Nuacht & Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála
Tacóidh an Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche le hábhar seirbhíse poiblí i bhformáid chláir closamhairc a chuireann lucht féachana agus éisteachta ar an eolas agus a thugann cumhacht do shochaí dhaonlathach.
Is iad seo a leanas cuspóirí na Scéime:
- Éagsúlacht Iolrachta agus Éagsúlacht Ábhair a Fheabhsú: Deis a thabhairt do theilifís tráchtála neamhspleách a cumas a fheabhsú chun tuilleadh ábhair seirbhíse poiblí atá ar ardchaighdeán a sheachadadh. Is é sin, ábhar a chuireann le tuiscint an phobail ar chúrsaí gnóthaí poiblí agus a fheabhsaíonn réimse na bhfoinsí agus éagsúlacht ábhair seirbhíse poiblí do lucht féachana, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge.
- An Daonlathas a Chosaint agus a Fheabhsú: An deis a thabhairt do theilifís tráchtála neamhspleách acmhainní a dhíriú ar dhul i ngleic le saincheisteanna a bhfuil ríthábhacht leo agus a thacaíonn le daonlathas sláintiúil, lena n-áirítear gnóthaí poiblí agus bréagaisnéis/mífhaisnéis. Cuireann sé tacaíocht ar fáil le méadú ar infhaighteacht ábhair seirbhíse poiblí atá iontaofa agus ar ardchaighdeán a éascú. Is é sin, ábhar a chuireann an lucht féachana agus éisteachta ar an eolas faoi phríomh-shaincheisteanna agus imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar a saol, agus ábhar a fheabhsaíonn an dioscúrsa poiblí.
Babhtaí reatha
| Dáta Oscailte | Dáta Deiridh | Stádas |
|---|---|---|
| 11.11.2025 | 09.12.2025 | Oscailte |
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór gach iarratas a chur isteach tríd ár dtairseach www.cnamonline.ie. Is féidir Treoir d’Iarratasóirí agus Foirm Iarratais a fháil ag an tairseach chomh maith.
Tuilleadh eolais
Is féidir ceisteanna faoin Scéim a sheoladh chuig [email protected]