Fógraí Ceadúnaithe
Seo iad na fógraí ceadúnaithe oscailte do sheirbhísí craolacháin fuaime tráchtála agus pobail, agus eolas faoi iarratas a dhéanamh.
Seirbhís Craolacháin Fuaime Tráchtála
I gcomhréir le halt 67(3) den Acht Craolacháin 2009 arna leasú (“an tAcht”), fógraíonn Coimisiún na Meán (“An Coimisiún”) leis seo an rún atá aige an nós imeachta mear ceadúnaithe a agairt faoi alt 67(6) den Acht chun críocha conradh craolacháin fuaime (“Conradh”) a bhronnadh chun go soláthrófar an tseirbhís craolacháin fuaime seo a leanas ar an mbanda FM:
Seirbhís craolacháin fuaime do sheirbhís urlabhra agus nuachta gar-náisiúnta dírithe ar dhaoine fásta
Tá an Conradh, arna choimeád faoi láthair ag an sealbhóir, Bauer Media Audio Ireland, atá ag craoladh faoin ainm Newstalk, le dul in éag ar an 31 Nollaig 2026.
Molann an Coimisiún Conradh breise a bhronnadh chun go soláthrófar an tseirbhís seo don réimse saincheadúnais sin go ceann tréimhse deich (10) mbliana ó 1 Eanair 2027 to dtí an 31 Nollaig 2037.
Aon duine, seachas an sealbhóir, ar spéis leis nó léi an tseirbhís craolacháin fuaime sin a sholáthar, ní mór dó nó di a chur in iúl i scríbhinn gur mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar bhronnadh an Chonartha agus éarlais €25,000 a íoc leis an gCoimisiún faoin 2 Aibreán 2026. Tá a leithéid d’éarlais in-aisíoctha má chuirtear iarratas ar bhronnadh an Chonartha faoi bhráid ian Choimisiúin ina dhiaidh sin i gcomhréir le halt 65 den Acht.
Ní mór an aighneacht i scríbhinn a dhéanamh i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach sa cháipéis Treoir d’Aighneachtaí: Léiriú Intinne le haghaidh Conradh Craolacháin Fuaime chun Seirbhís Urlabhra agus Nuachta Gar-náisiúnta a sholáthar (PDF), atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin www.cnam.ie nó ar iarratas ón gCoimisiún ach ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó glaoch a chur ar 01 644 1200. Tá Foirm don Léiriú Intinne (Word) ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin freisin. Ní mór an Fhoirm chomhlánaithe / aighneacht i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Aibreán 2026.
Tabhair faoi deara nach measfar gurb ionann Léiriú Spéise a aighniú mar fhreagra ar an bhfógra seo agus iarratas a dhéanamh ar an gConradh. Eiseofar cuireadh ar leith chun iarratas a dhéanamh ar bhronnadh an Chonartha i gcomhréir le halt 65(8) den Acht sa chás go measann an Coimisiún go bhfuil a leithéid iomchuí. Ba chóir Léiriú Intinne le haghaidh bhronnadh an Chonartha a sheoladh chuig:
Ceadúnú Craolacháin
Coimisiún na Meán
1 Áras Shíol Bhroinn, Bóthar Shíol Bhroinn,
Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.
F: 01 6441200,
R: [email protected]
Cuireann an Coimisiún fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge.
Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail
De réir Alt 65(8) den Acht Craolacháin, 2009 (“Acht 2009”), cuireann Coimisiún na Meán (“an Coimisiún”) fáilte roimh iarratais i scríbhinn ó dhuine nó ó chomhlacht ar spéis leo conradh craolacháin fuaime a bhaint amach chun an tseirbhís craolacháin fuaime seo a leanas a sholáthar ar an mbanda FM:
Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail Sainspéise (Pobal na Gaeilge) do Bhaile Átha Cliath
Ba cheart go mbeadh na cláir ar an tseirbhís dírithe ar an bpobal agus go dtabharfaidís aghaidh ar leasanna mhuintir sa limistéar an tsaincheadúnais agus féachaint le tairbhe sóisialta a sholáthar dóibh freisin. Ba cheart go mbeadh an tseirbhís faoi úinéireacht agus faoi rialú eagraíocht neamhbhrabúis a bhfuil a ndéantar soláthar ina struchtúr dohainistíocht, bhallraíocht agus oibriú na seirbhise ag baill den phobal go príomha.
