Ainmniú ionadaithe dlíthiúla
Ceanglaítear le hAirteagal 13 den DSA ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas Eorpach (‘AE’), ach a chuireann seirbhísí ar fáil san AE, ionadaí dlíthiúil a ainmniú i scríbhinn i gceann de na Ballstáit ina bhfuil a gcuid seirbhísí á gcur ar fáil acu. Is féidir leis an ionadaí dlíthiúil a bheith ina dhuine dlítheanach nó ina dhuine nádúrtha.
Tá Coimisiún na Meán freagrach as ainmnithe a fháil d’ionadaithe dlíthiúla a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe in Éirinn.
Ní mór do sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha ainmniúcháin a eisiúint ar pháipéarachas ceannchlóite a chuideachta agus ní mór do dhuine atá údaraithe go cuí iad a shíniú.
Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith sa litir ainmniúcháin:
- sonraí ionchorpraithe sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha (tír ionchorpraithe agus uimhir chuideachta);
- sonraí ionchorpraithe sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha (tír ionchorpraithe agus uimhir chuideachta);
- ainm an ionadaí dhlíthiúil atá ainmnithe chun críoch Airteagal 13 den DSA agus sonraí an ionchorpraithe (más infheidhme);
- sonraí teagmhála an ionadaí dhlíthiúil (ainm, seoladh ríomhphoist, seoladh poist agus uimhir theileafóin teagmhála); agus
- ráiteas follasach ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha gur ainmníodh an t-ionadaí dlíthiúil chun críoch Airteagal 13 den DSA.
Bheadh sé ina chuidiú dúinn, agus do sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha, dá soláthródh soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha a bpríomhsheoladh gréasáin (URL) ag an am céanna. Cinnteoidh sé seo go n-aithneofar láithreacht ar líne soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha go tapa agus go cruinn.
Tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ar fáil go poiblí, go bhfuil rochtain éasca uirthi, go bhfuil sí cruinn agus go gcoinnítear cothrom le dáta í.
Ní mór ainmniúcháin ionadaithe dlíthiúla in Éirinn a chur in iúl dúinn. Is féidir ainmniúcháin nó ceisteanna a chur chuig [email protected].