Conas is féidir liom tuairisciú d’ardáin?
Ní mór bealaí inrochtana soláimhsithe a bheith ag ardáin chun ábhar mídhleathach a thuairisciú.
Agus ábhar mídhleathach á thuairisciú agat, beidh ort an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach ionas go mbeidh dóthain faisnéise ag an ardán chun an tuairisc a phróiseáil:
- Cén fáth a gcreideann tú go bhfuil an t-ábhar mídhleathach
- Suíomh an ábhair, e.g. an URL beacht/na URLanna beachta
- D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist, ach amháin i gcásanna ábhair a bhaineann le hÁbhar Mí-Úsáide Gnéasaí Leanaí (CSAM)
- Ráiteas lena ndeimhnítear go gcreideann tú go hionraic go bhfuil ábhar an fhógra cruinn agus iomlán
Chun ábhar a sháraíonn téarmaí agus coinníollacha an ardáin a thuairisciú, is gnách go mbeidh ort cineál eile tuairisce a chur isteach agus beidh ort a shonrú cad iad na téarmaí agus coinníollacha/caighdeáin phobail a sáraíodh. Uaireanta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ábhar díobhálach mídhleathach ach is féidir é a thuairisciú nuair a sháraíonn sé téarmaí agus coinníollacha an ardáin.
Treoracha maidir le tuairisciú ar líne
D’fhorbraíomar treoracha mionsonraithe céim-ar-chéim faoi chonas ábhar díobhálach agus mídhleathach a thuarisiciú d’ardáin éagsúla. Taispeánann na treoracha seo an turas iomlán faoi conas tuairisciú ar líne. Beidh an suíomh seo uasdátaithe go rialta agus beidh treoracha eile ag teacht.
Ní mór d’ardáin pointe teagmhála aonair a bheith acu atá soláimhsithe agus a ligeann d’úsáideoirí modhanna cumarsáide a roghnú, nach féidir a uathoibriú go hiomlán. Ní mór an pointe teagmhála aonair a chur ar fáil go poiblí, ní mór rochtain éasca a bheith air agus ní mór é a choinneáil cothrom le dáta.
Díospóidí le hardáin
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an ardáin ar líne, mar shampla, maidir le do thuairisc nó cinneadh chun d’ábhar nó do rochtain a shrianadh – féadfaidh tú díospóid a thaisceadh le comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt (ODS). D’fhéadfaí tuairiscí nár réitíodh trí chórais achomhairc inmheánacha an ardáin a chuimsiú le díospóidí.