Comhairliúcháin

Féach na comhairliúcháin phoiblí reatha agus na comhairliúcháin phoiblí a rinneadh le déanaí.

Liostaítear na comhairliúcháin a fhoilsítear ó mhí na Samhna 2024 ar aghaidh. Is féidir teacht ar gach comhairliúchán eile roimh an dáta sin sa rannán Nuachta.

Dréachtchód agus Dréachtrialacha Craolacháin maidir le Cumarsáid Tráchtála 

Stádas: Oscailte

Dáta tosaigh: 9 Deireadh Fómhair 2026

Sheol Coimisiún na Meán comhairliúchán ar a Dhréachtchód agus Dréachtrialacha maidir le Cumarsáid Tráchtála. Baineann an Cód agus na Rialacha le fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus cineálacha eile promóisin thráchtálaigh ar an raidió agus ar an teilifís in Éirinn. Déanann an Dréachtchód agus na Dréachtrialacha Cumarsáide maidir le Cumarsáid Tráchtála comhdhlúthú i ndoiciméad amháin ar na cóid seirbhíse meán agus rialacha seirbhíse meán reatha a bhaineann le cumarsáid tráchtála.

Dáta deiridh: 27 Samhain 2026

Dréacht-Ráiteas maidir le Nós Imeachta agus Modheolaíocht le haghaidh an bhreithmheasa ar na Meáin Seirbhíse Poiblí

Stádas: Oscailte

Dáta tosaigh: 29 Meán Fómhair 2026

D’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán sé seachtaine le páirtithe leasmhara maidir lena dhréacht-Ráiteas Nós Imeachta agus Modheolaíochta don mheasúnú trí bliana ar na soláthraithe Meán Seirbhíse Poiblí, RTÉ agus TG4, don tréimhse 2028–2030.

Dáta deiridh: 10 Samhain 2026

Straitéis um Seirbhísí Craolacháin

Stádas: Oscailte

Dáta tosaigh: 28 Meán Fómhair 2026

Tá comhairliúchán poiblí oscailte ag Coimisiún na Meán maidir le Straitéis nua um Seirbhísí Craolacháin. Is é is aidhm don chomhairliúchán seo dearcthaí a lorg ar a bhfuil i ndán don cheadúnú agus don chreat rialála a bhaineann leis.

Dáta deiridh: 9 Samhain 2026

Ordú Tobhaigh 2027

Stádas: Dúnta

Dáta tosaigh: 28 Lúnasa 2026

Osclaíodh comhairliúchán poiblí maidir lenár nOrdú Tobhaigh 2027. Ceadaíonn an tOrdú Tobhaigh do Choimisiún na Meán tobhaigh airgeadais a ghearradh ar sholáthraithe seirbhíse chun a gcaiteachas a thabhaítear i gceart agus a riachtanais chaipitil oibre a chlúdach.

Dáta deiridh: 1 Deireadh Fómhair 2026

Scéim na Meán Pobail

Stádas: Dúnta

Dáta tosaigh: 10 Meitheamh 2026

Tá comhairliúchán oscailte ag Coimisiún na Meán maidir le scéim mhaoinithe chun tacú le Meáin Phobail. Is é cuspóir an chomhairliúcháin ar dhoiciméad an Dréacht-Scéime (PDF) tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil faoi chuspóirí, paraiméadair agus conas a reáchtálfar í.

Dáta deiridh: 1 Iúil 2026

Dréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí meán closamhairc ar-éileamh

Stádas: Dúnta

Dáta tosaigh: 29 Aibreán 2026 

D’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí maidir lena Dhréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí meán closamhairc ar-éileamh. Is éard is cuspóir le Dréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí físeáin-ar-éileamh ná tacú le héagsúlacht chultúrtha agus le earnáil chlosamhairc na hEorpa agus iad a chur chun cinn chomh maith.

Dáta deiridh: 17 Meitheamh 2026

Tionscnamh maoinithe chun tacú le Teilifís Tráchtála Neamhspleách

Stádas: Dúnta

Dáta tosaigh: 2 Deireadh Fómhair 2025 

D’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí ar tionscnamh maoinithe chun tacú le Teilifís Tráchtála Neamhspleách. Is é an chúis go bhfuiltear ag dul i mbun comhairliúcháin ar dhoiciméad na Scéime ná chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil faoi chuspóirí agus paraiméadair na scéime agus faoin gcaoi a reáchtálfar í. 

Dáta deiridh: 31 Deireadh Fómhair 2025

Ordú Tobhaigh 2026 

Stádas: Dúnta

Dáta tosaigh: 3 Meán Fómhair

Osclaíodh comhairliúchán poiblí maidir lenár nOrdú Tobhaigh 2026. Ceadaíonn an tOrdú Tobhaigh do Choimisiún na Meán tobhaigh airgeadais a ghearradh ar sholáthraithe seirbhíse chun a gcaiteachas a thabhaítear agus a riachtanais chaipitil oibre a chlúdach.

Dáta deiridh: 1 Deireadh Fómhair 2025

Dréacht-Bheartas um Iolrachas na Meán

Stádas: Dúnta

Dáta tosaigh: 1 Meán Fómhair

Tá sé i gceist leis an mBeartas soiléireacht a thabhairt ar thuiscint Choimisiún na Meán ar iolrachas na meán, agus conas a threoróidh iolrachas na meán gníomhaíochtaí na heagraíochta.

Dáta deiridh: 24 Deireadh Fómhair 2025

Dréacht-Ráiteas Straitéise

Stádas: Dúnta

Dáta tosaigh: 6 Samhain 2024

Cuireadh tús leis an gcomhairliúchán poiblí ar ár gcéad Ráiteas Straitéise. Leagtar amach sa dréacht-Straitéis fís, misean agus torthaí straitéiseacha Choimisiún na Meán, mar aon le huirlisí seachadta agus cumasóirí straitéiseacha.

Dáta deiridh: 4 Nollaig 2024