Fógrái Sonraithe

Ar 16 Eanáir 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún a chlár reachtúil de sheirbhísí ar líne ábhartha ainmnithe ar féidir cóid sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm orthu. Is féidir rochtain a fháil ar an gclár anseo.

Fógra maidir le hAinmniú Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán mar Chatagóir Seirbhísí Ar Líne Ábhartha 

Ainmníonn Coimisiún na Meán (an “Coimisiún”), i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus na ndualgas a thugtar dó le halt 139E agus le halt 139G den Acht Craolacháin 2009 mar a leasaíodh (“Acht”), agus tar éis comhairliúchán leis na daoine a shonraítear in alt 139H den Acht, leis seo mar chatagóir de sheirbhísí ar líne ábhartha ar féidir cóid sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, a bhfuil a soláthróirí faoi dhlínse an Stáit

Dáta i bhfeidhm 

De bhun Alt 139H(3) den Acht, tagann an t-ainmniú seo i bhfeidhm ag deireadh na tréimhse 28 lá tar éis an dáta a fhoilseoidh an Coimisiún an fógra seo ar a shuíomh gréasáin.  Is é 14 Lunasa 2023 dáta foilsithe an Fhógra seo.   

Mar sin, is é an 11 Meán Fómhair 2023 an dáta a thagann an t-ainmniú seo i bhfeidhm.  

Tá an Fógra céanna as Béarla anseo. I gcás aon neamhréireachta nó aighnis ag éirí idir an téacs Béarla agus Gaeilge, is leis an leagan Béarla an forlámhas. 

Fógra maidir le Ainmniúchán de Sheirbhísí Ainmnithe Ardáin Comhroinnte Físeán  

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus na ndualgas a thugtar dó le hAlt 139E agus le hAlt 139G(2) den Acht Craolacháin 2009 (an “Acht”), agus tar éis dul i gcomhairliúchán leis na soláthraithe seirbhíse de bhun alt 139H den Acht, d’ainmnigh Coimisiún na Meán (an “Coimisiún”), na seirbhísí atá liostaithe thíos mar sheirbhísí ábhartha ar líne a bhféadfar cóid sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm orthu toisc gur seirbhísí ardáin comhroinnte físeán iad a bhfuil a soláthraí faoi dhlínse an Stáit.  

Dáta Éifeachta 

De bhun Alt 139H(3)(a) den Acht, tháinig an t-ainmniú seo i bhfeidhm nuair a thug an Coimisiún fógra faoin ainmniúchán i scríbhinn do gach seirbhís. Tá na dátaí seo nótáilte thíos.  

  • Facebook – dáta éifeachta: 22ú Nollaig 2023 
  • Instagram – dáta éifeachta: 22ú Nollaig 2023 
  • YouTube – dáta éifeachta: 22ú Nollaig 2023 
  • Udemy – dáta éifeachta: 22ú Nollaig 2023
  • TikTok – dáta éifeachta: 22ú Nollaig 2023 
  • LinkedIn – dáta éifeachta: 22ú Nollaig 2023 
  • X – dáta éifeachta: 29ú Nollaig 2023 
  • Pinterest – dáta éifeachta: 29ú Nollaig 2023 
  • Tumblr – dáta éifeachta: 29ú Nollaig 2023 
  • Reddit – dáta éifeachta: 29ú Nollaig 2023