Tomhas pobail meáin

In Airteagal 24 de GESM dírítear ar chórais tomhais pobail meán d’fhonn trédhearcacht agus iontaofacht a fheabhsú.

Leis an airteagal, ceanglaítear ar sholáthraithe córas dílsithe tomhais pobail meán, go háirithe iad siúd a úsáideann ardáin ar líne, a modheolaíochtaí a dhéanamh trédhearcach do sholáthraithe seirbhíse meán agus d’fhógróirí, tabhairt faoi iniúchtaí bliantúla neamhspleácha agus sonraí tomhais a sholáthar arna iarraidh sin.

Tá na húdaráis rialála náisiúnta, lena n-áirítear Coimisiún na Meán, freagrach as forbairt cód iompair tionscail a spreagadh, lena gcuirtear chun cinn cleachtais tomhais pobail meán trédhearcach agus iontaofa. Is éard atá i gceist leis sin comhoibriú a éascú idir soláthraithe tomhais pobail meán, soláthraithe seirbhíse meán, ardáin agus páirtithe leasmhara eile chun caighdeáin chomónta a bhunú. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán treoirlínte tacaíochta a chur ar fáil agus idirphlé idir na Ballstáit a éascú.

Teagmháil

Le haghaidh aon fhiosrúcháin, seol ríomhphost chuig [email protected].