Airteagal 18 de GESM ‘Pribhléid na meán’
Le hAirteagal 18 de GESM soláthraítear buntáistí do na meáin aitheanta trína cheangal ar Ardáin an-Mhór ar Líne (VLOPanna) – ardáin nó innill chuardaigh a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir acu in aghaidh na míosa san Aontas Eorpach– cosaintí speisialta a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse meán aitheanta
Tá an fheidhmiúlacht seo deartha lena chinntiú go gcaitear go cuí le hiriseoireacht ardchaighdeáin i gcinntí modhnóireachta ábhair, lena laghdaítear an baol go mbainfí ábhar nuachta dlisteanach go mícheart nó go gcuirfí srian air. Ní mór do VLOPanna coimircí sonracha a chur chun feidhme le linn déileáil le hábhar na meán, lena n-áirítear próisis fíoraithe agus dícheall cuí feabhsaithe sula ndéanfaidh siad gníomhaíocht i gcoinne soláthraithe seirbhíse meán.
Faoin airteagal sin, ní mór do sholáthraithe seirbhíse meán a dhearbhú go bhfuil siad faoi réir ceanglais rialála maidir le freagracht eagarthóireachta i mBallstát amháin nó níos mó agus faoi réir maoirseacht arna déanamh ag údaráis rialála náisiúnta, nó go gcloíonn siad le sásraí comhrialála nó féinrialála a aithnítear go forleathan agus lena rialaítear caighdeáin eagarthóireachta.
I gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le comhlíontacht soláthraí seirbhíse meán leis na ceanglais sin, ní mór don ardán an-mhór ar líne deimhniú a lorg ón údarás rialála náisiúnta nó ón sásra comhrialála nó féinrialála ábhartha. Leis sin, cruthaítear córas fíorúcháin lena n-idirphléitear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus lena mbunaítear Coimisiún na Meán mar phríomhphointe teagmhála chun stádas rialála sholáthraithe seirbhíse meán na hÉireann a dheimhniú.
Teagmháil
Le haghaidh aon fhiosrúcháin, seol ríomhphost chuig [email protected].