ina dhiaidh sin faoi réir próiseas nua láimhseála gearán, a thagann in ionad an phróisis a bhí ag an BAI roimhe seo chun déileáil le gearáin. Tá Coimisiún na Meán ag ullmhú treorach do ghearánaigh maidir leis an bpróiseas seo, agus foilseofar í sin go luath. Idir an dá linn, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag usersupport@cnam.ie nó (01) 963 7755.

Gearáin idir lámha ar an 15ú Márta 2023

Má tá gearán idir lámha agat le craoltóir nó leis an BAI ar an 15ú Márta 2023, próiseálfar é ag baint úsáide as an bpróiseas láimhseála gearán dá bhforáiltear san Acht Craolacháin 2009, amhail is nár leasaíodh an tAcht sin agus go bhfuil cumhachtaí Choiste Comhlíonta an BAI ag an gCoimisiún. Tá treoir maidir leis an bpróiseas seo ar fáil le híoslódáil anseo. Idir an dá linn, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag usersupport@cnam.ie nó (01) 963 7755.

Na Cinntí Gearáin is déanaí ón BAI

Sonraí Teagmhála

Ní mór gearáin a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir iad a dhéanamh leis an gcraoltóir ar an gcéad dul síos. Ba cheart gearáin i gcoinne soláthraí seirbhíse meán closamhairc ar éileamh a dhíriú ar usersupport@cnam.ie agus cuirfimid comhairle ort maidir leis na chéad chéimeanna eile.

Is féidir gearáin a dhéanamh nó a chur faoi bhráid Choimisiún na Meán ag usersupport@cnam.ie.

Má tá ceisteanna agat nó má theastaíonn cúnamh uait chun gearán a dhéanamh, déan teagmháil le usersupport@cnam.ie nó (01) 963 7755.

Mura féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost nó ar an bhfón, is féidir leat scríobh chuig: Coimisiún na Meán, 1 Áras Shíol Bhroinn, Bóthar Shíol Bhroinn, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.

Má rinne tú teagmháil linn cheana féin ag seoladh ríomhphoist gearán an BAI, ní gá duit do ríomhphost a sheoladh arís mar go bhfaighimid é.

Ceart Freagartha

Tá baill den phobal i dteideal ceart freagartha a iarraidh faoin Scéim Ceart Freagartha sa chás go gcreideann siad gur craoladh rud éigin mícheart go fíorasach as a d’eascair a n-onóir nó a gcáil a chealú. Ní mór iarratais ar chearta freagartha a dhéanamh leis an gcraoltóir ar an gcéad dul síos.

Tá an Scéim Ceart Freagartha a d’ullmhaigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) fós i bhfeidhm. Is féidir tagairtí do Choiste Comhlíonta an BAI laistigh den Scéim a thuiscint mar thagairtí don Choimisiún.

Gearáin faoi Shábháilteacht ar Líne

Tá córas gearán aonair le bunú ag Coimisiún na Meán go fóill maidir le cúrsaí sábháilteachta ar líne. Dá réir sin, ní féidir gearáin faoi chúrsaí sábháilteachta ar líne a dhéanamh ag baint úsáide as an tairseach ar líne nó trí ríomhphost a sheoladh chuig an seoladh thuas. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar rannóg an tsuímh ghréasáin seo maidir le Sábháilteacht ar Líne.