Gach Nuacht

Seirbhísí nuachta a mhaoinítear go poiblí ‘tábhachtach don tsochaí’ — Digital News Report Ireland 2023

Foilsithe ar

14,06,2023

Maoiníonn Coimisiún na Meán cuimsiú sonraí Éireannacha i dtuarascáil idirnáisiúnta de chuid Reuters don naoú bliain

Creideann níos mó ná leath (58%) de thomhaltóirí nuachta digití in Éirinn go bhfuil seirbhísí nuachta a fhaigheann maoiniú poiblí ‘measartha tábhachtach’ nó ‘an-tábhachtach’ don tsochaí.  Creideann siad, áfach, go bhfuil na seirbhísí seo níos tábhachtaí don tsochaí ná mar atá siad dóibh féin (48%). Tá sin de réir torthaí ó Digital News Report Ireland 2023, a fhoilseoidh Coimisiún na Meán ar maidin (14.06.23).

Fuarthas amach sa staidéar freisin nach n-aontaíonn ach an ceathrú cuid de mhuintir na hÉireann (25%) gur fearr eagarthóir/iriseoir daonna a bheith ann chun roghnú nó coimeád a dhéanamh ar an nuacht a chuirtear ar fáil dóibh, agus creideann 31% gur fearr nuacht a bheith ar fáil atá roghnaithe ag algartam, bunaithe ar a stair féachana agus a roghanna. Mar sin féin, tá níos mó ná leath de thomhaltóirí nuachta na hÉireann (53%) ann a ‘aontaíonn go láidir’ nó go bhfuil ‘claonadh acu aontú’ go bhféadfadh nuacht phearsantaithe a bheith ina gcúis go gcaillfidís amach ar scéalta tábhachtacha nuachta, agus tá 51% ‘an-bhuartha’ nó ‘measartha buartha’ faoi bheith ag teacht ar na dearcthaí sin amháin a thagann lena gcuid tuairimí féin.

Déanann Institiúid Reuters don Staidéar ar an Iriseoireacht taighde don Digital News Report agus is é an taighde seo an staidéar comparáideach is mó leanúnach ar thomhaltas nuachta ar domhan. Tá sonraí na hÉireann mar chuid den suirbhé níos mó a dhéantar i 46 tír. Tá rannpháirtíocht na hÉireann éascaithe i mbliana ag Coimisiún na Meán, rialtóir nua na hÉireann do na meáin chraolacháin, ar éileamh agus ar líne. Tá feidhm forbartha meán ag an gCoimisiún freisin agus leanann sé leis an tacaíocht a thug a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Is taighdeoirí ó Institiúid DCU um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí (FuJo) a chuireann anailís ar shonraí na hÉireann ar fáil.

Áirítear sa tuarascáil anailís ar threochtaí idirnáisiúnta agus ar threochtaí na hÉireann ar lucht féachana nuachta ar líne, ar an gcaoi a bhfaigheann lucht féachana ar líne rochtain ar nuacht, ar mhuinín as foinsí nuachta, agus ar íocaíocht as an nuacht. I dtuarascáil na bliana seo breathnaítear freisin ar an ngéarchéim maidir le costas maireachtála mar fhaisnéis chomhthéacsúil ar shaincheisteanna na meán. Áirítear inti sé aiste ar ábhar spéise reatha, lena n-áirítear tionchar an chaillte post ardteicneolaíochta; podchraoladh nuachta agus íocaíocht as; líonraí frithshóisialta; laethanta deiridh an chló; tuairisciú ar an athrú aeráide, agus IS agus todhchaí na nuachta.

Ar na príomhthorthaí ó thuarascáil na bliana seo tá:

Spéis sa Nuacht: Tá spéis sa nuacht tar éis titim arís. Dúirt 52% de fhreagróirí go raibh ‘an-spéis go deo’ nó ‘an-spéis’ acu sa nuacht, síos cúig phointe céatadáin ar 2022. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil titim ghéar tagtha ar an-spéis sa nuacht i measc daoine óga ó 2016 i leith. Sa bhliain sin, léirigh 53% de na freagróirí idir 18 agus 24 bliana d’aois go raibh ‘an-spéis’ nó ‘an-spéis go deo’ acu sa nuacht, i gcomparáid le 28% in 2023. I gcodarsnacht leis sin, léirigh thart ar 69% acu siúd 65 bliana d’aois agus níos sine go raibh spéis mhór acu sa nuacht.

Muinín as an Nuacht: Tá muinín as an nuacht tite siar go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, agus dúirt 47% de fhreagróirí gur ‘aontaigh siad go láidir’ nó go raibh ‘claonadh acu aontú’ leis an ráiteas gur féidir leo muinín a bheith acu as an gcuid is mó den nuacht an chuid is mó den am. Cé go bhfuil sé sin tar éis titim cúig phointe ón bhliain seo caite, tá sé níos airde ná sa Ríocht Aontaithe (32%); sna Stáit Aontaithe (31%), agus san Eoraip (40%).

Foinsí Nuachta: Faigheann freagróirí an chuid is mó dá nuacht fós ar an teilifís agus ar líne (gan na meáin shóisialta san áireamh) agus tá an dá cheann acu ag 32%. Tá na meáin shóisialta ag 20%, tá raidió ag 11% agus tá nuachtáin chlóite ag 5%. I gcás daoine idir 18 agus 24 bliana d’aois, is iad na meáin shóisialta an fhoinse nuachta is tábhachtaí ag 39%, agus ina dhiaidh sin tá nuacht ar líne (gan na meáin shóisialta san áireamh) ag 31%. I measc na ‘dúchasaigh shóisialta’ sin, tá an teilifís ag 18%, an raidió ag 5% agus nuachtáin chlóite ag 5%.

