Oibleagáidí tuairiscithe ar sholáthraithe seirbhíse meán
Is éard atá i gceist leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM) rialachán ón Aontas Eorpach lena gcuirtear i bhfeidhm rialacha nua chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint agus féachtar lena áirithiú leis gur féidir leis na meáin oibriú ar bhealach níos fusa thar theorainneacha san Aontas.
Mar chuid de na hoibleagáidí trédhearcachta a cheanglaítear faoi GESM, beidh oibleagáidí tuairiscithe áirithe ar sholáthraithe seirbhíse meán.
Ón 8 Lúnasa 2025, tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse meán rochtain éasca agus dhíreach a thabhairt d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí ar an bhfaisnéis seo a leanas atá cothrom le dáta:
- Féiniúlacht agus teagmhálaithe na cuideachta
- Struchtúr úinéireachta
- Úinéireacht thairbhiúil
- Ioncam ó fhógraíocht rialtais
Nuair a rithfear an Bille um Rialáil na Meán, mar a moladh le Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil na Meán, beidh an dualgas sonrach seo a leanas ar sholáthraithe seirbhíse meán freisin:
- Coimisiún na Meán a chur ar an eolas aon uair a chuirtear an fhaisnéis úinéireachta agus fógraíochta stáit a cheanglaítear faoi Airteagal 6(1) de GESM ar fáil nó a thugtar cothrom le dáta í ar a n-ardáin chun bunachar sonraí náisiúnta maidir le húinéireacht na meán a choinneáil ar bun.
Tá sé beartaithe leis an bhfaisnéis seo a leanas cúnamh a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse meán trí phríomhfhaisnéis a sholáthar dóibh, faisnéis a mbeidh gá acu léi chun comhlíonadh a áirithiú. Ní hionann é agus comhairle dlí.
Oibleagáidí ón 8 Lúnasa 2025
Leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, tugtar isteach ceanglais trédhearcachta nua ar sholáthraí seirbhíse meán a oibríonn san Aontas Eorpach, agus beidh feidhm acu ón 8 Lúnasa 2025. Faoi na rialacha sin, ní mór do sholáthraithe seirbhíse meán rochtain éasca ar cheithre phríomhphíosa faisnéise a thabhairt dá bpobal meáin:
Féiniúlacht agus teagmhálaithe na cuideachta
Ní mór do sholáthraithe seirbhíse meán a n-ainm dlíthiúil oifigiúil, agus an chaoi le dul i dteagmháil leo, a chur ar taispeáint go soiléir.
Struchtúr úinéireachta
Ní mór do sholáthraithe seirbhíse meán ainm nó ainmneacha a n-úinéara dhírigh nó indírigh a shainaithint, lena n-áirítear aon scairshealbhóirí atá in ann tionchar a imirt ar an dóigh a n-oibríonn an chuideachta nó a ndéanann sí cinntí straitéiseacha. Mar chuid de sin, áirítear más le heintitis rialtais nó údaráis phoiblí iad.
Úinéireacht thairbhiúil
Ní mór do sholáthraithe seirbhíse meán a n-úinéirí tairbhiúla a chur in iúl, de réir shainmhínithe an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac
Ioncam ó fhógraíocht rialtais
Ní mór do sholáthraithe seirbhíse meán sonraí a thabhairt maidir leis an méid iomlán bliantúil a fhaightear go bliantúil ó fhógraíocht rialtais mar aon le haon ioncam fógraíochta a fhaigheann siad ó fhoinsí nó eintitis rialtais eachtracha.
Tá na bearta trédhearcachta sin ceaptha chun cuidiú leis an bpobal tuiscint a fháil ar na daoine a rialaíonn agus a mhaoiníonn a fhoinsí meán. Is é an sprioc atá ann éagsúlacht na meán a chosaint agus a áirithiú gur féidir le pobail meáin cinntí eolasacha a dhéanamh faoin nuacht agus faoin ábhar a thomhlaíonn siad.