Ní mór don iarratasóir a bheith ionadaíoch de, agus freagrach don, phobal a ndéanfaidh an tseirbhís craolacháin fuaime freastal air.
Tarraingítear aird ar na critéir iomchuí a leagtar síos in Alt 64 agus Alt 66 d’Acht 2009 agus ar na dualgais a fhorchuirfear ar iarratasóirí a n-éireoidh leo faoi fhorálacha éagsúla Acht 2009.
Ní mór iarratais (Word) a chomhlánú de réir na formáide mionsonraithe a fhorordaítear sa Treoir maidir le hIarratais ar Chonradh Craolacháin Fuaime Pobail Sainspéise (Pobail na Gaeilge) a sholáthar do Bhaile Átha Cliath (“an Treoir”) atá foilsithe ag an gCoimisiún. Tá an Treoir seo, ina bhfuil faisnéis iomchuí eile leis i leith an nóis imeachta chun iarratas a dhéanamh, ar fáil ar shíomh gréasáin an Choimisiúin (www.cnam.ie) nó ar iarraidh ó oifigí an Choimisiúin.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a cur isteach ná 5 iarnóin ar Dé Luian 9 Meitheamh 2026. Tugadh iarratasóirí dá n-aire go bhforchoimeádann an Coimisiún an ceart gan conradh a bhronnadh.
Seol iarratais chomhlánaithe go dtí:
Oisín Kelly,
Bainisteoir Ceadúnaithe,
Coimisiún na Meán,
1 Áras Shíol Bhroinn,
Bóthar Shíol Bhroinn,
Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.
F: 01 6441200,
R: [email protected]
Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail don Luimnigh Thiar lena n-áirítear Mainistir na Féile, Faing, Ráth Caola, An Caisleán Nua, agus Áth Leathan
Ba cheart go mbeadh na cláir ar an tseirbhís dírithe ar an bpobal, go dtabharfaidís aghaidh ar leasanna mhuintir i limistéar an tsaincheadúnais agus féachaint le tairbhe sóisialta a sholáthar don phobal freisin. Ba cheart go mbeadh an tseirbhís faoi úinéireacht agus faoi rialú eagraíocht neamhbhrabúis a ndéantar soláthar ina struchtúr do bhainistíocht, bhallraíocht agus oibriú na seirbhise ag baill den phobal go príomha.
Ní mór don iarratasóir a bheith ionadaíoch de, agus freagrach don, phobal a ndéanfaidh an tseirbhís craolacháin fuaime freastal air.
Tarraingítear aird ar na critéir iomchuí a leagtar síos in Alt 64 agus Alt 66 d’Acht 2009 agus ar na dualgais a fhorchuirfear ar iarratasóirí a n-éireoidh leo faoi fhorálacha éagsúla Acht 2009.
Ní mór iarratais [Béarla] (Word) a chomhlánú de réir na formáide mionsonraithe a fhorordaítear sa Treoir um Iarratais i gcomhair Conradh Craolacháin Fuaime le Seirbhís Craolacháin Fuaime Pobail a sholáthar do Luimnigh Thiar (“an Treoir”) [Béarla] (PDF) atá foilsithe ag an gCoimisiún. Tá an Treoir seo, ina bhfuil faisnéis iomchuí eile leis i leith an nóis imeachta chun iarratas a dhéanamh, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.cnam.ie) nó ar iarraidh ó oifigí an Choimisiúin.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná 5 i.n. ar an Déardaoin, 15 Aibreán 2026. Tugadh iarratasóirí dá n-aire go bhforchoimeádann an Coimisiún an ceart gan conradh a bhronnadh.
Seol iarratais chomhlánaithe go dtí:
Kerrie Costello
Bainisteoir Ceadúnaithe
Coimisiún na Meán
1 Áras Shíol Bhroinn,
Bóthar Shíol Bhroinn,
Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.
F: 01 6441200,
R: [email protected]
Cuireann an Coimisiún fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge.
