Forbairt na Meán

Déanann Coimisiún na Meán raon gníomhaíochtaí chun tacú le hearnáil meán na hÉireann agus chun cabhrú le hábhar a fhorbairt do lucht féachana na hÉireann a léiríonn agus a mhúnlaíonn sochaí na hÉireann. Reáchtálaimid scéimeanna maoinithe chun tacú le táirgeadh agus caomhnú ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, agus in 2024, tabharfaimid tús áite d’fhorbairt Scéim tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus Scéim Tuairiscithe Cúirteanna, chun soláthar nuachta ardchaighdeáin, éagsúil agus nuálaíoch a spreagadh agus chun trácht a dhéanamh ar cúrsaí reatha.

Tacaímid le forbairt earnáil na meán agus imeachtaí agus gníomhaíochtaí gaolmhara trí urraíocht agus trí chláir foghlama agus forbartha earnála a chur i bhfeidhm. Cinntíonn tionscnaimh litearthachta na meán, agus ár dtacaíocht do Media Literacy Ireland gur féidir le daoine a thuiscint go criticiúil agus idirghníomhú leis na meáin agus roghanna eolasacha a dhéanamh maidir lena bhfeiceann siad, a léann siad agus a roinneann siad ar líne. Tá sé mar aidhm againn freisin ardchaighdeáin cleachtais chomhshaoil a chur chun cinn in earnáil na meán, tríd an Broadcasting Sustainability Network.

Ina theannta sin, is céim thábhachtach í Straitéis Inscne, Comhionannas, Cuimsithe agus Éagsúlachta An Choimisiúin, atá le foilsiú go luath in 2024, chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil na meáin éagsúil go cuí, inrochtana, cuimsitheach agus ionadaíoch d’Éirinn an lae inniu.

Foghlaim tuilleadh faoinár gcuid oibre forbartha na meán thíos.

Fuaim agus Fís
Scéim Urraíochta
Foghlaim agus Forbairt Earnála
Scéim um Chartlannú