Cé na seirbhísí faoinar féidir liom gearán a dhéanamh?

Faoin dlí nua, ní mór do sheirbhísí lena soláthraítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc féachaint le bheith inrochtana.

D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • Fotheidil, teanga chomharthaíochta, nó tráchtaireacht fuaime
  • Comhéadain a fheidhmíonn le léitheoir scáileáin nó orduithe gutha
  • Roghchláir agus treoracha soiléire simplí
  • Roghanna chun rochtain a fháil ar fhaisnéis i bhformáidí éagsúla (cuir i gcás téacs, fuaim nó físeán)

Is é is cuspóir leis na gnéithe sin ná a chinntiú go mbíonn deis chothrom ag an uile dhuine le rochtain a fháil ar sheirbhísí meán digiteach agus taitneamh a bhaint astu.

Ar na seirbhísí a bheidh infheidhme faoi shainchúram Choimisiún na Meán, tá seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc lena bhféadfaí a áireamh:

  • Comhéadain teilifíse cliste agus bogearraí bosca bairr
  • Eolairí leictreonacha clár (EPGanna)
  • Feidhmchláir ar líne agus mhóibíleacha
  • Ardáin teilifíse agus sruthaithe
  • Comhbhailitheoirí ábhair

Tuilleadh eolais