Tairiscintí maoinithe – Babhta 1
Bronnadh beagnach €3 mhilliún i mBabhta 1 den Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche chun tacú le teilifís tráchtála neamhspleách ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chruthú a neartóidh iolracht an ábhair iontaofa agus an rochtain atá ag lucht féachana na hÉireann air, rud a éascóidh an dioscúrsa poiblí níos eolaí agus a chuirfidh le daonlathas sláintiúil.
Seo thíos torthaí Bhábhta 1 den Scéim.
Tairiscintí maoinithe – Babhta 1 den Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na TeilifíseTráchtála Neamhspleáiche
| Iarratasóir | Cainéal | Tairiscint mhaoinithe* |
|---|---|---|
| Virgin Media Television Limited | Virgin Media One / Two | €2,989,200 |
*Is tairiscintí i bprionsabal amháin iad na tairiscintí maoinithe agus tá siad faoi réir glacadh agus conarthaithe.