Gach Nuacht

Níos mó ná € 7.5m de mhaoiniú ceadaithe do chraoltóirí faoin Scéim Fuaime agus Físe

Foilsithe ar

06,04,2023

D’fhógair Coimisiún Na Meán torthaí dhá bhabhta maoinithe Fuaime & Físe le déanaí.  ​Rachaidh níos mó ná €7.5m de mhaoiniú chuig craoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun cláir ardchaighdeáin a dhéanamh faoi chultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann lena gcraoladh ar raon de sheirbhísí raidió agus teilifíse náisiúnta, áitiúla agus pobail de chuid na hÉireann. Ba é seo an sciar deiridh den mhaoiniú a bhronn Údarás Craolacháin na hÉireann sular díscaoileadh é ar an 15 Márta​ 2023 agus sular bunaíodh Coimisiún na Meán, coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán.​

Fuair Babhta 47, den Scéim Fuaime agus Físe 4, 140 iarratas ar mhaoiniú dar luach beagáinín os cionn €12.8m.  Astu seo, d’éirigh le 96 tionscadal agus luach iomlán de thart ar €7.29 milliún ag baint leo.  Chuimsigh sé seo maoiniú de €636,000 do 67 tionscadal raidió agus €6.66m do 29 tionscadal teilifíse.  Tacóidh 35% den maoiniú le léiriú clár i nGaeilge/go dátheangach. 

Maidir le formáid, rachaidh 38% den mhaoiniú chuig cláir faisnéise, 20% go drámaí, 18% go siamsaíocht, 13% chuig oideachas agus 10% chuig cláir bheochana.  Ba é an tsochaí chomhaimseartha (38%) an seánra ba choitianta a moladh le haghaidh maoinithe, agus ansin na Leanaí (25%) agus na hEalaíona / Cultúr (22%).  As na tionscadail a moladh le haghaidh maoinithe, léireoidh táirgeoirí/cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha 81 díobh. Is ionann sin agus thart ar 95% den mhaoiniú iomlán a moladh.

Tá €1 milliún san áireamh sa leithdháileadh seo de €7.29 milliúin a shocraigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Catherine Martin, chun tacú le feidhmiú na scéime in 2023.

Faoi Bhabhta 48 den Scéim, tá maoiniú de €645,000 á thairiscint do 17 gcraoltóir pobail ar fud na tíre chun ábhar agus gníomhaíochtaí sochair shóisialta a fheabhsú dá bpobail.  Bhí an babhta seo oscailte d’earnáil na teilifíse pobail den chéad uair. Mharcáil seo glacadh na hearnála le Creat Sochair Shóisialta na Meán Pobail.  Soláthróidh an pacáiste moltaí do raon éagsúil de léiriúcháin cláir, for-rochtana agus gníomhaíochtaí oiliúna, ag stáisiúin phobail, grúpaí agus daoine aonair éagsúla ar fud earnáil an chraolacháin pobail.​

Tá liosta iomlán de na tograí a bhfuair maoiniú faoi bhabhta 47 ar fáil le híoslódáil anseo agus tá liosta iomlán de na tograí a bhfuair maoniú faoi bhabhta 48 ar fáil le híóslódáil anseo.

CRÍOCH

Teagmháil meán: Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 087-9881837.

Gach ceist eile: Coimisiún na Meán, 01-6441200.

Nóta d’eagarthóirí:

Ba iad na babhtaí seo na leithdháiltí deireanacha d’Údarás Craolacháin na hÉireann (an tÚdarás) roimh a dhíscaoileadh ar an 15 Márta 2023.  Aistríodh feidhmeanna an Údaráis chuig Coimisiún na Meán, coimisiún úr na hÉireann chun craoltóirí agus meáin ar líne a rialú agus agus chun tacú le forbairt na meán.