Gearáin a Láimhseáil, a Mhaoirsiú agus a Fhorfheidhmiú Ráiteas Príobháideachais

Cé muid féin

Is é Coimisiún na Meán (“An Coimisiún”, “muidne”, “ár”) coimisiún na hÉireann chun craoltóirí, soláthraithe seirbhísí meán ar éileamh (“soláthraí ar éileamh”), soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha (“soláthraí seirbhíse idirghabhálaí” nó “ISP”) a rialáil agus tacú le forbairt na meán. Leasaigh an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán 2022 an tAcht Craolacháin 2009 (arna leasú, “Acht 2009”) chun an Coimisiún a bhunú agus chun Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) A dhíscaoileadh.

Táimid freagrach as tírdhreach rathúil ilghnéitheach meán a chinntiú agus a chothabháil in Éirinn a éascaíonn meascán de ghuthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne. 

I measc na bhfreagrachtaí atá orainn tá: 

  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú. 
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh. 
  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán níos leithne in Éirinn agus tacú léi. 

Ina theannta sin, faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Rialachán (AE) 2022/2065) (an “DSA”), is é an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na hÉireann (DSC). Tá sé mar aidhm ag an DSA timpeallacht ar líne níos sábháilte a sholáthar i leith seirbhísí ar líne agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus díobhálacha ar líne agus scaipeadh na bréagaisnéise a chosc. Mar DSC, tá feidhmeanna maoirseachta agus forfheidhmithe ag an gCoimisiún chomh maith le ról maidir le comhordú agus comhoibriú le húdaráis náisiúnta eile agus le húdaráis eile AE a rialaíonn ábhar ar líne freisin.

Cosaint Sonraí

Bailíonn agus próiseálann an Coimisiún sonraí pearsanta le linn dó a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh faoin DSA agus faoi Acht 2009, lena n-áirítear freagairt do cheisteanna meán agus craolta, déileáil le gearáin, maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh leis an DSA agus imscrúduithe a dhéanamh.

Is é cuspóir an Ráitis Príobháideachais seo daoine aonair a bpróiseálaimid a sonraí pearsanta (“tusa”, “do”) a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a bhailímid, na húsáidí a d’fhéadfaimis a bhaint as sonraí den sórt sin sa chomhthéacs seo, cad iad na cearta atá agat maidir le do shonraí agus conas iad a fheidhmiú.

Is é Coimisiún na Meán rialaitheoir na sonraí pearsanta a bhfuil cur síos orthu sa Ráiteas Príobháideachais seo.

Conas teagmháil a dhéanamh linn
Cén cineál sonraí a bhaileoimid?
Bunúis Dhlíthiúla
An dteastaíonn do thoiliú uainn?
Cuspóirí na Próiseála agus an Bhunúis Dlí
An roinnimid nó an aistrímid do chuid sonraí chuig eagraíochtaí nó chuig daoine aonair eile?
Cá fhad a choinnímid sonraí?
Aistrithe thar lear
Ceanglas maidir le sonraí a sholáthar
Foinsí sonraí
Cinnteoireacht uathoibrithe
Faisnéis faoi do chearta
Gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí