Maoiniú do litearthacht sna meáin
Tá sainchúram reachtúil ag Coimisiún na Meán maidir le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur chun cinn. Measaimid gur aistear foghlama fad saoil í an litearthacht sna meáin. D’fhéadfadh deiseanna maoinithe a bheith ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh atá i gcomhréir lenár mBeartas um Litearthacht sna Meáin [Béarla] (PDF) agus réimsí tosaíochta eile.
Litearthacht sna Meáin le Dul i gCoinne na Bréagaisnéise
Is fadhb í an bhréagaisnéis atá ag dul i méid. Tá Glao ar Iarratais ar mhaoiniú do thionscnaimh litearthachta sna meáin ar leith in 2026 seolta againn. Tá €200,000 san iomlán ar fáil chun maoiniú a dhéanamh ar eagraíochtaí ar féidir leo gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise (NCDS) chun cabhrú le dul i ngleic le héifeachtaí díobhálacha na bréagaisnéise. Is é seo an chéad cheann de dhá ghlao a eiseofar in 2026. Leis an dara glao ar aighneachtaí, féachfar le micreadheontais a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí pobalbhunaithe litearthachta sna meáin.
Céard ar féidir tacú leis faoin nGlao ar Iarratais seo?
Cuirfidh Coimisiún na Meán maoiniú ar fáil chun tacú le roinnt gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin i gcomhréir le NCDS. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí le dul i ngleic le bréagaisnéis, mar atá leagtha amach in NCDS, is é sin:
- Trí theacht aniar agus muinín a chothú ar leibhéal an duine aonair agus leibhéal na sochaí agus/nó
- Trí níos mó comhoibrithe, comhair agus comhordaithe agus/nó
- Trí fhrithbhearta agus idirghabhálacha bunaithe ar fhianaise
I measc na samplaí de ghníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú faoin nglao seo tá taighde comhoibríoch ar litearthacht sna meáin, straitéisí leabharlainne agus litearthachta poiblí (lena n-áirítear straitéisí litearthachta sna meáin) amhail oiliúint, agus tionscnaimh um ardú feasachta atá mar bhonn faoi ghealltanais agus prionsabail NCDS.
Samplaí de ghníomhaíochtaí nach féidir tacú leo faoin nglao seo ná tionscnaimh litearthachta sna meáin nach bhfuil dírithe ar bréagaisnéis a chomhrac, ar scannáin, cláir theilifíse nó raidió a léiriú, nó ar phodchraoltaí a thaifeadadh, agus/nó ar urraíocht gníomhaíochtaí. I gcás deiseanna sna réimsí ag deireadh an liosta sin, d’fhéadfadh spéis a bheith agat inár gcláir mhaoinithe eile.
Féadfar a áireamh ar chostais incháilithe costais phearsanra agus, in imthosca teoranta, costais chaipitil.
Maoiniú agus conas iarratas a dhéanamh
Osclaítear iarratais ar Ghlao ar Iarratais 2026 ar 10 Márta 2026 agus dúnfar iad ar 13 Aibreán 2026.