Tús curtha le fiosrúcháin ar Meta, i leith Facebook agus Instagram

Woman using mobile phone

Chuir Foireann Fiosrúchán Choimisiún na Meán tús inniu (05.05.2026) le dhá fhiosrúchán fhoirmiúla ar leithligh ar Meta, soláthraí na n‑ardán Instagram agus Facebook, faoi Ghníomh an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha. Déanfar measúnú sna fiosrúcháin ar cé acu a sháraigh nó nár sháraigh na hardáin sin Airteagal 27 (go háirithe Airteagal 27.3) agus Airteagal 25 (go háirithe Airteagal 25.1) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

Tar éis athbhreithnithe arna ndéanamh ag foireann Maoirseachta Ardáin an Choimisiúin, agus measúnú ar ghearáin, tháinig ábhair imní chun cinn i ndáil le ‘pátrúin dhorcha’ fhéideartha, nó dearaí comhéadain ionramhálacha agus mealltacha, ar féidir go gcuirfear cosc ar dhaoine leo a gceart a fheidhmiú chun fotha córais moltaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú a roghnú. Mar chuid den ábhar imní sin, áirítear éagumas féideartha úsáideoirí fotha córais moltaí, nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, a roghnú agus a mhodhnú ar bhealach díreach so‑inrochtana, ag aon tráth. Chuaigh an Coimisiún i ndlúthchomhar freisin leis an gCoimisiún Eorpach agus le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile (rialálaithe náisiúnta) ar fud an Aontais Eorpaigh maidir leis an ábhar sin.

Is éard atá i gceist le fotha córais moltaí bunaithe ar phróifíliú liosta de phostálacha, físeáin, táirgí nó ailt a fheiceann duine agus a bheidh roghnaithe agus rangaithe don úsáideoir ag córas a fhoghlaimíonn ón méid a thaitníonn leis nó léi, ón rud lena mbíonn sé nó sí ag idirghníomhú, nó ón méid ar a gcaitheann sé nó sí a chuid nó a cuid ama. Is éard atá i gceist le próifíliú úsáid a bhaint as córais uathoibrithe chun inneachar nó fógraí a phearsantú bunaithe ar phatrúin i sonraí nó iompar duine.

Sna fiosrúcháin scrúdófar an méid seo a leanas:

  • Cé acu is féidir nó nach féidir le húsáideoir a chóras nó a córas moltaí roghnaithe a roghnú agus a mhodhnú agus an fheidhmiúlacht chun déanamh amhlaidh (rud nach mór a bheith inrochtana go díreach agus go héasca), trí chomhéadain Facebook agus Instagram – Airteagal 27(3),
  • Cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh le comhéadain Facebook agus Instagram ar líne a chuirtear dallamullóg ar úsáideoirí nó a thugtar orthu gan fotha córais moltaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú ar a sonraí pearsanta a roghnú – Airteagal 25(1).

Dúirt John Evans, an Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha ag Coimisiún na Meán: “Díreach os cionn dhá bhliain ó cuireadh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha i bhfeidhm, tá ról ríthábhachtach ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha chun cearta daoine agus ardán ar líne a athchothromú, agus oibleagáidí níos mó a chur ar ardáin chun daoine a choimeád sábháilte ar líne, agus níos mó ceart á dtabhairt do dhaoine ná mar a bhí acu roimhe sin.

Aithníonn Coimisiún na Meán na hábhair imní atá ag cuid mhór daoine faoi chórais moltaí, agus an díobháil fhéideartha a d’fhéadfadh na halgartaim sin a chruthú trí inneachar díobhálach a bhrú arís agus arís eile i bhfothaí úsáideoirí, go háirithe leanaí agus daoine óga. Is mian linn é a chur i gcuimhne d’úsáideoirí na nArdán An‑Mhór ar Líne, na cuideachtaí a bhfuil cur amach orthu i gcoitinne agus a d’aithneodh an chuid is mó againn, go bhfuil sé de cheart acu fotha córais moltaí a úsáid nach bhfuil bunaithe ar a sonraí pearsanta a phróifíliú.

Thairis sin, tá sé d’oibleagáid ar Ardáin An-Mhór ar Líne a chinntiú gur féidir le húsáideoirí an fotha malartach sin a roghnú aon tráth agus go mbeidh sé so‑inrochtana. Tá de dhualgas ar ardáin a chinntiú freisin nach ndéanfaidh siad a gcomhéadan a dhearadh ná a oibriú ar bhealach a thabharfadh ar úsáideoirí gan a gcearta a fheidh

Tá teachtaireacht shoiléir againn: tá sé do‑ghlactha go gcuirfeadh ardáin cosc ar dhaoine a gcearta a úsáid faoin dlí, nó go bhféachfaidís le tabhairt ar dhaoine gan roghanna cumhachtaithe a dhéanamh i dtaobh cé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn fothaí córais moltaí a bhfeiceann siad ar líne.

Leanfaidh Coimisiún na Meán, ina cháil mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, de mhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, gné amháin de Chreat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann, le haghaidh ardáin atá bunaithe in Éirinn. I gcás ina n‑aimseoimid fianaise ar neamhchomhlíonadh ó ardáin anseo, ní bheidh drogall orainn gníomhú ar mhaithe le ceart an phobail chun eispéireas níos sábháilte a bheith acu ar líne. I dteannta ghníomhaíocht an lae inniu, le sé mhí anuas d’oscail an Coimisiún trí fhiosrúchán eile ar Ardáin An‑Mhór ar Líne atá bunaithe in Éirinn, agus tá baint againn le ceithre fhiosrúchán eile a d’oscail an Coimisiún Eorpach.”

Na fiosrúcháin ar chuir an Fhoireann Fiosrúchán tús leo inniu, déanfar iad de bhun Chuid 8B den Acht Craolacháin 2009, arna leasú. Má shuitear go bhfuil an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha á shárú ag ardán, is féidir le Coimisiún na Meán smachtbhanna airgeadais riaracháin a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear fíneáil suas le 6% den láimhdeachas.

Chun comhairle agus tacaíocht a fháil maidir le do chearta a thuiscint ar líne, téigh chuig ár leathanach, Treoracha & Acmhainní