An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha – Do cheart chun Gearán a dhéanamh

Ón 17 Feabhra 2024, is féidir le Coimisiún na Meán gearáin a fháil ó úsáideoirí de seirbhísí ar líne a chreideann nár chomhlíon soláthraí seirbhíse ar líne a chuid oibleagáidí faoin Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA).

Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann líon suntasach de na hoibleagáidí nua faoin DSA leis an gcaoi a ndéileálann soláthraithe seirbhíse ar líne le hinneachar neamhdhleathach. Tá rudaí áirithe nach mór do sholáthraithe seirbhíse ar líne a dhéanamh maidir le hinneachar neamhdhleathach nuair a chuirtear in iúl dóibh é.

Cé go bhfuil sé laistigh de shainchúram Coimisiún na Meán measúnú a dhéanamh an bhfuil soláthraithe seirbhíse ar líne ag déanamh a bhfuil de dhualgas orthu a dhéanamh faoin DSA maidir le hinneachar neamhdhleathach, níl sé mar chuid de shainchúram Coimisiún na Meán ról modhnóireachta ábhair a chomhlíonadh, gníomhú mar chomhlacht achomhairc maidir le cinntí soláthraithe seirbhísí ar líne maidir le hinneachar neamhdhleathach, nó gníomhú mar bhreitheamh i ndíospóidí idir páirtithe éagsúla nó úsáideoirí éagsúla faoi inneachar neamhdhleathach.

Is trí ról Coimisiún na Meán amháin maidir le rialáil agus maoirsiú a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhíse ar líne a ghlacann Coimisiún na Meán páirt i gcinntí faoi inneachar neamhdhleathach agus tá ról Choimisiún na Meán teoranta lena chinntiú go gcomhlíonann soláthraithe seirbhíse ar líne a gcuid oibleagáidí maidir leis seo.

I gcásanna áirithe, ciallaíonn ról Coimisiún na Meán go gcaithfidh sé cinneadh a dhéanamh an raibh an soláthraí seirbhíse dícheallach maidir lena chinneadh a dhéanamh maidir le hinneachar neamhdhleathachar tugadh fógra dó agus d’fhéadfadh go mbeadh roinnt breithniú ag Coimisiún na Meán ar an inneachar neamhdhleathach ar tugadh fógra dó.

Tá roinnt ceisteanna agus freagraí coitianta thíos chun tú a threorú tríd an méid ar féidir leat gearán a dhéanamh faoi, agus an próiseas gearáin. Mura bhfreagraítear do cheisteanna anseo, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Teagmhála: + 353 1 963 7755 | usersupport@cnam.ie.

Séanadh: Ní comhairle dlí í an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo agus tá sé beartaithe chun críocha faisnéise ginearálta amháin.  Níl an fhaisnéis a chuirtear ar fáil uileghabhálach, ná ní ionadach comhairle ghairmiúil í. 

An Ceart Gearán a Dhéanamh faoin Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Cad é an ceart chun gearán a dhéanamh faoin Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha?
Cé atá in ann gearán a dhéanamh?
Cad iad na seirbhísí ar líne ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu?

Inneachar neamhdhleathach a thuairisciú

Cad is inneachar neamhdhleathach ann?
Ba mhaith liom inneachar neamhdhleathach a thuairisciú
Cad is féidir leat a bheith ag súil ó sheirbhís óstála tar éis duit inneachar neamhdhleathach a thuairisciú?
Cad ba cheart dom a dhéanamh má tá inneachar feicthe agam a chreidim gur bagairt é do bheatha nó do shábháilteacht duine nó grúpa daoine?
Tá deacracht agam fógra a thabhairt do sholáthraí seirbhíse óstála maidir le hinneachar neamhdhleathach
Thuairiscigh mé inneachar neamhdhleathach agus níor baineadh anuas é

Gearán a dhéanamh faoi chinneadh ardáin maidir le hábhar mídhleathach

Nílim sásta le cinneadh ardáin maidir le hinneachar neamhdhleathachagus ba mhaith liom gearán a dhéanamh
Conas a phróiseálfaidh ardán mo ghearán faoina chinneadh ar inneachar neamhdhleathach?
Nílim sásta le cinneadh an ardáin faoi mo ghearán

