An Scéim um Chlaochlú Digiteach
Cuireann an Scéim um Chlaochlú Digiteach (SCD) maoiniú ar fáil chun tacú le heagraíochtaí meán le nuálaíocht a dhéanamh agus aistriú chuig timpeallacht na faisnéise digiteacha. Bunaíodh an scéim ar mholadh ó Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán.
Is é príomhchuspóir na Scéime tacú le Soláthraithe Ábhar Seirbhíse Poiblí chun bogadh i dtreo samhlacha digiteacha inbhuanaithe. Cinntíonn sé seo inmharthanacht fhadtéarmach d’ábhar seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán, a bheidh neamhspleách, iontaofa, inrochtana agus éagsúil.
Babhtaí reatha agus babhtaí le teacht
Is é Babhta 1 an babhta reatha den Scéim um Chlaochlú Digiteach.
Stádas: Dúnta
| Babhta maoiniúcháin # | Téama/Formáid an Bhabhta | Dáta Oscailte | Dáta Deiridh | Tairiscintí Maoinithe a bhfuiltear ag súil leo |
|---|---|---|---|---|
| 1 | Claochlú Digiteach | 26.09.2025 | 24.10.2025 | Eanáir 2026 |
Conas iarratas a dhéanamh
Foilsítear Treoir d’Iarratasóirí do gach babhta maoiniúchán. Ní mór gach iarratas a chur isteach tríd ár dtairseach.
An nuacht is déanaí
- Breis is €15 mhilliún i maoiniú fógartha le haghaidh earnáil na meán in Éirinn
- Osclaíonn Scéim nua um Chlaochlú Digiteach
Cinntí maoinithe le déanaí
Léigh faoi thorthaí ár mbabhtaí maoiniúcháin is déanaí:
Measúnóirí seachtracha
Léiriú spéise do Mheasúnóirí seachtracha
Tá Coimisiún na Meán ag lorg iarrthóirí a bhfuil an taithí chuí acu, ar bhonn leanúnach, chun gníomhú mar Mheasúnóirí Saineolaithe. Déanfaidh siad measúnú ar iarratais ar dheontais faoin Scéim um Chlaochlú Digiteach, an Scéim Tuairiscithe Nuachta, an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil, agus an Scéim Tuairiscithe Cúirteanna.
Tuilleadh eolais
- Is féidir ceisteanna faoin Scéim a sheoladh chuig [email protected]
- Léigh ár gCeisteanna Coitianta (PDF)