Gach Nuacht

Déanann taighde nua iniúchadh ar na cleachtais a bhaineann le táirgeadh tráchtaireachta fuaime agus tá sé mar aidhm aige feabhas a chur ar eispéireas na tráchtaireachta fuaime don lucht lagamhairc

Foilsithe ar

27,06,2023

Taighde á dhéanamh ag na hacadóirí ag DKIT, IADT, RTÉ agus OCBÁC agus tá sé á mhaoiniú ag Coimisiún na Meán

Seoladh tuarascáil taighde nua a bhaineann leis na seirbhísí a úsáideann an lucht lagamhairc chun rochtain a fháil ar ábhar na teilifíse, agus seoladh ar maidin í (27.06.23) le linn ócáide á hóstáil ag Coimisiún na Meán.

An aidhm atá leis an taighde, dar teideal ‘Investigating a Standardised Approach to Setting Audio Description Dip Values’, ná tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaidreamh idir na leibhéil fuaime i gcláir theilifíse ina bhfuil reacaireacht agus an caighdeán a mheastar atá ag an reacaireacht sna cláir.

Sa tuarascáil, a cuireadh i gcrích i mí an Mheithimh 2023, déantar achoimre ar na torthaí ar fad den tionscadal taighde ilchéime agus moltar bearta a d’fhéadfadh cleachtóirí tionscail a dhéanamh chun leanúnachas níos fearr a chur chun cinn i gcleachtais táirgthe TF agus chun eispéireas éisteachta feabhsaithe a chruthú d’úsáideoirí seirbhíse atá lagamhairc.

Ba é Coimisiún na Meán a mhaoinigh an tionscadal taighde trína chlár Éagsúlachta um Fhoghlaim agus Forbairt Earnála. Ba é Kieran Lynch  ó Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire agus Óran O’Neill  ó RTÉ, i gcomhar leis an Ollamh Tomás Ward ó Ionad Taighde Léargas SFI le haghaidh Anailísíocht Sonraí, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a rinne an taighde. Chomh maith leis sin, bhí ról lárnach ag Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill chun éascaíocht a dhéanamh ar an obair a chur i gcrích.

Is tráchtaireacht í Tráchtaireacht Fuaime (TF) a thugann cur síos ar an méid atá ag tarlú ar scáileán teilifíse i gcaitheamh an ama do dhaoine dalla nó lagamhairc sa lucht féachana. Ionas go mbeidh an tráchtaireacht soiléir, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le laghdú fuaime, nó Ísliú, sa bhunábhar cláir, chun cosc ​​a chur ar an tráchtaireacht fuaime a chumhdach. Is é an Luach Íslithe (LI) an méid comhthoraidh a laghdaítear fuaim an ábhair cláir. Déanann an staidéar iniúchadh ar na bealaí ar féidir feabhas a chur ar na cleachtais táirgthe TF, ar an gcaoi ar féidir leanúnachas níos fearr a chur ar fáil i socrú na leibhéil fuaime TF, agus ar an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar an eispéireas éisteachta d’úsáideoirí na seirbhíse Rochtain TF.

Cuireadh an taighde i gcrích thar roinnt céimeanna, lenar áiríodh:

  • Suirbhé tionscail i measc an phobail táirgthe TF idirnáisiúnta chun treochtaí agus dualgais táirgthe reatha a bhunú, chun taifead a dhéanamh ar eolas teicniúil na ndaoine atá ag táirgeadh TF, agus chun iniúchadh a dhéanamh lena fháil amach an gcuirfí fáilte roimh uathoibriú a dhéanamh ar Luachanna Íslithe (LIanna) a shocrú. Léiríodh sna torthaí go raibh neamhréireanna ann laistigh de chleachtais táirgthe TF, rud a thugann le fios go bhfuil gá le treoirlínte agus moltaí idirnáisiúnta chun na LIanna a shocrú laistigh de chláir reacaireachta.
  • Sraith turgnamh chun cleachtas measctha na n‑innealtóirí fuaime gairmiúla a thagarmharcáil agus iad ag socrú LIanna. Ghlac ochtar saineolaí ó phobal innealtóireacht fuaime na hÉireann páirt sa chéim seo i mí Mheán Fómhair/mí Dheireadh Fómhair 2022. D’eascair raon Luachanna Íslithe TF ‘tástála’ as seo – is é sin sraith de thrí LI do gach ceann de na raonta fuaime do chláir ‘Ciúin’, ‘Normálta’, agus ‘Ard’ – agus moladh go ndéanfadh lucht éisteachta sprice measúnú ar an méid sin.
  • Tástálacha éisteachta chun measúnú a dhéanamh ar na socruithe LI beartaithe lena fháil amach céard a gceapfadh an lucht éisteachta de. Rinneadh sin i mí Feabhra 2023 agus bhí 35 rannpháirtí i gceist, úsáideoirí seirbhíse TF agus éisteoirí ó réimse grúpaí níos leithne san áireamh.

