Conas is féidir liom díospóid a dhéanamh in aghaidh chinneadh ardáin?

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an ardáin ar líne, mar shampla, maidir le do thuairisc nó cinneadh chun d’ábhar nó do rochtain a shrianadh – féadfaidh tú díospóid a thaisceadh le comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt (ODS).

Cén chaoi ar féidir le comhlacht ODS cuidiú liom?

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh ardán ar líne, lena n-áirítear i gcás inar chuir tú tuairisc isteach, is féidir leat an cinneadh sin a achomharc agus is féidir leas a bhaint as comhlacht ODS deimhnithe. Is iomaí buntáiste a bhaineann le comhlacht ODS a úsáid, idir é a bheith measartha saor, réitítear an fhadhb go tapa, agus déantar athbhreithniú neamhspleách agus neamhchlaonta ar díospóidí leis. Cuirtear seirbhísí ODS ar fáil d’úsáideoirí ar líne saor in aisce nó ar chostas fánach. Chomh maith leis sin, coimeádann an t-úsáideoir an ceart an t-ábhar a thabhairt chun cúirte am ar bith.

An próiseas ODS

Féachaimid ar an gcás seo a leanas ina léirítear an próiseas ODS.*

Baineadh postáil James ón ardán toisc gur ‘sháraigh’ sé a théarmaí agus a choinníollacha ach ní raibh sé sásta leis sin. Mhínigh an t-ardán go bhféadfadh sé a chinneadh a achomharc agus go bhféadfadh sé an próiseas ODS a úsáid chun díospóid a thaisceadh maidir lena chinneadh.

Ní raibh fonn ar James a bheith ag fanacht le hachomharc, mar sin roghnaigh sé gearán a dhéanamh tríd an bpróiseas ODS. Fuair sé amach go bhfuil comhlachtaí ODS éagsúla ann a bhfuil saineolas acu ar réimsí áirithe. Roghnaigh sé comhlacht ODS a labhraíonn an teanga chéanna leis féin, ach a bhí in ann sáruithe ar théarmaí agus coinníollacha a láimhseáil freisin. Chuir an comhlacht ODS roinnt ceisteanna ar James agus thug sé an fhianaise agus an comhthéacs dóibh a bhí ag teastáil.

Tar éis tamaillín, chinn an comhlacht ODS go raibh cinneadh an ardáin an phostáil a bhaint mícheart. Mheas siad nár sáraíodh téarmaí agus coinníollacha an ardáin leis an bpostáil. Chuir siad an cinneadh sin in iúl don ardán, a ghlac leis an gcinneadh, agus cuireadh an phostáil suas arís. Mhothaigh James go raibh údar maith leis agus go raibh sé cumhachtaithe, ag baint úsáide as a chearta faoin DSA.

*Tabhair faoi deara go bhféadfaidh próisis inmheánacha éagsúla a bheith ag gach comhlacht ODS, ach d’fhéadfaí a bheith ag súil leis na céimeanna céanna beagnach, i ngach cás. Go háirithe, tá sé de cheart ag comhlacht ODS díospóid a cuireadh isteach a dhiúltú mura gcomhlíonann sé na ceanglais a dtugtar breac-chuntas orthu i Rialacha Nós Imeachta an chomhlachta ODS. Moltar duit féachaint ar na Rialacha Nós Imeachta ar shuíomh gréasáin an chomhlachta ODS sula gcuireann tú díospóid isteach.

Sa tSreabhchairt den Phróiseas thíos léirítear gnáthchás ina n-easaontaíonn úsáideoir le cinneadh ardáin, agus na bealaí sásaimh is coitianta ar féidir leis/léi leas a bhaint astu. Féach na Ceisteanna agus Freagraí thíos le haghaidh forbhreathnú níos mionsonraithe ar an bpróiseas ODS.

Sreabhchairt ag léiriú an phróisis um shásamh úsáideora.

  1. Ní aontaíonn an t-úsáideoir le cinneadh an ardáin.
  2. Rogha sásaimh.
  3. Achomharc chuig an ardán.
    • Réitithe: Deireadh an phróisis.
    • Gan réiteach: Lean ar aghaidh chuig díospóid trí ODS.
  4. Díospóid trí ODS.
    1. Céim 1: Roghnaigh comhlacht ODS.
    2. Céim 2: Díospóid a thaisceadh.
    3. Céim 3: Téigh i dteagmháil le comhlacht ODS.
    4. Céim 4: Cinneadh a fháil.

Cén cineál cinntí ardáin ar féidir liom díospóid a dhéanamh ina gcoinne trí chomhlacht ODS?

I measc na ndíospóidí is féidir a chur chuig comhlacht ODS tá díospóidí a bhaineann le cinntí ardán ar líne tar éis dó tuairisc a fháil nó i gcoinne na gcinntí seo a leanas ó ardán ar líne ar an bhforas gur ábhar mídhleathach í an fhaisnéis a chuireann na húsáideoirí ar fáil nó go bhfuil sí ar neamhréir lena chuid téarmaí agus coinníollacha:

  • Cinntí maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint nó a dhíchumasú nó srian a chur le hinfheictheacht na faisnéise.
  • Cinntí maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart soláthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ar an iomlán nó i bpáirt, do na húsáideoirí.
  • Cinntí maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart cuntas na n‑úsáideoirí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.
  • Cinntí maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart an cumas luach airgid a chur ar fhaisnéis arna soláthar ag na húsáideoirí a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh go díreach chuig an ardán ar líne?

