Maoiniú do litearthacht sna meáin

Tá sainchúram reachtúil ag Coimisiún na Meán maidir le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur chun cinn. Measaimid gur aistear foghlama fad saoil í an litearthacht sna meáin. D’fhéadfadh deiseanna maoinithe a bheith ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh atá i gcomhréir lenár mBeartas um Litearthacht sna Meáin [Béarla] (PDF) agus réimsí tosaíochta eile

Litearthacht sna Meáin le Dul i gCoinne na Bréagaisnéise

Is fadhb í an bhréagaisnéis atá ag dul i méid. In 2026, sheolamar glao ar iarratais maidir le maoiniú le haghaidh tionscnaimh shonracha um litearthacht sna meáin. Cuireadh €200,000 ar fáil ar an iomlán chun maoiniú a dhéanamh ar eagraíochtaí ar féidir leo gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise (NCDS) chun cabhrú le dul i ngleic le héifeachtaí díobhálacha na bréagaisnéise. Is é seo an chéad cheann de dhá ghlao a eiseofar in 2026.

D’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt NCDS an 17 Aibreán 2025 agus leagtar amach sa straitéis gealltanas le heolas a neartú ar straitéisí éifeachtacha chun bréagaisnéis a chomhrac trí threochtaí agus bearnaí a aithint agus trí thacú le taighde comhoibríoch. Aithnítear freisin an gá atá le cur chuige fad saoil a ghlacadh chun gur féidir le gach saoránach litearthacht sna meáin a chothú, agus aithnítear oiliúint, feasacht agus straitéisí leabharlainne agus litearthachta poiblí mar ghníomhartha.

Tá an glao seo ar iarratais maidir le maoiniú dúnta anois.  Léigh faoi chuid dár gcinntí maoinithe a rinneadh le déanaí

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le deiseanna maoinithe do litearthacht sna meáin, téigh chuig ár leathanach maoinithe tionscail do litearthacht sna meáin.