Eolas do thuismitheoirí

Tá a fhios againn gur mian le tuismitheoirí a leanaí a choinneáil sábháilte ar líne. Tuigimid freisin nach bhfuil a fhios ag tuismitheoirí i gcónaí conas tosú nó cá háit le dul chun cabhair a fháil.

Agus aird á thabhairt air sin, tá sé ina chuidiú fios a bheith agat go bhfuil níos mó rialacha ann anois atá dírithe ar leanaí a chosaint ar líne. Rialaíonn ár gCreat Sábháilteachta ar Líne ardáin ar líne agus seirbhísí eile agus éilíonn sé orthu athruithe a dhéanamh ar a gcuid seirbhísí ionas go gcosnófar leanaí ar líne níos fearr agus gur lú an seans go bhfeicfidh siad ábhar díobhálach nó mídhleathach.  

Féach ar an bhfíseán thíos, ina dtugtar cur síos ar na cearta a thugann ár gCreat Sábháilteachta ar Líne do dhaoine óga.

Achmhainní

Féach ár bpacáiste do thuismitheoirí lena mínítear ról Choimisiún na Meán, agus ár dtreoir maidir le cásanna féideartha chun tuiscint a fháil ar an méid is féidir/nach féidir leat a chur in iúl do Choimisiún na Meán 

Féach ar ár leathanach maidir le Míniú ar an reachtaíocht a shoiléiríonn cad go díreach a dhéanann gach ceann de na rialacha seo do leanaí. Má thagann tú ar ardán ar líne nár chomhlíon a dhualgais faoi na rialacha seo, is féidir leat tuairisc a dhéanamh linn.

Leideanna chun do leanbh a choimead sábháilte ar líne 

Leideanna chun do leanbh a choimead sábháilte ar líne

Tá oibleagáidí agus dualgais ar ardáin faoi na rialacha nua seo agus ní mór dóibh iad a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach ábhar díobhálach agus mídhleathach a thuairisciú chuig na hardáin ar dtús. Chun cuidiú le do leanbh ar líne, d’fhéadfá ábhar díobhálach a thuairisciú thar a cheann nó a ceann, nó d’fhéadfá cuidiú leis nó léi ábhar díobhálach a thuairisciú ar líne.

Mura féidir leat a dhéanamh amach conas tuairisciú nó mura bhfuil tú cinnte conas a oibríonn sé, seiceáil ár dtreoracha cabhracha. Deir an Chreat Sábháilteachta ar Líne go mba ceart go mbeadh sé soaimsithe agus soúsáidte tuairisciú ar líne. I gcás nach amhlaidh atá, ba mhaith linn a chloisteáil faoi ionas gur féidir linn a thuiscint an bhfuil nó nach bhfuil na rialacha á leanúint ag ardáin.

Smaoinigh ar rialúcháin tuismitheoirí

Faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne, má cheadaíonn an tseirbhís úsáideoirí faoi bhun 16 bliana d’aois, ní mór d’ardáin bearta rialúchán tuismitheoirí a sholáthar chun leanaí a chosaint ar ábhar is míchuí ó thaobh aoise a fheiceáil. Ar na samplaí de rialúcháin tuismitheoirí a d’fhéadfaí a áireamh tá teorainneacha ama scáileáin a leagan síos, socruithe príobháideachais agus sonraí a bhainistiú, bainistíocht a dhéanamh ar a bhfeiceann leanaí ar líne agus ar na daoine a nascann siad leo.

Sa Treoir le haghaidh ár gCóid Sábháilteachta ar Líne, deirtear go mba ceart le rialúcháin tuismitheoirí cearta leanaí a chothromú agus príobháideachas a núsáideoirí a urramú. Ba cheart go mbeadh rialúcháin tuismitheoirí soúsáidte agus soaimsithe. Is féidir le rialúcháin tuismitheoirí a bheith cabhrach, ach is í an cumarsáid oscailte le do leanbh faoina eispéiris nó faoina heispéiris ar líne an bealach is fearr chun do leanbh a choimeád sábháilte ar líne.

Mura féidir leat rialúcháin tuismitheoirí a aimsiú ar na hardáin comhroinnte físeán (VSPanna) sin, nó más dóigh leat go bhfuil siad neamhéifeachtach, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh fúthu sin. Mura féidir leat an córas tuairiscithe seo a aimsiú, is féidir leat teangmáil a dhéanamh linn.