Tá sé d’oibleagáid ar ardáin ar líne rochtain ar chóras láimhseála gearán inmheánach a chur ar fáil duit. Féadfaidh úsáideoir é a úsáid chun achomharc a dhéanamh maidir le cinntí ardáin atá liostaithe faoi Cén cineál cinntí ardáin ar féidir liom díospóid a dhéanamh ina gcoinne trí chomhlacht ODS? thuas.  .

An féidir liom comhlacht ODS a roghnú chun déileáil le mo dhíospóid?

Is féidir leat comhlacht ODS a roghnú bunaithe ar an saineolas a bhaineann le do dhíospóid. Tá gach comhlacht ODS deimhnithe i réimse sonrach saineolais, mar shampla, saineolas ar shaincheisteanna i réimse amháin ar leith nó níos mó d’ábhar mídhleathach, nó saineolas ar chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha i ndáil le cineál amháin nó níos mó ardáin ar líne. Tá liosta de gach comhlacht ODS arna ndeimhniú i mballstáit an Aontais Eorpaigh le fáil ar an leathanach seo a leanas ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. Is féidir leat na réimsí saineolais atá liostaithe le haghaidh gach comhlacht ODS a fheiceáil. Tá teanga/teangacha gach comhlacht ODS liostaithe ar an leathanach seo chomh maith. Ní mór do chomhlachtaí ODS cinntí a sholáthar i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. 

Tá deimhniú comhlacht ODS bailí ar fud an Aontais. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh úsáideoir in Éirinn díospóid a thaisceadh le haon chomhlacht ODS, faoi réir srianta a d’fhéadfadh a bheith i gceist (mar shampla, b’fhéidir nach mbeadh comhlacht ODS in ann díospóidí a réiteach ach i dteangacha áirithe). Is féidir faisnéis maidir le comhlachtaí ODS arna ndeimhniú ag Coimisiún na Meán a fháil thíos.

An bhfuil cinntí an chomhlachta ODS ceangailteach?

Níl, níl sé de chumhacht ag comhlacht ODS réiteach ceangailteach ar an díospóid a fhorchur. Níl an t‑úsáideoir ná an t‑ardán ar líne faoi cheangal ag cinntí an chomhlachta ODS.

Cé mhéad a chosnaíonn sé comhlacht ODS a úsáid?

Féadfaidh comhlacht ODS deimhnithe táille a ghearradh as a sheirbhísí. I gcás úsáideoirí, beidh an réiteach díospóide ar fáil saor in aisce nó ar chostas fánach. Sula gcuirfear tús leis an bpróiseas um réiteach díospóide, ní mór don Chomhlacht ODS a chuid táillí a chur in iúl don úsáideoir agus don ardán.

Cén chaoi a gcuirfear toradh mo dhíospóide in iúl dom?

Ceanglaítear ar chomhlacht ODS deimhnithe a chinntí a chur ar fáil do na páirtithe laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 90 lá féilire tar éis an gearán a fháil. I gcásanna áirithe, féadfaidh an comhlacht ODS síneadh a chur leis an spriocdháta sin ach ní mór dó teacht ar chinneadh laistigh de 180 lá.

An féidir le hardán ar líne diúltú oibriú le comhlacht ODS?

Ceanglaítear ar ardáin ar líne agus ar úsáideoirí araon oibriú, de mheon macánta, leis an gcomhlacht ODS roghnaithe d’fhonn an díospóid a réiteach. Féadfaidh ardán ar líne diúltú oibriú le comhlacht ODS áfach, má chreideann sé gur réitíodh an díospóid cheana féin, díospóid a bhain leis an bhfaisnéis chéanna agus leis an mbonn céanna (i.e. na forais chéanna maidir le neamhdhleathacht nó neamhréireacht líomhnaithe leis na téarmaí agus coinníollacha).

An féidir liom dul chuig an gCúirt fós chun déileáil le díospóid?

Is féidir. Is féidir leat dul chuig an gcúirt ag am ar bith, fiú amháin má rinne tú díospóid a thaisceadh le comhlacht ODS.

Comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt

Deimhnithe ag Coimisiún na Meán

Appeals Centre Europe

Bronntar an deimhniúchán ar feadh tréimhse cúig bliana, ón 26 Meán Fómhair 2024. Is ionann an réimse saineolais faoina mbronntar an deimhniúchán agus cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha ardán meán sóisialta ar líne. Mar shampla, má thuairiscíonn tú faoi ábhar a chreideann tú go bhfuil téarmaí agus coinníollacha ardáin á sárú leis, agus nach mbaineann an t-ardán an t-ábhar sin, is féidir leat díospóid a thaisceadh le ACE.

Faoi láthair, glacann ACE le díospóidí a bhaineann le Facebook, Instagram, Threads, TikTok, YouTube agus Pinterest. Eiseoidh ACE cinntí agus rachaidh sé i dteagmháil le húsáideoirí sna teangacha seo a leanas: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Ollainnis agus Polainnis. Féadfaidh ACE glacadh le díospóidí i gcásanna ina bhfuil aon ábhar lena mbaineann nó an chumarsáid ón ardán ar líne in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh nó i bhformhór na dteangacha eile a labhraítear san Aontas. Tá liosta iomlán de na teangacha sin le fáil ar an leathanach Rialacha Nós Imeachta ar shuíomh gréasáin ACE.

Is comhlacht é ACE atá cláraithe in Éirinn.

Deimhnithe ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha Eorpacha eile