Global Online Safety Regulators Network
Is é an Global Online Safety Regulators Network an t-aon fhóram domhanda atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt don chomhar idir rialálaithe um shábháilteacht ar líne, rud a chuireann teachtaireacht láidir amach faoinár gcomhthiomantas do na rialacháin um shábháilteacht ar líne.
Tá sé mar aidhm ag GOSRN feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas agus ar an gcomhsheasmhacht idir na cineálacha cur chuige atá ag rialálaithe idirnáisiúnta i leith sábháilteacht ar líne, trí fhaisnéis, saineolas agus taithí a roinnt.
Global Online Safety Regulators Network — An tEolas Is Déanaí
Más suim leat nuachtlitir ráithiúil GOSRN a fháil, cuir ríomhphost chuig [email protected] agus clóscríobh “Cláraigh” i líne an ábhair.
Má sheolann tú ríomhphost ar mhaithe le clárú, tá toiliú á thabhairt agat do Choimisiún na Meán do sheoladh ríomhphoist a úsáid chun nuachtlitir GOSRN a sheoladh chugat. Féadann tú do thoiliú a tharraingt siar am ar bith trí “Díchláraigh” a chur chuig an seoladh céanna nó trí leas a bhaint as rogha an díchláraithe i ngach nuachtlitir.
Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi a bpróiseálann Coimisiún na Meán sonraí pearsanta ar fáil inár bhFógra Príobháideachais.
Comhaltas
Fearann GOSRN fáilte roimh rialálaithe:
- a bhfuil feidhmeanna sábháilteachta ar líne reachtaithe acu;
- a chomhlíonann na critéir maidir le neamhspleáchas ó thionchar polaitíochta agus tráchtála; agus
- a bhfuil rún daingean acu seasamh le cearta an duine, leis an daonlathas agus le riail an dlí.
Áirítear ar na comhaltaí atá ann faoi láthair:
- Ofcom – an Ríocht Aontaithe
- eSafety Commissioner – an Astráil
- Online Safety Commission – Fidsí
- Arcom – an Fhrainc
- Coimisiún na Meán — Éire
- Korea Communications Standards Commission – Poblacht na Cóiré
- Council for Media Services – tSlóvaic
- Film and Publication Board – an Afraic Theas
- Authority for the prevention of online Terrorist Content and Child Sexual Abuse Material (ATKM) – an Ísiltír
Stádas breathnóra
Is ionann ‘breathnóirí’ GOSRN agus eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara a phléann le saincheisteanna sábháilteachta ar líne, agus atá tiomanta don chomhar le rialálaithe neamhspleácha um shábháilteacht ar líne. D’fhéadfadh sé an tsochaí shibhialta, lucht déanta beartas, eagraíochtaí iltaobhacha agus grúpaí tionsclaíochta a bheith i gceist anseo.
Áirítear ar na breathnóirí atá ann faoi láthair:
- 5Rights – Domhanda
- Canadian Centre for Child Protection – Ceanada
- Childlight | Global Child Safety Institute – an Ríocht Aontaithe
- Department of Canadian Heritage – Ceanada
- European Parliament Intergroup on Children’s Rights – an tAontas Eorpach
- Family Online Safety Institute – Domhanda
- Freiwillige Selbstkontrolle Multimedia-Diensteanbieter e.V. (FSM) – an Ghearmáin
- HateAid – an Ghearmáin
- INHOPE – Domhanda
- Integrity Institute – Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Internet Watch Foundation – an Ríocht Aontaithe
- National Center for Missing & Exploited Children – Stáit Aontaithe Mheiriceá
- National Communications Commission – an Téaváin
- National Media Commission – Gána
- Netsafe – an Nua-Shéalainn
- NYU Stern Center for Business & Human Rights – Stáit Aontaithe Mheiriceá
- OECD Secretariat from Digital Security and Safety Unit – Domhanda
- Red PaPaz – an Cholóim
- Save the Children – Domhanda
- Te Mana Whakaatu | Classification Office – an Nua-Shéalainn
- University of Southern California Neely Center for Ethical Leadership and Decision Making – Stáit Aontaithe Mheiriceá
- WeProtect Global Alliance – Domhandal
Fógróidh an Líonra glaonna ar iarratais bhreathnóireachta, is féidir iarratais ar bhallraíocht a dhéanamh ag am ar bith. Déan teagmháil le [email protected] má bhíonn aon cheist agat faoi stádas breathnóra nó comhaltais le Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne.
Cáipéisí foilsithe
- Ráiteas Seasaimh maidir le Cearta an Duine agus Rialacháin um Shábháilteacht ar Líne [Béarla] PDF)
- Ráiteas Seasaimh maidir le Comhleanúnachas Rialála [Béarla] (PDF)
- Ráiteas Seasaimh – An Rialachán maidir le Dearbhú Aoise & Sábháilteacht ar Líne [Béarla] (PDF, 272KB)
Tuilleadh eolais
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 (Béarla, PDF)
- Tuarascáil Bhliantúil 2024 (Béarla, PDF)
- Plean Straitéiseach Trí Bliana (2025-2027) (Béarla, PDF)
- Innéacs Rialála (Béarla, PDF)
- Téarmaí tagartha (Béarla, PDF)