Athbhreithniú inmheánach Tobhaigh
Athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a rinne Coimisiún na Meán (“an Coimisiún”) faoi ordú tobhaigh a rinneadh de bhun alt 21 d’Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) (“Acht 2009”)
Cad is athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a rinne an Coimisiún faoi ordú tobhaigh ann?
Mar a sholáthraítear in alt 21(6)(e) d’Acht 2009, tá soláthraí i dteideal athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar chinneadh a dhéanann an Coimisiún de bhun an ailt ábhartha den Ordú Tobhaigh atá i bhfeidhm tráth aon iarratais ar athbhreithniú inmheánach (“an Ordú Tobhaigh”).
Leagann amach na Nósanna Imeachta maidir le hathbhreithniú inmheánach ar chinneadh a rinne an Coimisiún faoi Ordú Tobhaigh [Beárla] (PDF) an próiseas go mion. ,Lleagann amach na Nósanna Imeachta, inter alia, na nithe seo a leanas:
- Samplaí de chineálacha cinntí is infheidhme maidir le hathbhreithniú inmheánach;
- Cé atá i dteideal athbhreithniú inmheánach a lorg;
- Scóip theoranta an athbhreithnithe inmheánaigh;
- Próiseas an athbhreithnithe inmheánaigh; agus
- Toradh féideartha an athbhreithnithe inmheánaigh.
Conas iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú
Déanfaidh soláthraí ar mian leis an ceart athbhreithniú inmheánach a iarraidh é a chur i scríbhinn , ag úsáid Foirme Iarratais Athbhreithnithe an Choimisiúin [Béarla] (Word), laistigh de 21 lá féilire tar éis chinneadh ábhartha an Choimisiúin faoin Ordú Tobhaigh.
Cáipéisí gaolmhara agus bunús dlí
- Ordú Tobaigh 2025 (I.R. Uimh. 602/2025): scóip, sainmhínithe, tréimhse dleachta (ón 1 Eanáir 2026), catagóirí agus sceidil
- Treoir Choimisiún na Meán, maidir leis an tobhacht (PDF)
Teagmháil (le haghaidh ceisteanna roimh iarratas)
Foireann Athbhreithnithe Inmheánach: [email protected].