Nuacht & Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála
Tacaíonn an Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche le hábhar seirbhíse poiblí i bhformáid chláir closamhairc a chuireann lucht féachana agus éisteachta ar an eolas agus a thugann cumhacht do shochaí dhaonlathach.
Is iad seo a leanas cuspóirí na Scéime:
- Éagsúlacht Iolrachta agus Éagsúlacht Ábhair a Fheabhsú: Deis a thabhairt do theilifís tráchtála neamhspleách a cumas a fheabhsú chun tuilleadh ábhair seirbhíse poiblí atá ar ardchaighdeán a sheachadadh. Is é sin, ábhar a chuireann le tuiscint an phobail ar chúrsaí gnóthaí poiblí agus a fheabhsaíonn réimse na bhfoinsí agus éagsúlacht ábhair seirbhíse poiblí do lucht féachana, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge.
- An Daonlathas a Chosaint agus a Fheabhsú: An deis a thabhairt do theilifís tráchtála neamhspleách acmhainní a dhíriú ar dhul i ngleic le saincheisteanna a bhfuil ríthábhacht leo agus a thacaíonn le daonlathas sláintiúil, lena n-áirítear gnóthaí poiblí agus bréagaisnéis/mífhaisnéis. Cuireann sé tacaíocht ar fáil le méadú ar infhaighteacht ábhair seirbhíse poiblí atá iontaofa agus ar ardchaighdeán a éascú. Is é sin, ábhar a chuireann an lucht féachana agus éisteachta ar an eolas faoi phríomh-shaincheisteanna agus imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar a saol, agus ábhar a fheabhsaíonn an dioscúrsa poiblí.
Babhtaí maoinithe reatha
Níl aon bhabhtaí maoinithe oscailte faoi láthair.
Cinntí maoinithe le déanaí
Léigh faoi thorthaí ár mbabhtaí maoiniúcháin is déanaí:
- Babhta 1: €2,989,200
Tuilleadh eolais
Is féidir ceisteanna faoin Scéim a sheoladh chuig [email protected]
Measúnóirí seachtracha
Déanann foirne measúnóirí seachtracha measúnú ar na hiarratais, measúnóirí a roghnaítear bunaithe ar a dtaithí ábhartha agus ar théama nó formáid gach babhta.