Seirbhís Craolacháin Fuaime Pobail do Leamhcán agus an Ceantar Máguaird i gContae Bhaile Átha Cliath
Ba cheart go mbeadh na cláir ar an tseirbhís dírithe ar an bpobal, go dtabharfaidís aghaidh ar leasanna an phobail i limistéar an tsaincheadúnais agus féachaint le tairbhe sóisialta a sholáthar don phobal freisin. Ba cheart go mbeadh an tseirbhís faoi úinéireacht agus faoi rialú eagraíocht neamhbhrabúis a ndéantar soláthar ina struchtúr do bhainistíocht, bhallraíocht agus oibriú na seirbhíse ag baill den phobal go príomha.
Ní mór don iarratasóir a bheith ionadaíoch ar agus freagrach don phobal a ndéanfaidh an tseirbhís craolacháin fuaime freastal air.
Tarraingítear aird ar na critéir iomchuí a leagtar síos in Alt 64 agus Alt 66 d’Acht 2009 agus ar na dualgais a fhorchuirfear ar iarratasóirí a n-éireoidh leo faoi fhorálacha éagsúla Acht 2009.
Ní mór iarratais [Béarla] (Word) a chomhlánú de réir na formáide mionsonraithe a fhorordaítear sa Treoir um Iarratais i gcomhair Conradh Craolacháin Fuaime le Seirbhís Craolacháin Fuaime Pobail a sholáthar do Leamhcán agus an Ceantar Máguaird i gContae Bhaile Átha Cliath [Béarla] (“an Treoir”) (PDF) atá foilsithe ag an gCoimisiún. Tá an Treoir seo, ina bhfuil faisnéis iomchuí eile leis i leith an nóis imeachta chun iarratas a dhéanamh, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.cnam.ie) nó ar iarratas ó oifigí an Choimisiúin.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná 5 i.n. ar an Déardaoin, 14 Bealtaine 2026. Tugadh iarratasóirí dá n-aire go bhforchoimeádann an Coimisiún an ceart gan conradh a bhronnadh.
Seol iarratais chomhlánaithe go dtí:
Kerrie Costello,
Bainisteoir Ceadúnaithe,
Coimisiún na Meán,
1 Áras Shíol Bhroinn, Bóthar Shíol Bhroinn,
Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.
F: 01 6441200,
R: [email protected]
Cuireann an Coimisiún fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge.
Seirbhís Craolacháin Fuaime Pobail do Bhaile Átha Cliath
Ba cheart go mbeadh na cláir ar an tseirbhís dírithe ar an bpobal, go dtabharfaidís aghaidh ar leasanna an phobail i limistéar an tsaincheadúnaisagus féachaint le tairbhe sóisialta a sholáthar don phobal freisin. Ba cheart go mbeadh an tseirbhís faoi úinéireacht agus faoi rialú eagraíocht neamhbhrabúis a ndéantar soláthar ina struchtúr do bhainistíocht, bhallraíocht agus oibriú na seirbhíse ag baill den phobal go príomha.
Ní mór don iarratasóir a bheith ionadaíoch ar agus freagrach don phobal a ndéanfaidh an tseirbhís craolacháin fuaime freastal air.
Tarraingítear aird ar na critéir iomchuí a leagtar síos in Alt 64 agus Alt 66 d’Acht 2009 agus ar na dualgais a fhorchuirfear ar iarratasóirí a n-éireoidh leo faoi fhorálacha éagsúla Acht 2009.
Ní mór iarratais [Béarla] (Word) a chomhlánú de réir na formáide mionsonraithe a fhorordaítear sa Treoir um Iarratais i gcomhair Conradh Craolacháin Fuaime le Seirbhís Craolacháin Fuaime Pobail a sholáthar do Bhaile Átha Cliath (“an Treoir”) [Béarla] (PDF) atá foilsitheag an gCoimisiún. Tá an Treoir seo, ina bhfuilfaisnéis iomchuí eile leis i leith an nóis imeachta chun iarratas a dhéanamh, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.cnam.ie) nó ar iarratas ó oifigí an Choimisiúin.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná 5 i.n. ar an Aoine, 29 Bealtaine 2026. Tugadh iarratasóirí dá n-aire go bhforchoimeádann an Coimisiún an ceart gan conradh a bhronnadh.
Seol iarratais chomhlánaithe go dtí:
Oisín Kelly,
Bainisteoir Ceadúnaithe,
Coimisiún na Meán,
1 Áras Shíol Bhroinn, Bóthar Shíol Bhroinn,
Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.
F: 01 6441200,
R: [email protected]
Cuireann an Coimisiún fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge.