Rialáil na Fógraíochta Polaitiúla in Éirinn

Faoi dhlíthe AE a raibh éifeacht leo ó Dheireadh Fómhair 2025 (“Rialachán maidir le Trédhearcacht & Spriocdhíriú na Fógraíochta Polaitiúla” nó “TTPA”), éilítear anois go mbeidh gach fógrán polaitiúil (i bhfoirm ar bith) trédhearcach agus so-aitheanta trí lipéadú soiléir a úsáid.

Éilítear chomh maith go gcuirfear faisnéis áirithe a bhaineann le fógrán polaitiúil (lena n-áirítear urraitheoir an fhógráin, an toghchán nó an reifreann lena mbaineann sé, an tsuim a íocadh as agus an úsáid a baineadh as aon teicnící spriocdhírithe) ar fáil go poiblí i bhfógra trédhearcachta. Is ionann urraitheoir fógraíochta polaitiúla agus an duine aonair, grúpa nó eagraíocht a iarrann an fógrán féin.

Baineann TTPA le fógraíocht pholaitiúil ar fud gach cineál meán, lena n-áirítear ardáin ar líne, nuachtáin agus cláir fógraí.

Ár ról féin

Tá Coimisiún na Meán ar cheann de na trí údarás inniúla a ainmnítear in Éirinn chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht TTPA.

Tá Coimisiún na Meán ar cheann de na trí údarás inniúla a ainmnítear in Éirinn chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht TTPA.

  • Soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha (i.e. ardáin ar líne agus innill chuardaigh,)
  • Craoltóirí teilifíse agus raidió
  • Soláthraithe seirbhíse meán closamhairc ar éileamh
  • Ardáin comhroinnte físeán

a bhfuil a bpríomhfhoras lonnaithe in Éirinn.

I ndáil le craoltóirí teilifíse agus raidió (chomh maith le cineálacha áirithe soláthraithe ar éileamh), tá cosc ar fhógraíocht atá dírithe ar “chuspóir polaitíochta” faoin Acht Craolacháin 2009.

Údaráis inniúla eile

Is é An Coimisiún Toghcháin an pointe náisiúnta teagmhála le haghaidh TTPA in Éirinn. Is é an t-údarás inniúil é le haghaidh gach soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla eile nach dtagann faoi shainchúram Choimisiún na Meán chomh maith.

Déanann An Coimisiún um Chosaint Sonraí maoirseacht ar rialacha TTPA maidir leis an úsáid a bhaintear as teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin a mbíonn sonraí pearsanta i gceist leo. 

Faisnéis bhreise

leathanach tiomnaithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir le TTPA.

Déan teagmháil linn

Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil linn.