An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán
Is éard atá i gceist leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM) rialachán ón Aontas Eorpach lena gcuirtear i bhfeidhm rialacha nua chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint agus féachtar lena áirithiú leis gur féidir leis na meáin oibriú ar bhealach níos fusa thar theorainneacha.
Ainmníodh Coimisiún na Meán mar an tÚdarás Rialála Náisiúnta in Éirinn chun forálacha áirithe a leagtar síos leis an dlí a chomhordú.
Leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán cuirtear i bhfeidhm sraith rialacha nua chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint san Aontas. Áiritheoidh siad gur féidir leis na meáin – idir phoiblí agus phríobháideach – feidhmiú ar bhealach níos éasca thar theorainneacha i margadh inmheánach an Aontais, gan bhrú míchuí agus claochlú digiteach spás na meán á chur san áireamh.
I measc nithe eile, leis An nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán déanfar foráil go ndéanfaí an méid seo a leanas:
- Neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint
- Foinsí iriseoireachta a chosaint, lena n-áirítear i gcoinne úsáid earraí spiaireachta
- Feidhmiú neamhspleách mheáin na seirbhíse poiblí a áirithiú
- Trédhearcacht úinéireacht na meán a fheabhsú
- Safeguard media against unjustified online content removal by very large online platforms
- Ceart a thabhairt isteach chun an tairiscint meán a shaincheapadh ar ghléasanna agus ar chomhéadain
- Trédhearcacht a ráthú i bhfógraíocht stáit do sholáthraithe seirbhíse meán agus d’ardáin ar líne
- A áirithiú go soláthróidh na Ballstáit measúnú ar thionchar na bpríomhchomhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta
- Borradh a chur faoin trédhearcacht maidir le tomhas pobail meáin do sholáthraithe seirbhíse meán agus d’fhógróirí
Sna leathanaigh thíos, tugtar breac-chuntas ar na príomhréimsí ina dtéimid i mbun chur chun feidhme na ngnéithe ábhartha de GESM in Éirinn.