Bearta sriantacha an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar staid na hÚcráine
Leagtar amach bearta sriantacha i ndáil le craolachán in Airteagal 2(f) de CR 833/2014, lena ngabhann liosta comhfhreagrach d’eagraíochtaí meán faoi thoirmeasc atá in Iarscríbhinn XV den Rialachán. Cuireadh ocht n‑eagraíocht meán eile le hIarscríbhinn XV mar chuid den 16ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a glacadh i mí Feabhra 2025 (CR 2025/395 lena leasaítear CR 833/2014). Tháinig an toirmeasc ar na hocht n‑eagraíocht meán eile i bhfeidhm ar an 9 Aibreán 2025.
Ar an 24 Meitheamh 2024, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh a 14ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise mar fhreagairt ar a cuid cogaíochta san Úcráin (CR 2024/1745 lena leasaítear CR 833/2014). Leis an bpacáiste sin tugadh isteach Airteagal 5(t), beart sriantach breise lena gcuirtear toirmeasc ar chineálacha éagsúla eagraíochtaí, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhíse meán (mar a shainmhínítear in AE CR 2024/1083) atá bunaithe i mBallstát, glacadh le maoiniú ón Rúis.
Tugtar breac-chuntas sa leathanach gréasáin seo ar na forálacha is déanaí maidir le meáin agus craolachán i mbearta sriantacha an Aontais Eorpaigh, a bhfuil éifeacht dhíreach acu. Tugtar an fhaisnéis ar an leathanach seo chun críoch faisnéise amháin agus níor cheart a mheas gur míniú dlíthiúil í ar rialacháin an Aontais Eorpaigh. Níl aon ról forfheidhmiúcháin ag Coimisiún na Meán i ndáil leis na smachtbhannaí seo. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán féachaint ar na hacmhainní atá nasctha thíos chun tuilleadh eolais a fháil nó má tá ceisteanna acu.