Cé leo a mbaineann GSD?
Tá feidhm ag an ngníomh um sheirbhísí digiteacha (GSD) maidir le réimse leathan gnólachtaí agus seirbhísí ar líne. Le GSD úsáidtear an téarma Soláthraí Seirbhíse Idirghabhálaí (ISP) chun cur síos a dhéanamh ar na seirbhísí sin.
Ar na samplaí de sholáthraithe seirbhíse idirghabhálaí tá:
- áiteanna margaidh ar líne
- ardáin meán sóisialta agus comhroinnte inneachair
- aipmhargaí
- ardáin ar líne a bhaineann le taisteal agus lóistín
- soláthraithe seirbhísí idirlín
- líonraí soláthair inneachair
Déan an tráth na gceist
Cé atá ina bhfaighteoirí seirbhíse?
Meastar go bhfuil aon duine a phléann le seirbhís idirghabhálaí ina fhaighteoir nó ina faighteoir faoi GSD. Ní gá go mbeadh cuntas ag úsáideoirí ná go mbeidís cláraithe le seirbhís chun a mheas gur faighteoirí iad.
An dóigh a ngrúpáiltear seirbhísí idirghabhálaí le GSD
Roinntear seirbhísí idirghabhálaí i gceithre chatagóir. Baineann na catagóirí sin le hoibleagáidí a ghabhann le seirbhísí faoi GSD.
- Le catagóir 1 áirítear na soláthraithe seirbhíse idirghabhálaí uile.
- Tá catagóirí 2, 3 agus 4 ina ngrúpaí níos lú laistigh de chatagóir 1.
Seirbhísí chatagóir 1
Seirbhísí Cainéil Fhóraigh
Tarchuireann seirbhísí cainéil fhóraigh faisnéis a sholáthraíonn faighteoir na seirbhíse laistigh de líonra cumarsáide agus soláthraíonn siad rochtain ar líonra cumarsáide.
- Ar na samplaí tá soláthraithe seirbhísí idirlín, seirbhísí teachtaireachtaí díreacha, líonraí príobháideacha fíorúla (VPNanna), córais ainmneacha fearainn (DNSanna), Prótacal Idirlín Guthaithe (VoIP), cláir ainmneacha fearainn barrleibhéil.
- Tá seirbhísí cainéil fhóraigh ina seirbhísí de chatagóir 1
Seirbhísí taiscthe
Tarchuireann seirbhísí taiscthe faisnéis freisin. Stórálann siad faisnéis go huathoibríoch agus go sealadach ionas gur féidir í a chur ar fáil d’fhaighteoirí eile.
- Ar na samplaí de sheirbhísí taiscthe tá líonraí soláthair inneachair, seachfhreastalaithe oiriúnaithe ábhair, seachfhreastalaithe droim ar ais.
- Tá seirbhísí taiscthe ina seirbhísí de chatagóir 1.
Seirbhísí chatagóir 2
Seirbhís óstála
Stórálann seirbhísí óstála faisnéis a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse arna iarraidh sin dóibh.
- Ar na samplaí tá soláthraithe néalseirbhísí, áiteanna margaidh ar líne, na meáin shóisialta, aipmhargaí agus ardáin taistil agus lóistín.
- Tá seirbhísí óstála ina seirbhísí de chatagóir 1 agus catagóir 2
Seirbhísí chatagóir 3
Ardáin ar Líne
Tá ardáin ar líne ina gcineál seirbhíse óstála. Stórálann siad faisnéis agus scaipeann siad ar an bpobal í arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse.
- Ní fhéadfar a mheas go bhfuil seirbhís ina hardán ar líne más rud é:
- Go bhfuil stóráil agus comhroinnt faisnéise leis an bpobal ina ngné thánaisteach agus nach féidir an ghné sin a úsáid gan an tseirbhís phríomhúil.
- Is éard atá mar eisceacht air sin nuair a dhéantar an tseirbhís thánaisteach a chomhtháthú sa tseirbhís phríomhúil ar mhaithe le hoibleagáidí GSD a sheachaint.
- Tá ardáin ar líne ina seirbhísí de chatagóir 1, 2 agus 3.
Seirbhísí chatagóir 4
Ardáin An-Mhór ar Líne nó Innill Chuardaigh An Mhór ar Líne (VLOPanna agus VLOSEnna)
- Tá VLOPanna ina n ardáin ar líne (agus ina seirbhísí óstála freisin) ag a bhfuil 45 mhilliún faighteoir ghníomhacha mhíosúla dá seirbhís, nó níos mó ná sin, in AE.
- Tá VLOSEnna ina n innill chuardaigh (agus ina seirbhísí óstála freisin) ag a bhfuil 45 mhilliún meánfhaighteoir ghníomhacha dá seirbhís, nó níos mó, in AE.
- Tá VLOPanna agus VLOSEnna ina seirbhísí de chatagóir 1, 2, 3 agus 4.