Airteagal 6 de GESM
Tá an chuid ábhartha d’Airteagal 6 den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán leagtha amach thíos:
Dualgais na soláthraithe seirbhíse meán
1. Tabharfaidh soláthraithe seirbhíse meán rochtain éasca agus dhíreach d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí ar an bhfaisnéis seo a leanas a bheidh cothrom le dáta:
- a n-ainm dlíthiúil nó a n-ainmneacha dlíthiúla agus a gcuid sonraí teagmhála;
- ainm nó ainmneacha a n-úinéara dhírigh nó indírigh nó a n-úinéirí díreacha nó indíreacha a shealbhaíonn scaireanna a chuireann ar a gcumas dóibh tionchar a imirt ar an oibríocht agus ar an gcinnteoireacht straitéiseach, lena n-áirítear úinéireacht dhíreach nó indíreach ag stát nó ag údarás poiblí nó ag eintiteas poiblí;
- ainm nó ainmneacha a n-úinéirí tairbhiúla mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849;
- méid iomlán bliantúil na gcistí poiblí le haghaidh fógraíocht stáit a leithdháiltear orthu agus méid iomlán bliantúil an ioncaim fógraíochta a fuarthas ó údaráis nó ó eintitis phoiblí tríú tíortha.
2. Cuirfidh na Ballstáit de chúram ar údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta nó ar údaráis nó comhlachtaí inniúla eile bunachair sonraí náisiúnta a fhorbairt maidir le húinéireacht meán, ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1.
Ceanglais tuairiscithe a bheidh ann amach anseo faoi dhlí na hÉireann agus ról Choimisiún na Meán
D’fhormheas an Rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil Meán i mí Iúil 2025 agus féachtar léi an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM) a chur chun feidhme in Éirinn. Leis na forálacha ábhartha ó Cheannteideal 19 den Scéim Ghinearálta sin, tugtar breac-chuntas ar an gcreat reachtach intíre lena gcuirfear chun feidhme príomhghnéithe de GESM maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán agus oibleagáidí tuairiscithe.
Tá dhá bhunachar sonraí úinéireachta meán á n-oibriú againn faoi láthair, a forbraíodh i gcomhar le Scoil na Cumarsáide Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:
Tá sé beartaithe go mbeidh foráil sa Bhille um Rialáil na Meán maidir le bunachar sonraí i ndáil le húinéireacht meán a fhorbairt lena n-ionchorprófar an fhaisnéis a shonraítear in GESM.
Tá tábhacht ag fo-alt (4b) atá beartaithe do sholáthraithe seirbhíse meán, lena gceanglófar ar sholáthraithe seirbhíse meán fógra a thabhairt do Choimisiún na Meán aon uair a chuirtear an fhaisnéis úinéireachta a cheanglaítear faoi Airteagal 6(1) de GESM ar fáil nó a thugtar cothrom le dáta í ar a n-ardáin. Is é atá i gceist leis sin ná, cé gurb amhlaidh gur cheart do sholáthraithe seirbhíse meán a áirithiú cheana féin go mbeidh ‘rochtain dhíreach agus éasca’ ag a bhfaighteoirí seirbhíse ar a seirbhís faoi GESM ón 8 Lúnasa 2025 nuair a rithfear an reachtaíocht intíre sin, go mbeidh dualgas sonrach orthu freisin Coimisiún na Meán a chur ar an eolas faoi aon athruithe nó nuashonruithe chun bunachar sonraí náisiúnta maidir le húinéireacht na meán a choinneáil ar bun.
Ach tuiscint a fháil ar na ceanglais sin atá ar na bacáin, cuideofar le soláthraithe seirbhíse meán córais agus próisis iomchuí a ullmhú chun comhlíonadh a áirithiú nuair a thiocfaidh an reachtaíocht i bhfeidhm.
Príomhthéarmaí
Faoi Airteagal 2 den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, tá feidhm ag na sainmhínithe ábhartha seo a leanas:
ciallaíonn ‘seirbhís meán’ seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagail 56 agus 57 CFAE, i gcás inarb é príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di cláir nó preasfhoilseacháin a sholáthar, faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse meán, don phobal i gcoitinne, ar aon bhealach, d’fhonn eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil.
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse meán’ duine nádúrtha nó dlítheanach arb é a ghníomhaíocht ghairmiúil seirbhís meán a sholáthar agus ar a bhfuil freagracht eagarthóireachta as ábhar na seirbhíse meán a roghnú agus a chinneann an bealach ina n-eagraítear é;
Teagmháil
Le haghaidh fiosruithe maidir le hoibleagáidí tuairiscithe ar sholáthraithe seirbhíse meán nó cur chun feidhme faoi GESM, déan teagmháil linn ag [email protected].