Inrochtaineacht seirbhísí meán closamhairc

Baineann an t-eolas thíos leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht agus reachtaíocht cur chun feidhme na hÉireann, I.R. Uimh. 636/2023. Tá sé beartaithe d’oibreoirí eacnamaíocha ar féidir a mheas go soláthróidh siad rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc.

Leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, Treoir ó AE (Treoir 2019/882), bunaítear íoscheanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí áirithe ar fud an Aontais Eorpaigh, d’fhonn feabhas a chur ar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus margadh inmheánach comhchuibhithe a áirithiú. Is é is aidhm di feabhas a chur ar rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa mhargadh aonair trí bhacainní inrochtaineachta lena gcuirtear bac ar a rochtain ar tháirgí agus seirbhísí a bhaint. In Éirinn, tagann na ceanglais sin chun bheith infheidhmithe ón 28 Meitheamh 2025.

Soláthraíonn muid, Coimisiún na Meán an treoir seo, atá an comhlacht a ainmnítear faoi I.R. 636/2023 mar an t údarás comhlíontachta atá freagrach as a áirithiú go mbeidh seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc (AVMS) i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ar a dtugtar breac chuntas sa reachtaíocht.

Leis an téarma ‘oibreoir eacnamaíoch’ tagraítear d’aon chuideachta nó eagraíocht atá faoi réir na n oibleagáidí inrochtaineachta a leagtar amach san Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht agus I.R. Uimh. 636/2023.

Cad iad príomhspriocanna na hIonstraime Eorpaí um Inrochtaineacht?

Seo a leanas príomhspriocanna na hIonstraime Eorpaí um Inrochtaineacht:

  • infhaighteacht táirgí agus seirbhísí inrochtana a mhéadú ar fud an Aontais Eorpaigh.
  • a áirithiú go gcuirfear ceanglais inrochtaineachta i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le táirgí agus seirbhísí a mhonarú agus a dhíol ar fud an Aontais.

Ról rialála Choimisiún na Meán

Tá Coimisiún na Meán ainmnithe mar an t údarás comhlíontachta ar a bhfuil freagrachtaí maoirseachta as seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar AVMS. Is seirbhísí craoltóireachta teilifíse agus seirbhísí meán closamhairc ar éileamh (físeán ar éileamh) iad AVMS. I measc na bhfreagrachtaí atá againn tá faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht, gearáin a fháil ón bpobal agus dul i ngleic leo, agus na hoibleagáidí a chuirtear ar sholáthraithe seirbhíse a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, cuirtear de chúram air aon iarrataí ar dhíolúintí ó na ceanglais sin a mheas agus a chinneadh. Ceanglaítear orainn faisnéis ábhartha a fhoilsiú freisin chun trédhearcacht a áirithiú agus táimid tiomanta do rannpháirteachas leanúnach ó na páirtithe leasmhara. Glacfaimid cur chuige comhréireach maidir leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht a rialáil. Tá sé mar aidhm againn tacaíocht agus athdhearbhú a sholáthar chun cuidiú leis an tionscal na hoibleagáidí nua sin a thuiscint agus a chomhlíonadh.

Aithnímid gur féidir go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha éagsúil ó thaobh méide, cumais agus an leibhéil eolais atá acu ar reachtaíocht inrochtaineachta. Dá réir sin, is é is aidhm dár gcur chuige:

  • Faisnéis a thairiscint maidir le hionchais rialála
  • Dea chleachtas agus glacadh caighdeán inrochtaineachta ábhartha a chur chun cinn
  • Idirphlé cuiditheach a éascú idir an rialálaí agus an tionscal, agus
  • Bearta forfheidhmiúcháin a chur i bhfeidhm go comhréireach, go cothrom agus go comhsheasmhach

Cé na seirbhísí a bhfuil Coimisiún na Meán freagrach astu?

Faoin Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, tá Coimisiún na Meán freagrach as seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc. Orthu sin is féidir go n áireofar:

  • Comhéadain teilifíse cliste agus bogearraí bosca bairr
  • Eolairí leictreonacha clár (EPGanna)
  • Feidhmchláir ar líne agus mhóibíleacha
  • Ardáin teilifíse agus sruthaithe
  • Comhbhailitheoirí ábhair

Tá freagrachtaí inrochtaineachta ar leith ar chraoltóirí teilifíse agus soláthraithe físeáin ar éileamh faoi reachtaíocht Eorpach éagsúil. Is féidir leat níos mó a fháil amach fúthu sin sna Rialacha Rochtana le haghaidh craoltóirí teilifíse agus sa Chód maidir le Seirbhísí Meán agus sna Rialacha maidir le Seirbhísí Meán le haghaidh soláthraithe seirbhíse meán closamhairc ar éileamh.

Níl Coimisiún na Meán freagrach as na táirgí lena soláthraítear na seirbhísí sin, amhail teilifíseáin chliste, callairí cliste, gutháin phóca nó ríomhairí glúine, nó seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar sheirbhísí fuaime amháin.

Acmhainní

Chun tuilleadh a fháil amach faoin Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht:

Chun tuilleadh a fháil amach faoi chaighdeáin: