Bunachar sonraí úinéireacht na meán

Is é is aidhm d’Airteagal 6 den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM) trédhearcacht in úinéireacht na meán a ráthú agus cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit leis é a chur de chúram ar chomhlachtaí inniúla forbairt a dhéanamh ar bhunachair sonraí náisiúnta maidir le húinéireacht na meán.

Tá dhá bhunachar sonraí úinéireachta meán á n-oibriú againn faoi láthair, a forbraíodh i gcomhar le Scoil na Cumarsáide Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:

Le Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil na Meán déantar foráil maidir le bunachar sonraí a bhunú ar bhonn reachtúil agus raon feidhme leathnaithe agus ceanglais éigeantacha maidir le fógra a thabhairt ann le haghaidh soláthraithe seirbhíse meán nuair a thugtar faisnéis ábhartha cothrom le dáta.

Le hAirteagal 6 de GESM agus lena reachtaíocht cur chun feidhme, ceanglófar na bunachair sonraí atá ann cheana a fhorbairt a thuilleadh chun bheith ag teacht le ceanglais GESM. Sainordaítear leis an Scéim Ghinearálta go mbeidh faisnéis a shonraítear in Airteagal 6(1) de GESM sa bhunachar sonraí, lena n-áirítear:

  • Ainm úinéirí díreacha nó indíreacha soláthraithe seirbhíse meán
  • Ainmneacha úinéirí tairbhiúla
  • Méid bliantúil iomlán na fógraíochta stáit a leithdháiltear orthu
  • Méid iomlán an ioncaim fógraíochta a fhaightear ó thríú tíortha

Nuashonruithe ar bhunachair sonraí

Ba cheart fógra a thabhairt do [email protected] maidir le breiseanna, leasuithe nó earráidí sonraí i mbunachar sonraí.