Comhairliúcháin

Féach na comhairliúcháin phoiblí reatha agus na comhairliúcháin phoiblí a rinneadh le déanaí.

Liostaítear na comhairliúcháin a fhoilsítear ó mhí na Samhna 2024 ar aghaidh. Is féidir teacht ar gach comhairliúchán eile roimh an dáta sin sa rannán Nuachta.

Ordú Tobhaigh 2026 

Stádas: Oscailte

Dáta tosaigh: 3 Meán Fómhair

Osclaíodh comhairliúchán poiblí maidir lenár nOrdú Tobhaigh 2026. Ceadaíonn an tOrdú Tobhaigh do Choimisiún na Meán tobhaigh airgeadais a ghearradh ar sholáthraithe seirbhíse chun a gcaiteachas a thabhaítear agus a riachtanais chaipitil oibre a chlúdach.

Dáta deiridh: 1 Deireadh Fómhair 2025

Dréacht-Bheartas um Iolrachas na Meán

Stádas: Oscailte

Dáta tosaigh: 1 Meán Fómhair

Tá sé i gceist leis an mBeartas soiléireacht a thabhairt ar thuiscint Choimisiún na Meán ar iolrachas na meán, agus conas a threoróidh iolrachas na meán gníomhaíochtaí na heagraíochta.

Dáta deiridh: 24 Deireadh Fómhair 2025

Dréacht-Ráiteas Straitéise

Stádas: Dúnta

Dáta tosaigh: 6 Samhain 2024

Cuireadh tús leis an gcomhairliúchán poiblí ar ár gcéad Ráiteas Straitéise. Leagtar amach sa dréacht-Straitéis fís, misean agus torthaí straitéiseacha Choimisiún na Meán, mar aon le huirlisí seachadta agus cumasóirí straitéiseacha.

Dáta deiridh: 4 Nollaig 2024