Rialtóir Digiteach: ComReg

Is ionann ComReg agus an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide.

Is comhlacht poiblí neamhspleách iad atá freagrach as earnáil na cumarsáide leictreonaí a rialáil, lena n-áirítear fón agus leathanbhanda.

Tá réimse leathan freagrachtaí orthu maidir le seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí agus feidhmímid faoi Reachtaíocht na hÉireann agus AE. Cosnaíonn siad tomhaltóirí agus soláthraíonn siad comhairle, faisnéis neamhchlaonta agus cothrom.

Déanann siad iarracht a chinntiú go gcaitheann do sholáthraí seirbhíse go cothrom leat trína chinntiú:

  • go bhfuil tú ar an eolas maidir le do chearta tomhaltóirí;
  • go bhfuil bearta i bhfeidhm do thomhaltóirí atá leochaileach agus faoi mhíchumas;
  • go bhfuil próiseas láimhseála gearán so-úsáidte i bhfeidhm;
  • go gcloíonn cleachtais na soláthraithe seirbhíse le dlíthe cosanta tomhaltóirí, ag glacadh le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin, nuair is gá.

Ag dul i dteagmháil le ComReg

Bíonn ComReg ag plé le réimse leathan ceisteanna lena n-áirítear: 

  • Billeáil: Ar gearradh táille ró-ard ort ar sheirbhís, nó ar ghearr dhá sholáthraí seirbhíse táille ort as an tseirbhís chéanna? Nó, ar billeáladh tú as seirbhís nach n-aithníonn tú?
  • Conarthaí: An bhfuil fógra faighte agat go bhfuil do bhille ag ardú? Ar tugadh an praghas mícheart duit ar do chonradh nuair a shínigh tú suas?
  • Deacrachtaí seirbhíse: Ar chaill tú seirbhís nó clúdach gutháin?
  • Aistriú: An raibh moill ann agus tú ag aistriú chuig soláthraí nua? Ar chaill tú d’uimhir fóin agus an deacair duit é a fháil ar ais?

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi chearta tomhaltóirí maidir le billeáil, conarthaí agus aistriú fóin agus leathanbhanda? Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin ComReg www.comreg.ie/ga le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá Uirlisí Tomhaltóirí cabhracha ar a shuíomh gréasáin freisin, lena n-áirítear: 

  • Seiceálaí Infhaighteachta Leathanbhanda
  • Léarscáil Clúdaigh Soghluaiste 
  • Déan comparáid idir pleananna fóin, leathanbhanda agus teilifíse