Seirbhísí Ardáin Ar Líne agus Inneall Cuardaigh

Tá liosta foilsithe ag Coimisiún na Meán (“An Coimisiún”) d’ardáin an-mhór ar líne agus de sheirbhísí inneall cuardaigh ar líne a bhfuil a bpríomh bhunaíocht nó a n-ionadaí dlíthiúil ag a soláthraithe in Éirinn.

Tá na seirbhísí ardán ar líne agus na seirbhísí inneall cuardaigh ar líne atá san áireamh ar an liosta seo agus a soláthraithe faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an “DSA”) agus déanaimid iad a rialáil inár ról mar an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. 

Tá soláthraithe áirithe de na hardáin ar líne agus seirbhísí inneall chuardaigh ar líne seo faoi réir thobhach 2026, de bhun alt 21 den Acht Craolacháin 2009, arna leasú. Is féidir tuilleadh eolais faoi thobhach 2026 a fháil ar ár leathanach Ordú Tobhaigh.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh ardáin ar líne agus seirbhísí innill chuardaigh ar líne eile a bheith ann a thagann faoi chumas An Choimisiún nach bhfuil san áireamh sa liosta thíos, mar shampla seirbhísí níos lú nó níos nuaí. Féadfar seirbhísí breise a chur san áireamh nó a bhaint, de réir mar is iomchuí. Déanfar an liosta a nuashonrú dá réir.

Chun amhras a sheachaint, mura bhfuil seirbhís san áireamh ar an liosta seo, níor cheart a ghlacadh leis nach bhfuil sí faoi réir na n-oibleagáidí atá leagtha amach sa DSA, ná nach dtagann sí faoi shainchúram An Choimisiúin.

Nótaí:

  • Ainmníodh Coimisiún na Meán, ón 17 Feabhra 2024, mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha d’Éirinn chun críocha Airteagal 49 den DSA.
  • Tá Coimisiún na Meán freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú an DSA in Éirinn, lena n-áirítear gach seirbhís idirghabhálaí i.e. innill chuardaigh ar líne, ardáin ar líne, seirbhísí óstála, seirbhísí taiscthe, cainéal sheirbhísí, beag beann ar mhéid. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chatagóiriú seirbhísí idirghabhálaí faoin DSA, tabhair cuairt ar ár leathanach Ardáin ar líne agus ar ár leathanach Seirbhísí Idirghabhálaí eile.

  • De réir Airteagal 3(i) den DSA, ciallaíonn ‘ardán ar líne’ seirbhís óstála a stórálann agus a scaipeann faisnéis ar an bpobal, ar iarratas ó fhaighteoir na seirbhíse, murar gné bheag fho-chabhrach de sheirbhís eile nó feidhmiúlacht bheag den phríomhsheirbhís í an ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna oibiachtúla agus teicniúla, nach féidir í a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach modh é an ghné nó an fheidhmiúlacht a chomhtháthú sa tseirbhís eile chun teacht timpeall ar infheidhmeacht an DSA. 
  • Luaitear in Airteagal 3(j) den DSA go gciallaíonn ‘inneall cuardaigh ar líne’ seirbhís idirghabhála a ligeann d’úsáideoirí fiosrúcháin a chur isteach chun cuardaigh a dhéanamh ar, i bprionsabal, gach suíomh gréasáin, nó gach suíomh gréasáin i dteanga ar leith, ar bhonn fiosrúcháin ar ábhar ar bith i bhfoirm eochairfhocail, iarratas gutha, frása nó ionchur eile, agus a thugann torthaí ar ais in aon fhormáid inar féidir teacht ar fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar a iarradh.
Seirbhísí
Adobe Photoshop Express  
Adobe Photoshop Lightroom 
Adobe Stock 
Adverts.ie 
Airbnb 
Alison 
App Store 
Apple books (ebooks) 
Apple podcasts subscriptions 
Azar 
Badoo 
Behance 
Bing
BLK 
Boards.ie 
Bolt 
Bumble Date 
Bumble Friendzz 
CarGurus 
Carzone.ie 
ChatGPT Search 
Chispa 
Chrome webstore 
Daft.ie 
Deliveroo 
Deviant Art
DePop 
Done Deal 
DuckDuckGo 
ebookers.ie
Etsy Marketplace 
Eventbrite
Eventstream 
Expedia
Facebook 
Flights 
Forums
Fresha 
Github 
Glassdoor Ireland
GoFundme
Google maps 
Google play
Google search 
Google shopping 
Groupme 
Her
Hinge 
Hostelworld 
Hotels 
Hotels.com 
Indeed
Instagram
Irishjobs 
Jobs.ie 
Kaggle 
LinkedIn 
Meta Horizon 
Microsoft store on windows (PC App) 
Microsoft teams (consumer)
Microsoft.com (website store) 
Mobile Legends: Bang Bang 
MyHome.ie 
NPM
OkCupid 
Paddy Power 
PC Games Store 
Pinterest 
Poe 
POF.com 
Pokerstars 
Pond5
Property.ie 
Pub.dev
Quora 
Rent.ie 
RIP.ie
Salams 
Shein 
ShopifyApp 
Shutterstock 
Strava
Temu
Tenor 
The Journal
The League 
Threads 
Ticketmaster 
TikTok 
Tinder 
Tobola 
Tripadvisor 
Tumblr 
Udemy
Upward 
Vacation Rentals 
VRBO 
Whatnot
Whatsapp Channel
X Platform 
Xbox Console Store 
Xbox.com website Store 
Yahoo Search 
YouTube 
Yuzu 
Zoosk