Bréagnuacht: Tá imní faoin mífhaisnéis agus faoin mbréagaisnéis ag dul i méid. Tá imní faoi cad atá fíor agus cad atá bréagach ar an idirlíon measartha ard in Éirinn (64%), suas sé phointe céatadáin ar anuraidh. Tá sé seo i gcomparáid le 50% sa chuid eile den Eoraip. San am céanna, tá an leibhéal imní ag 64% sna Stáit Aontaithe agus is airde é sa Ríocht Aontaithe ag 69%.

Éisteacht le podchraoltaí: Tá an-tóir fós ar phodchraoltaí in Éirinn, agus dúirt 44% de fhreagróirí gur éist siad le podchraoladh le linn na míosa roimhe sin, i gcomparáid le 41% de fhreagróirí SAM, 34% de fhreagróirí Eorpacha agus 30% de fhreagróirí na Ríochta Aontaithe.

Maoiniú ón Rialtas d’iriseoireacht chun leas an phobail: Bhí an t-athrúaeráide agus nuacht faoin chomhshaol (44%) ina bpríomhábhair a mheastar gur fiú acmhainní breise rialtais a chur ar fáil dóibh. Sa dara háit bhí ‘grúpaí nach bhfuil freastal maith orthu’ (33%) amhail Lucht Siúil na hÉireann, pobal na n-imirceach agus an lucht féachana/éisteachta atá faoi mhíchumas. Tháinig cruinnithe comhairle áitiúla isteach ag 31%, agus ina dhiaidh sin clúdach na gcúirteanna ag 22%.

Ag trácht di, dúirt Coimisinéir Craolacháin Choimisiún na Meán, Celene Craig: “Thosaigh an BAI ar mhaoiniú a chur ar fáil do chuimsiú shonraí na hÉireann i dtuarascáil dhomhanda Reuters in 2015 toisc go dtugann an taighde léargas luachmhar ar thomhaltas na meán in Éirinn agus ar an gcaoi a dtéann sé i gcomparáid lenár gcomhpháirtithe san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe. I mbliana, tá léargas iontach tugtha sa tuarascáil arís ar an gcaoi a leanann teicneolaíocht dhigiteach agus treochtaí digiteacha ar aghaidh le hathrú a dhéanamh ar chruth ár dtírdhreach meán nuachta in Éirinn.

“Ar na príomhthorthaí i mbliana is ea an méadú atá ag teacht ar an imní atá ann i measc freagróirí Éireannacha faoi cad atá fíor agus cad atá bréagach ar an idirlíon — b’fhéidir mar gheall ar an gcaoi a bhfuil dúshlán ag baint leis an méadú ar úsáid na hintleachta saorga ó thaobh trédhearcacht agus cruinneas a chinntiú i dtáirgeadh nuachta. Tá sé mar aidhm ag Coimisiún na Meán oibriú i gcomhpháirtíocht le réimsí ábhartha spéise chun iarmhairt na bréagaisnéise in Éirinn agus ar fud na hEorpa a íoslaghdú.  Chuige sin, tá súil ag Coimisiún na Meán tógáil ar an obair a rinne an BAI ar Chód Cleachtais an AE maidir le Bréagaisnéis ó tugadh isteach an Cód deonach den chéad uair in 2018.

“Tá an Coimisiún ag cur go gníomhach freisin leis an obair ullmhúcháin atá á déanamh ar an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA), a thacaíonn leis an iolrachas agus leis an trédhearcacht sna meáin agus a bhfuil sé mar aidhm aige cosaintí a thabhairt isteach do réimse gníomhaithe in earnáil na meán. Ar deireadh, tá an Coimisiún ag súil freisin le leanúint ar aghaidh le taighde fiúntach a chur ar fáil chun cabhrú linn tírdhreach meán atá éagsúil agus iolraíoch a chinntiú in Éirinn, agus le scéimeanna nua maoinithe a fhógairt níos déanaí i mbliana chun tacú le hiriseoireacht chun leas an phobail.”

Dúirt an tOllamh Colleen Murrell: “Tá athrú de shíor ag teacht ar an gcaoi a ndéanaimid rochtain ar nuacht in Éirinn agus ar an gcaoi a dtéimid i ngleic léi. Tá cuid de na hathruithe sin ag tarlú go seasta le himeacht ama, amhail an t-aistriú ó nuachtáin chlóite go dtí na meáin shóisialta agus ar líne. Tá dlús á chur anois le cuid de na hathruithe sin de bharr tosca eile, amhail paindéim COVID-19, an ghéarchéim maidir le costas maireachtála, scoilt á déanamh ar lucht féachana ar líne atá agus cur isteach á dhéanamh ar ardáin. Is é an tábhacht a bhaineann leis an suirbhé nuachta bliantúil seo de chuid Reuters ná go gcuireann sé ar chumas comhlachtaí meán na treochtaí seo a scrúdú agus freagairt dóibh chun a chinntiú gur féidir le muintir na hÉireann leanúint ar aghaidh le rochtain a fháil ar mheáin atá faisnéiseach agus iontaofa. I mbliana arís, tugtar léargas an-spéisiúil ar na hábhair a bhfuil suim ag lucht féachana d’aoisghrúpaí éagsúla iontu, a bhfuil ina cúis imní dóibh, agus ar an áit a bhfuil siad ag fáil a gcuid nuachta.”

Is féidir Digital News Report Ireland 2023 a fháil anseo

CRÍOCH

Teagmháil: Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications. Teil: 087-9881837 / 087-753 0255..