Ár Ráiteas Straitéise

Clúdaíonn ár gcéad Ráiteas Straitéise an tréimhse trí bliana ó 2025 go 2027 agus leagann sé amach ár bhfís don tírdhreach meán in Éirinn, chomh maith le sé thoradh straitéiseacha a chabhróidh linn fócas géar a choinneáil ar an bhfís sin.

Leagtha amach sa Ráiteas Straitéise freisin, tá ár misean – ár gcur chuige chun ár ról reachtúil a fheidhmiú agus na luachanna a bhíonn mar bhunchloch de gach gné dár gcuid oibre. Thar an trí bliana faoi chaibidil, díreoidh an Ráiteas Straitéise ár n-iarrachtaí, stiúrfaidh sé ár gcuid cinntí agus tacóidh sé linn monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Comhlánófar é lenár gcláir oibre bhliantúla, ina gcuirfear níos mó sonraí ar fáil maidir le tionscadail aonair agus sruthanna oibre.

Clár Oibre Bliantúil

Leagtar amach inár gClár Oibre Bliantúil 2025 na tionscadail tosaíochta a gcuirfimid tús leo nó a ndéanfaimid dul chun cinn orthu i rith na bliana féilire. Tacóidh na tionscadail seo linn ár bhfís a bhaint amach, agus cuirfidh siad le ceann amháin, ar a laghad, dár gcuid torthaí straitéiseacha a chur i gcrích.  

Comhlánófar iad le sraith uirlisí seachadta agus áisitheoirí a chuirfidh ar ár gcumas dul chun cinn fóinteach a dhéanamh i dtreo ár dtorthaí straitéiseacha. Tá na huirlisí seachadta agus áisitheoirí seo, agus na gníomhartha tosaíochta fúthu, leagtha amach sa Chlár Oibre freisin.

Straitéis i leith Daoine

Lenár gcéad Straitéis i leith Daoine, Athrú “Ag Ardú Daoine, ag Glacadh leis an Éagsúlacht”, cumhdaítear an tréimhse trí bliana ó 2025 go 2027. Leagtar amach inti ár bhfís chun leas a bhaint as cumas ár muintire, chun ár gcultúr a neartú, agus chun é a chinntiú go bhfuil comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht leabaithe i ngach a ndéanaimid.

In Athrú, déantar ár dtiomantas chun an bealach a n-oibrímid lena chéile, a dtreoraímid a chéile agus a dtacaímid lena chéile a léiriú, ag cur san áireamh i gcónaí na luachanna is tábhachtaí dúinn: iontaoibh, tionchar, neamhspleáchas, misneach, dírithe ar dhaoine, agus ionracas. I gcaitheamh na tréimhse seo, múnlóidh an Straitéis seo an chaoi a meallaimid agus a gcoinnímid tallann, an chaoi a gcothaímid folláine agus foghlaim, agus an chaoi a gcruthaímid ionad oibre ina léirítear meas ar ionchur gach aon duine.

Amhail ár Ráiteas Straitéise, gheobhaidh Athrú tacaíocht ó phleananna gníomhaíochta bliantúla lena soláthraítear tuilleadh sonraí maidir le tionscnaimh agus cláir, rud a chinnteoidh go leanfaidh ár gcur chuige de bheith spriocdhírithe, dírithe ar dhaoine agus ailínithe le misean ár n-eagraíochta.