Dúirt Kieran Lynch an méid seo, agus é ag caint faoin taighde: “Tá sé soiléir ónár dtaighde nach amháin go bhfuil rochtain thar a bheith tábhachtach maidir le hionchuimsitheacht an luchta éisteachta ach tá caighdeán na seirbhísí rochtana a chuirtear ar fáil chomh tábhachtach céanna. Ba cheart go gcuirfeadh na seirbhísí Tráchtaireachta Fuaime soiléireacht leanúnach ar fáil faoi na sleachta reacaireachta, chomh maith le caighdeán an bhunscéil sa chlár a choinneáil. Ach, tugann an fhianaise anseo le fios nach bhfuil eispéiris na n‑úsáideoirí TF leanúnach ar fud na seirbhísí craolacháin agus sruthaithe, go n‑eascraíonn na neamhréireanna as easpa moltaí agus treoirlínte sa tionscal chun Luachanna Íslithe Tráchtaireachta Fuaime a shocrú, agus déanann pearsanra léiriúcháin neamhtheicniúla an tasc teicniúil seo go minic. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbunófar sraith caighdeán agus treoirlíne teicniúil chun na Luachanna Íslithe TF cuí a shocrú.

“Táimid den tuairim gurb é dea‑chleachtas i dtáirgeadh an ábhair TF chun innealtóirí fuaime gairmiúla a bhfuil taithí acu a bheith againn agus na Luachanna Íslithe Tráchtaireachta Fuaime á socrú. Ach, aithnímid nach rogha é seo i gcónaí agus is mar gheall air sin gur cheart do shraith beart teicniúil molta ligean do na léiritheoirí TF caighdeán leanúnach a thabhairt isteach ina n‑ábhar agus tionchar dearfach a imirt ar an bpobal lagamhairc.”

Dúirt an Coimisinéir Craolacháin Celene Craig an méid seo a leanas: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte a chinntiú sna meáin, ag tógáil ar obair ár réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Rinne an BAI athbhreithniú in 2022 ar na Rialacha Rochtana, atá deartha chun tuiscint agus taitneamh na teilifíse a mhéadú i measc daoine atá bodhar, lagéisteachta, dall nó lagamhairc. I rith na bliana seo chugainn, déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú ar na rialacha seo. Beidh an taighde a foilsíodh inniu ina chabhair chun eolas a dhéanamh do chomhráite agus d’fhorbairt beartais sa réimse seo.”

CRÍOCH

Teagmháil: Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications. Teil: 087-9881837 / 087-753 0255.

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Is féidir an tuarascáil a fháil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Meán anseo.
  • Rinneadh an suirbhé tionscail i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus bhí 42 rannpháirtí páirteach ann, lenar áiríodh scripteoirí TF, tráchtairí, innealtóirí fuaime, léiritheoirí meán agus stiúrthóirí in Éirinn, sa RA, san Eoraip, i SAM, i gCeanada, san Airgintín agus san Astráil.

Maidir le Coimisiún na Meán:

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí agus na meáin ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte sna meáin a chinntiú agus a chothabháil in Éirinn, tírdhreach a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha.

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus seirbhísí físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin, agus faoi láthair tá Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, Coimisinéir Forbartha na Meán, agus Coimisinéir Craolacháin ann. Tá earcaíocht ar siúl faoi láthair le haghaidh Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha.