Tuarascálacha ar na Meáin Seirbhíse Poiblí
Tá roinnt freagrachtaí ar Choimisiún na Meán maidir le measúnú RTÉ agus TG4. Agus an sainchúram seo á chomhlíonadh againn, foilsímid tuarascálacha reachtúla ó am go ham.
Athbhreithniú Cúig Bliana ar Mhaoiniú Poiblí do na Meáin Seirbhíse Poiblí
In 2025, chríochnaigh Coimisiún na Meán a Athbhreithniú Cúig Bliana ar leordhóthanacht an mhaoinithe phoiblí a chuirtear ar fáil do na Meáin Seirbhíse Poiblí in Éirinn de réir a cheanglais reachtúil in Alt 124 den Acht Craolacháin 2009 (arna leasú). Thacaigh anailís neamhspleách a coimisiúnaíodh ó chomhairleoirí Communications Chambers leis an obair sin, rud a chuidigh linn bonn eolais a chur faoinár moltaí féin. Léiríonn na moltaí sin do 2026 agus 2027 ár bhfreagrachtaí reachtúla, ár gcuspóirí straitéiseacha, ár dtaithí rialála, agus an bonn leathan fianaise a bailíodh trí thaighde agus comhairliúchán.
Tacaímid go láidir le RTÉ agus TG4 ina dtiomantas leanúnach luach a chur ar fáil do lucht féachana agus lucht éisteachta na hÉireann agus a ról ar leith i dtírdhreach meán na hÉireann a choinneáil. Ag an am céanna, aithnímid go bhfuil gá le hathrú suntasach sna blianta amach romhainn. Chun nuálaíocht a dhéanamh, oibríocht a nuachóiriú, agus a sainordú seirbhíse poiblí a bhaint amach go hiomlán, teastaíonn maoiniú intuartha, seasmhach, ilbhliantúil ó RTÉ agus TG4 atá ailínithe leis na spriocanna sin, i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán. Tá an leibhéal cinnteachta sin ríthábhachtach do phleanáil fhadtéarmach, do nuálaíocht il-ardáin, agus do sholáthar leanúnach d’ábhar ardchaighdeáin do lucht féachana agus lucht éisteachta ar fud na tíre.
Tuarascáil iomlán
Is féidir an tuarascáil iomlán agus na moltaí, mar aon le hanailís ár gcomhairleora neamhspleách, a léamh ag an nasc thíos.
Treoir le haghaidh Mheáin na Seirbhíse Poiblí maidir le Cóid Cleachtais Cóirthrádála
De bhun Alt 112 (2) den Acht Craolacháin, 2009, ceanglaítear ar Choimisiún na Meán Treoir a ullmhú agus a eisiúint chuig eagraíochtaí Mheáin na Seirbhíse Poiblí RTÉ agus TG4 i ndáil le Cóid Cleachtais Cóirthrádála. Faoin Acht, ceanglaítear ar Choimisiún na Meán Treoir a fhorbairt gach ceithre bliana. Tá sé de chuspóir ag an Treoir go soláthródh Coimisiún na Meán creat chun cúnamh a thabhairt do RTÉ agus TG4 agus a gCóid Cleachtais Cóirthrádála faoi seach á bhforbairt agus á gcur i láthair, agus aird a tharraingt ar phríomhghnéithe ar cheart aird a thabhairt orthu. Leis na Cóid, rialaítear na hidirghníomhaíochtaí idir na MSPanna agus an earnáil léiriúcháin neamhspleách, agus leagtar amach prionsabail na cóirthrádála atá le cur i bhfeidhm le linn cláir a choimisiúnú ó chuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha.
Le hAlt 112 (1) den Acht, ceanglaítear ar RTÉ agus TG4 an Treoir a bhreithniú agus, tar éis déanamh amhlaidh, Cód Cleachtais Cóirthrádála a ullmhú, agus é a chur faoi bhráid an Aire lena fhormheas. Nuair a fhormheasfar é, tiocfaidh an Cód i bhfeidhm, agus ní mór don chraoltóir é a chomhlíonadh.
Le linn ullmhúchán na Treorach, phléigh Coimisiún na Meán le páirtithe leasmhara tionscail trí chomhairliúchán spriocdhírithe.