Srianta ar inneachar/cuntais úsáideora

Cuireadh srian ar m’inneachar nó baineadh as agus níl a fhios agam cén fáth
Cuireadh mo chuntas úsáideora ar fionraí/foirceannadh é nó cuireadh íocaíochtaí chugam ar fionraí/foirceannadh iad/srianadh iad agus níl a fhios agam cén fáth

Gearán a dhéanamh faoi ardán a chuireann srian le hinneachar/cuntais úsáideora

Nílim sásta le cinneadh an ardáin m’inneachar a shrianadh/a bhaint de nó mo chuntas nó íocaíochtaí chugam a chur ar fionraí/a fhoirceannadh
Conas a phróiseálfaidh ardán mo ghearán maidir lena chinneadh srian a chur ar m’ábhar/mo chuntas úsáideora?
Nílim sásta le cinneadh an ardáin faoi mo ghearán

Trádáil ar líne

Má dhéanann tú gearán le Coimisiún na Meán maidir le trádáil ar líne, tabhair faoi deara gur féidir do ghearán a tharchur chuig an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) mar gurb é an t-údarás inniúil é.  Cuirfidh Coimisiún na Meán in iúl duit má cuireadh do ghearán ar aghaidh chuig an CCPC.

Tá imní orm faoi dhlisteanacht trádálaí ar líne/ní féidir liom dul i dteagmháil le trádálaí ar líne
Is trádálaí ar líne mé agus níl a fhios agam cén fáth ar cuireadh ar fionraí mé ó thrádáil ar ardán
Is trádálaí ar líne mé agus ba mhaith liom gearán a dhéanamh faoi bheith curtha ar fionraí/gan a bheith ceadaithe trádáil ar ardán
Creidim go bhfuil táirge/seirbhís mhídhleathach á thrádáil ar ardán
Conas a phróiseálfaidh ardán mo thuairisc ar táirge/seirbhís neamhdhleathach atá á thrádáil?

Fógraíocht, comhéadain ar líne agus córais an mholta

Is cúis imní dom cén fáth a bhfuil fógrán á thaispeáint dom
Tá imní orm faoi fhógrán atá á taispeáint do mo leanbh
Ní féidir liom rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi fhógraí ar Ardán An-Mhór Ar Líne/Inneall Cuardaigh An-Mhór Ar Líne
Tá ábhar gan iarraidh á fheiceáil agam/á mholadh dom ar an ardán
Bhí sé deacair an rogha a bhí uaim a dhéanamh ag baint úsáid as comhéadan an ardáin

Téarmaí agus Coinníollacha agus úsáideoirí a chur ar fionraí

Conas a bheidh a fhios agam ar sháraigh mé aon cheann de rialacha/téarmaí agus coinníollacha na seirbhíse ar líne?
Is deacair téarmaí agus coinníollacha na seirbhíse ar líne a thuiscint
Cuireadh ar fionraí mé ó ardán as a théarmaí agus coinníollacha a shárú
Cuireadh ar fionraí mé ó ardán mar gheall ar gearáin a dhéanamh/agus inneachar a thuairisciú
Cuireadh ar fionraí mé ó ardán mar gheall ar ábhar a phostáil mé

Teagmháil a dhéanamh le soláthraí seirbhíse ar líne

Conas a dhéanaim teagmháil leis an soláthraí seirbhíse?

Gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán

Cathain is féidir liom gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán?
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán?
Cén fhaisnéis a theastaíonn uaim chun gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán?
Cad a tharlóidh tar éis dom mo ghearán a chur steach?
Conas a dhéanann Coimisiún na Meán measúnú ar mo ghearán?
Cad iad na cinntí is féidir le Coimisiún na Meán a dhéanamh maidir le mo ghearán?
Conas is féidir liom dul i dteagmháil le Coimisiún na Meán má theastaíonn tuilleadh eolais uaim faoi mo ghearán?
Cad a dhéanfaidh mé mura bhfuilim sásta le cinneadh Coimisiún na Meán maidir le mo ghearán?