Fógraí Ceadúnaithe
Seo iad na fógraí ceadúnaithe oscailte do sheirbhísí craolacháin fuaime tráchtála agus pobail, agus eolas faoi iarratas a dhéanamh.
Seirbhísí Craolacháin Fuaime Tráchtála
I gcomhréir le halt 65(6) den Acht Craolacháin 2009 arna leasú, cuireann Coimisiún na Meán (“An Coimisiún”) fáilte leis seo roimh léirithe spéise ó pháirtithe ar suim leo conartha craolacháin fuaime a bhaint amach d’fhonn ceann amháin den seirbhís craolacháin fuaime seo a leanas a sholáthar ar an mbanda FM:
- Seirbhís craolacháin fuaime náisiúnta: seirbhís i bhformáid leathan do gach duine fásta
Tá an conradh, le Bauer Audio Ireland Limited ar son Bauer Audio Ireland LP faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Today FM, le dul in éag ar an 31 Bealtaine 2027.
- Seirbhís craolacháin fuaime tiomanta ar cheol don aoisghrúpa 15-34 bliain d’ais i Réigiún Iardheisceart (Contaetha Chiarraí, Luimnigh, agus an Chláir, Tiobraid Árann Thuaidh, agus Laois Thiar Theas).
Tá an conradh, le Bauer Audio Ireland Limited ar son Bauer Audio Ireland LP faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Spin South West, le dul in éag ar an 28 Meitheamh 2027.
Tá Treoir ar Léirithe Spéise le haghaidh an Chonartha seo ar fáil anseo:
- Treoir um Léirithe Spéise le haghaidh Conradh Craolacháin Fuaime do Sheirbhís Náisiúnta i bhFormáid Leathan
- Treoir um Léirithe Spéise le haghaidh Sheirbhís Craolacháin Fuaime tiomanta ar cheol don aoisghrúpa 15-34 bliain d’aois i Réigiún Iardheisceart
Tá Foirm um Léiriú Spéise san áireamh sa Treoir. Ní mór do pháirtithe a bhfuil suim acu léiriú spéise a chur chuig an Coimisiún an Fhoirm um Léiriú Spéise a chomhlánú ina hiomláine agus í a chur isteach i bhformáid PDF chuig [email protected] faoi 12 meán lae ar an Luan, 27 Iúil 2026.
Ní hionann Léiriú Spéise a chuirtear isteach mar fhreagairt ar an bhfógra seo agus iarratas ar an gConradh nó aon chonradh craolacháin fuaime eile.
Cuirfear gach Léiriú Spéise bailí ar fáil don phobal tar éis don Choimisiún iad a mheas.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Bronnadh Conarthaí,
Coimisiún na Meán,
1 Áras Shíol Bhroinn,
Bóthar Shíol Bhroinn,
Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.
F: 01 6441200,
R: [email protected]
Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail
De réir Alt 65(8) den Acht Craolacháin, 2009 (“Acht 2009”), cuireann Coimisiún na Meán (“an Coimisiún”) fáilte roimh iarratais i scríbhinn ó dhuine nó ó chomhlacht ar spéis leo conradh craolacháin fuaime a bhaint amach chun an tseirbhís craolacháin fuaime seo a leanas a sholáthar ar an mbanda FM: