Athbhreithniú inmheánach Tobhaigh

Athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a rinne Coimisiún na Meán (“an Coimisiún”) faoi ordú tobhaigh a rinneadh de bhun alt 21 d’Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) (“Acht 2009”)

Cad is athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a rinne an Coimisiún faoi ordú tobhaigh ann?

Mar a sholáthraítear in alt 21(6)(e) d’Acht 2009, tá soláthraí i dteideal athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar chinneadh a dhéanann an Coimisiún de bhun an ailt ábhartha den Ordú Tobhaigh atá i bhfeidhm tráth aon iarratais ar athbhreithniú inmheánach (“an Ordú Tobhaigh”).

Leagann amach na Nósanna Imeachta maidir le hathbhreithniú inmheánach ar chinneadh a rinne an Coimisiún faoi Ordú Tobhaigh (PDF) an próiseas go mion. ,Lleagann amach na Nósanna Imeachta, inter alia, na nithe seo a leanas:

  • Samplaí de chineálacha cinntí is infheidhme maidir le hathbhreithniú inmheánach;
  • Cé atá i dteideal athbhreithniú inmheánach a lorg;
  • Scóip theoranta an athbhreithnithe inmheánaigh;
  • Próiseas an athbhreithnithe inmheánaigh; agus
  • Toradh féideartha an athbhreithnithe inmheánaigh.

Conas iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú

Déanfaidh soláthraí ar mian leis an ceart athbhreithniú inmheánach a iarraidh é a chur i scríbhinn , ag úsáid Foirme Iarratais Athbhreithnithe an Choimisiúin (Word), laistigh de 21 lá féilire tar éis chinneadh ábhartha an Choimisiúin faoin Ordú Tobhaigh.

Cáipéisí gaolmhara agus bunús dlí

Teagmháil (le haghaidh ceisteanna roimh iarratas)

Foireann Athbhreithnithe Inmheánach: [email protected].