Ná ceadaigh rochtain go mbeidh do leanbh sean go leor

Ar feadh roinnt mhaith blianta, bhí leanaí in ann bréag a insint faoina naois chun ardáin a rochtain agus is féidir go bhfaca siad ábhar nach raibh oiriúnach dóibh. Tá sé d’aidhm ag na rialacha nua ar líne dul i ngleic leis sin agus iallach a chur ar ardáin áirithe beartais shoiléire a bheith i bhfeidhm acu maidir le cineálacha iomchuí beart dearbhaithe aoise ionas go gcuideofar le leanaí a chosaint ar ábhar atá díobhálach nó míchuí ó thaobh aoise a fheiceáil.

Mar thuismitheoir, sula ligeann tú do do leanbh cuntas a chruthú ar ardán, bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoi na beartais aoise. Ba cheart do leanaí a bhfíoraois a úsáid i gcónaí ós rud é go gcuidíonn sin lena áirithiú go bhfaighidh siad taithí níos aoisoiriúnaí ar an ardán. Níor cheart leanaí a spreagadh go brách le dul timpeall ar bhearta a cuireadh i bhfeidhm chun iad a chosaint.  

Mura bhfuil tú sásta leis na bearta fíoraithe aoise atá curtha i bhfeidhm ag ardáin éagsúla, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an ardán faoi sin. Mura féidir leat an córas tuairiscithe sin a aimsiú, is féidir leat teangmháil a dhéanamh linn chun muid a chur ar an eolas faoi.  

Labhair le do leanbh  

Cé go bhfuil tábhacht le rialúcháin tuismitheoirí nuair atá do leanbh óg, is tusa an rialúchán tuismitheoirí is fearr dá bhfuil ann i saol do linbh. Coinnigh ort ag labhairt le do leanbh faoina shaol nó faoina saol ar líne, pléigh a eispéiris nó a heispéiris ar líne go rialta leis nó léi, agus spreag é nó í chun teacht agus labhairt leat má fheiceann sé nó sí ábhar díobhálach ar líne. Fiafraigh de nó di an eol dó nó di conas ábhar díobhálach a bhlocáil nó a thuairisciú agus murab eol dó nó di conas sin a dhéanamh, foghlaimígí sin le chéile agus taispeáin sin dó nó di.

Bí i d’eiseamláir mhaith agus spreag é nó í chun machnamh a dhéanamh sula gcreideann sé nó sí rud éigin ar líne agus chun a chuid nó a cuid foinsí a sheiceáil. Tá uirlis iontach chun ábhar cainte a spreagadh ag Webwise agus is bealach spraíúil é sin chun na topaicí sin a thabhairt isteach i do shaol laethúil.  

Cad a dhéanann Coimisiún na Meán chun mo leanbh a chosaint ar líne?

Is é Coimisiún na Meán rialtóir meán na hÉireann agus ar cheann de na róil atá againn ní mór dúinn an Creat Sábháilteachta ar Líne a fhorfheidhmiú. Níl na cumhachtaí againn chun ábhar díobhálach nó mídhleathach a bhaint láithreach den idirlíon ná iallach a chur ar ardáin sin a dhéanamh. Mar sin féin, gach uair a dhéanann an pobal teagmháil linn, cuidítear linn fianaise a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na rialacha sin á leanúint ag ardáin. Bunaithe ar an bhfianaise sin, tá na cumhachtaí againn imscrúdú a sheoladh a bhféadfaí fíneálacha móra a eisiúint chuig na hardáin dá dheasca sin.

Tuilleadh Eolais / Ceisteanna Coitianta

Is rialálaí nua é Coimisiún na Meán sa spás sábháilteachta ar líne seo. Tá go leor eagraíochtaí iontacha eile in Éirinn ag obair go dian chun cumhacht a thabhairt do thuismitheoirí muinín a bheith acu astu féin chun sábháilteacht ar líne agus litearthacht sna meáin a phlé lena leanbh. Féach thíos ceisteanna coitianta a d’fhéadfadh a bheith ag tuismitheoirí agus ár dtreoracha chuig go leor acmhainní úsáideacha atá i bhfeidhm cheana féin.